Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bás (100+)

 
abair
Deir tú leis an gcuain a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhi é sin a rá, lá is gur lig sí chun báis le amhgar í
+
Ní bhfaighidh sé sin aon bhás choíchin. Beidh sé ag dul sna céadéaga mar sin, agus ualaí ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail den tseandúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó rugadh mé, agus dheamhan bás ná bascadh fós air
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh do sheanathair — go ndéana Dia trócaire air! — sna céadéaga. Bhí siad ar hob a leagan amach nuair a tháinig mothú ann in athuair, agus ghlaoigh sé ar do sheanmháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. 'Gheobhaidh mé bás suaimhneach anois,' adeir sé. Thit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
Chuaigh sí sin sna céadéaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta lena bás ag dochtúirí agus ag chuile dhuine. Ach is cosúil nach raibh an t-imeacht uirthi ina dhiaidh sin. 'Sí atá luath láidir inniu théis a clann a bheith tógtha aici
 
daigh
Tá faitíos orm an daigh sin a theagas air, gur ó chancer í. Tá cancer a mhic ó, ar leath do thíre. Níl inseacht ar bith ar a bhfuil ag fáil bháis leis anois, agus ní bhíodh caint ar bith fadó air
+
dáil
Tá sé i ndáil le ag fáil bháis
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuair sé bás fós ach tá sé i ndáil leis
Fuair sé bás i ndáil leis nuair a chuala sé go raibh a fhios agamsa é
 
dall 3
Deir siad gur bhuail sí rud eicínt idir an dá shúil air, agus gur dhall sí é. Bhí sé dall go bhfuair sé bás
 
Tá a bhfuil sa teach damnaithe aige anois ag iarraidh imeacht go Sasana. Diabhal mise muis, go bhfaigheadh sé cead a chinn murach chomh baolach agus atá an áit thall faoi láthair. Nuair a bhí sé suaimhneach, agus gan tada dhá chaitheamh anuas ann, ní raibh luí ar bith aige a dhul ann. Ach anois níl breith bonn báis aige go mbeidh sé imithe. Is beag dhá chuid contráilteachta é mo léan
+
dán
Is iomaí rud atá i ndán don duine ó lá a bheirthe go dtí lá a bháis — is iomaí tónáiste atá in áirid dó ag an saol
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an bás a bhí i ndán ag Dia dhó. Ní raibh a theacht uaidh aige
Níl a fhios ag duine cá'il fód a bháis ach léar (de réir) mar atá sé i ndán ag Dia dhó, agus léar mar a chuirfeas Dia fios air
Níl i ndán báis dhó agus a liachtaí uair agus a chuaigh an ola air
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má éiríonn rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillí féin, ní raibh ann ach go raibh sé i ndán duit. Sin caint ar sraith adéarfainnse. Chonaic mé lao le T. Mh. anseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuraidh. Ón lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin don lao sin, ná go fiú is a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin ansin thuas chois an chlaí ag breathnú air ag fáil bháis. 'Ní raibh aon dán éirí dhó,' adeir sé. 'Séard a bhí le déanamh leat,' adeirimse, 'chúig bhliana príosúin a dhul ort'
 
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
+
daor 2
Daoradh é, agus teilgeadh chun báis é. Maitheadh dhó ina dhiaidh sin é. An seanL. a thug ón gcroich é. 'Sé a bhí deas air!
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon tsásamh aige ann le cupla lá nuair nár daoradh fear Chiarraí. Chaith sé an tseachtain ag guí lena bhás. Thapaíodh sé an t-am a dteagadh an nuaíocht chuile thráthnóna (an páipéar). 'An bhfuil sé daortha fós,' adeireadh sé. Bhí sé dhá bheophianadh ceart nuair nach raibh siad dhá theilgean de ghorta gharta
+
Nach breá nach ndéanfá deabhadh agus gan a bheith ag fáil bháis léithe. Caithfear an t-athpholl a athghróigeadh fós
TUILLEADH (1) ▼
Fuair tú amach an ceann a dhéanfadh deabhadh, ab é an bás bradach sin. Déanfaidh b'fhéidir!
+
Dea-bhás go bhfaighe muid más é toil Dé é!
TUILLEADH (5) ▼
Go dtuga Dia dea-bhás dúinn!
Is cuma do dhuine beirthe é má fhaigheann sé dea-bhás
Nár fhaighe sé an dea-bhás muis, má thugaimse tada dó — ní bhfaighidh sé tada uaimse
Nár fhaighe mé dea-bhás, má dúirt mé ariamh é — níor dhúirt mé ariamh é
Nár fhaighe mé dea-bhás — go maithe Dia dhom é a rá! — má leag mé méirín fhliuch ariamh air
+
deacair 1
Cuirim léan agus deacair air, agus nár fhaighe sé bás choíchin nó go bhfeice sé a theallach fhéin chomh folamh agus atá mo theallachsa
TUILLEADH (1) ▼
Cuirim deacair lena shaol air, an murdaróir a thug bás do m'athair!
+
Tabharfaidh sí an lao siúd atá aici don deachma. Níl aon bhiseach faoi. Tá sé ina ghoróir ansiúd le claí agus má bheireann oíche sheaca air, beidh sé ina spéice ar maidin. Shílfeá go mbeadh smais eicínt air thairis siúd. An-údair uileag a tháinig ón tarbh sin. Ach sin é an tógáil a fuair an díthreabhach bocht. Níor thóg sí aon lao ariamh, ach iad ag imeacht ina mbás ar sliobarna mar siúd
TUILLEADH (1) ▼
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
 
Ba in é an lá deacrach dó, an lá a ndeachaigh sé anonn go Sasana. Ach cén neart a bhíos air? Níl a fhios ag duine cá'il fód a bhás
 
'Calm agus dea-lá do t'anam, a dhaidí,' adeir an t-iascaire nuair a fuair an seandhaidí bás — ba in é guí an iascaire; may there be no moaning of the bar when you put out to sea
 
dealg
Chuaigh sí sin isteach san easpaicil ina bás ar sliobarna, ach nuair a tháinig sí amach bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin. Sin í nach ndeachaigh an áit istigh go dona dhi ar chuma ar bith
 
Tá sé ag déanamh ar an mbás — ag tarraingt ar an mbás
 
Ní chaitheann sé snig bháistí amach sna réigiúin sin ó bhliain go bliain ach nuair a dhéanas sé í, déanann sé go deannachtach í. Chuala mé mac Ph. Sh. a bhí in Australia ag rá go bhfuil áiteacha ansin nár facthas aon deoir bháistí ariamh. Tagann daoine ar an saol agus faigheann siad bás — agus b'fhéidir saol maith féin a fháil — gan aon mhúr báistí a fheiceáil. Is aisteach an chaoi a bhfuil cuid de na tíorthachaí bíodh a fhios agat
 
Rinne siad suas le chéile aríst an t-am a bhfuair an mháthair bás. Go dtí sin, ní raibh siad ag beannú dhá chéile. Shílfeá go bhfuil siad ina dhá chuid déag le chéile anois aríst
+
Bhí déanta lena bhás − bhíothas cinnte go bhfaigheadh sé bás; síleadh nach raibh i ndán éirí dó
TUILLEADH (10) ▼
Peaitch bocht, tá sé ar na preaba deireanacha. Tá déanta lena bhás
Chuala mé go raibh siad déanta lena bhás. Nach diabhlaí sin, agus gan ann ach fear óg. Má tá sé dhá scór, 'sé a chlochneart é. Níl sé lá ná leiceann thairis
Is ait an mac é an saol gan doubt ar bith. Tá siad déanta lena bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arú aréir go deireanach ó chonaic mé ag caitheamh léim fhada ansin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon fhear ansin in ann a dhul fhoisceacht go mbeannaí Dia dhó
Bhí déanta lena bás ag dochtúirí agus ag sagairt agus ag chuile dhuine. Eitinn a bhí uirthi agus chuaigh sí go doras an bháis léithe ceart go leor. Ach an té nach mbíonn an t-imeacht air, dheamhan bás ná bascadh a theagas air. 'Sí atá seanbheo inniu, agus is gearr go mbeidh inín ina méid féin aici, bail ó Dhia agus ó Mhuire orthu beirt
Ní chuirfinn suim ar bith ansin. Má tá i ndán éirí dhó éireoidh sé, dhá mbeadh déanta lena bhás ag dochtúirí na cruinne agus ag feara Fáil. Beannacht Dé dhuit. Cé mhéad duine a chonaic muid cheana a bhí tugtha suas ag dochtúirí, agus 'siad atá luath láidir inniu. Is fearr é Dia ná dochtúr ar bith
Tá déanta lena bhás. Níl aon tsúil go dtabharfaidh sé mórán leis an oíche leis. Tá srannán ann anois a chloisfeá go réidh socair amuigh ag céim na sráide. Chuaigh an ola air inniu
Is minic cheana a bhí déanta lena bás, ach tá sí sin chomh cruachúiseach le glasmhíol Márta. Ní mharódh tada í sin mura bhfaigheadh sí amlua faoi dhrochthuairt sneachta; sin nó reo sa sioc
Is beag an t-ionadh go bhfuil déanta lena bás, más í an tseanbhean seo thuas atá tú a rá. Tá aois mhór aici, agus níor fhan lúb ar bith inti le gairid. Dhá bhfaigheadh chuile dhuine an oiread saoil léithe, ní bheadh aon údar clamhsáin acu
Sin é an chaoi a mbeadh sé sin ag ithe agus ag gearradh ar chuile dhuine dhá mbeadh déanta lena bhás. Ní fhaca mé a chuid seamsánacht ag aon duine i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Ach níl aird ar bith le tabhairt air. Sin é a bhealach. Dheamhan peaca air
Tá déanta lena bhás. Lig de do chuid cumadóireachta anois. Dheamhan tinneas ná tromas air más in é do scéal. Nach bhfaca mé ag stolladh rómhair é sa ngarraí ó dheas den teach inné agus mé ag dul thart
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
Feairín dearóil caillte é. Ach is cuma sin. Bhí sa (saithe) mná timpeall air. Ní miste leofa sin nuair a d'airigh siad an t-airgead aige. Ar an airgead a bhíos cion. Dhá mbeifeá ag doras an bháis, bhfaightheá (gheofá) bean ach airgead a bheith agat
 
Deartháir don chodladh an bás — tá an bás agus an codladh an-chosúil le chéile
 
Titeann déidín le gortú freisin. An bhfeiceann tú mac Th. G. ansin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorraigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas don bhás agus gan súil ar bith lena theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil; dar diagaí, shrian sé as faoi dheireadh. Sílim nach dteagann sé roimhe ná a dhath
+
deilbh 1
Tá sé deilbhthe amach le aghaidh an bháis — duine a bhí go dona, suaite, cloíte agus a raibh déanta lena bhás
TUILLEADH (6) ▼
Chreidim go bhfuil an bhean bhocht deilbhthe amach le aghaidh an bháis. Is maith atá sí ag saothrú an bháis ar aon nós. Diabhal bréag nach maith
Ní fhaca mise leis an tsíoraíocht cheana é, agus go deimhin mura bhfaca féin, tá sé deilbhithe amach faoi chomhair an bháis anois. Tabharfaidh dhá lá dhéag na Nollag rud le déanamh dhó
Bhí mé ag breathnú air os cionn cláir agus séard adúirt mé le Jude gurb é an tinneas a dheilbh amach le haghaidh an bháis é — bhí sé snoite suaite
Tá sé deilbhthe amach anois le haghaidh an bháis ceart. Is furasta a aithinte air é. Nár ba buil le Dia go mbeadh liostachas chomh fada orm leis ar chaoi ar bith
Níl chuile lá dhá bhfuil sé a chaitheamh anois ach dhá dheilbh amach le aghaidh an bháis. Tá sé fánach aige a theacht as. Is beag an baol air a mh'anam. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh
Dia dhá réiteach nach é atá cloíte caite. Dheilbh an tinneas sin amach le aghaidh an bháis go maith é. Nach teann a bhíos duine ina dhiaidh sin. Ní bhfaightheá fear chomh hurrúnta leis sin dhá gcuirtheá slat ar pharóiste tá dhá bhliain ó shin. Agus féacha inniu é agus gan ann ach na cheithre eite
 
Go sábhála Dia sinn nach uirthi atá an deimheas. Sin í a bhfuil bás na caillí agus pósadh na mná óige aici ar chaoi ar bith
 
Is beag duine a bhí sa ruta seo ariamh ba déircí ná N. Th. Aimsir an drochshaoil adeir siad, nuair a bhí na daoine ag fáil bháis as éadan le ocras agus amhgar, ba é sin a choinnigh an cheathrú seo beo. D'fhaigheadh chomh maith le deich nduine fhichead beatha ann chuile lá
+
Sin é deireadh an fhear poitín: bás ar an sliabh i bhfad uainn an anachain agus an urchóid
TUILLEADH (3) ▼
Deireadh an tseanduine i gcónaí é a chailleadh. An bhfaca tú aon seanduine ariamh dhá mhéad aois dhá mbeadh aige, nach bhfaigheadh sé bás sa deireadh!
Diabhal mé gur gearr an bás uaitse, má tá an oiread sin fuaicht ort oíche chomh breá léithe. Tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos
Ní theagadh iamh air le mo chuimhne ach ag caint ar an mbás, agus chreidim an rud a bhíos dhá shíorlua go dteagann sé isteach sa deireadh. Tá sé féin imithe anois, an duine bocht!
+
Tá chúig bhliana fós uirthi sin shula bheas sí ina máistreás. Is fada an fanacht é, ach dhá mbeadh sí amuigh, choinneodh sí deoladh leis. Is fhearr go deireanach ná go brách, ach deir siad freisin go bhfaigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon tsúil acu leis, agus níl aon tsúil le bheith leis ach oiread. Tá sé deireanach déarfainn. Tá scéin an bháis idir a dhá shúil
Tá sé deireanach. Sin é biseach an bháis atá air anois. Gheobhaidh sé rud le déanamh agus an tseachtain a shárú
+
deo
Go deo agus go brách nó go bhfeice tú é sin ag suí síos ag seanchas le M. Sh. Gh. ar cheann an sconsa lá breá earraigh, ná habair go bhfuil aon bhás air! — fear santach ag obair
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an-aois go deo ag an athair nuair a fuair sé bás
 
deoch 1
Ní thabharfadh sé deoch den uisce dhuit dhá mbeifeá ag fáil bháis leis an tart. Tá sé an-daoithiúil
 
deoir
Fuair sé bás. Dheamhan deoir a d'fhan sa duine bocht
+
Siúd é an áit dheiridh a mhic ó — an t-easpaicil. Ní bhfaighidh an fear is folláine ar bith ann ach an deoladh céanna a gheobhas an té a bheadh ag saothrú báis
TUILLEADH (1) ▼
'Bíodh an cat mara ag an dochtúr,' adeir sé. 'Is fhearr a fhios agamsa céard a bhaineas dom féin, ná ag dochtúr ar bith. Ar son Dé tabhair dhom deoladh — dá mba é lón mo bháis é'
+
Ab é an deoraí sin a bheadh ag dul ag pósadh! Ara céard sin ort. Nach bhfuil sé ag fáil bháis le truailleachas. Leabharsa má fhaigheann sé siúd bean, gheobhaidh chuile dhuine í
TUILLEADH (1) ▼
Níor tháinig aon bhiseach ariamh air, ach ina dheoraí dhona mar sin. Cén bhrí ach dá mbeadh aon dreach air. Ach mo léan níl, ach ina bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhadh sé ina dhiaidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus sa mbealach ar chuile dhuine
+
dia 1
Dheamhan bás fós air, agus ná habraíodh aon duine go bhfuil. Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan is móide bás ná bascadh a d'éirigh dhó. Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige
Dia agus Muire linn anocht agus amárach! Nach bocht an bás a fuair sé
Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia! Fuair sé bás gan ola gan aithrí
 
dia 2
Ó chaith sé an Luan, bheadh meas maith agam air. Shíl mé go raibh sé ag saothrú báis chuile mhionóid an lá sin
+
diaidh
Níl in Peadar ach na cheithre eite anois. Tá sé tugtha anuas go mór ó chonaic mise go deireanach é. Ach is mór an t-ionadh go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith agus chomh gar don bhás agus a bhí sé. Shíl mé nach srianfadh sé thríd go brách
TUILLEADH (6) ▼
Sásaigh thú féin go maith anois agus ná bí in aiféala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon scaoileadh i ndán duit mura scaoile an bás thú, go sábhála Dia sinn. Mar sin, breathnaigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubhléim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág i do dhiaidh í. Sin é a bhfuil ina thimpeall
Beidh feamainn ann i ndiaidh a bháis. Shílfeá nach mbeadh sé chomh santach sin ag an saol
Diabhal bacadh a dhéanfas mise air, ná cuid dhe bhacadh: oibríodh sé leis. Beidh talamh ann i ndiaidh a (ár) mbáis. Fágfaidh muid inár ndiaidh uilig é, fágfaidh sin
Chuaigh sé i ndiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar den diabhal aige! Ní raibh sé gafach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí inti a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shula bheas sí réidh leis
Ní bhreathnódh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh i ndiaidh a leicinn i ngan fhios.
Bhí sé i gciúinchomhrá liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon fhear go hiomaí ba spleodraí ná é. Maidir le scéalta, bhí siad aige: bás na caillí, pósadh na mná óige, cogadh, aontaí agus eile. Ach hé brí cén dearcadh a thug sé i ndiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ón oíche fadó ar ionsaigh sé é ag teacht aniar ón R.
+
'Sé an díleá sin, mar a d'inis mé dhuit, a chuir de dhroim tí é. Bhí sé fánach aige aon chúis a dhéanamh. B'éigean dó an teach agus an talamh a dhíol agus a dhul síos go G. Bhí sórt sipín beag ansin aige ar feadh scaithimh, ach níor éirigh sin leis ach an oiread. Tháinig an sirriam air agus thóg más beag mór a bhí aige ann in ómós fiacha. Fuair sé bás sa bpoorhouse faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sruth is gaoth leo an fhad is a bhíodar thuas, ach ón lá ar athraigh siad síos chuaigh an saol ina n-aghaidh. Tháinig díleá ar a raibh ag gabháil leo. Go fiú is an síol féin a chuiridís, ní bhíodh sé ag éirí leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orthu in éindí — ní dhá roinnt leo é. Fuair triúr mac breá bás i mbéal a chéile orthu. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatarthu ach an bhliain. An fear acu atá sa gcomhaireamh ceann inniu, is beag fear tí ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaigh an imirce do na créatúir bhochta sin
 
dioc
Is gearr an bás uaidh anois, ó tháinig an dioc sin air. Ní fheicfidh tú sa gcomhaireamh ceann bliain ó inniu é. Dheamhan é muis.
+
Is cuma dhó céard a dhéanfas sé. Is gearr an bás uaidh. Tá sé ag imeacht ina ghiocachín leis an bhfuacht
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr isteach sa mbliain nua — dheamhan a fhios agam nach gearr isteach sa ngealach nua — a thiocfas an ghiocachín sin. An bhfeiceann tú an chruit atá ag teacht uirthi, agus tá snua an bháis ina ceannaghaidh
D'fheicfeá ag imeacht ina dhiocach suas sna póirsí siúd é corruair agus pluideog dhearg air, agus é gorm leis an bhfuacht. Ba dona an mhalrait ag an duine bocht sin é. Dhá bhfanadh sé san áit a raibh sé, bhí aige, seachas a dhul síos ar na leaca fuara sin ag scríobadh leis an nganntan go bhfaighe sé bás
Tá giocachín asail aige, agus is gearr an bás uaidh. Tá sé dhá chailleadh le truailleachas. Tabharfaidh seachtain eile a dhíol le déanamh dhó. Sin é an uair a bheas sé i dteannta ceart, nuair nach mbeidh tada aige le móin, aoileach ná feamainn a tharraingt
 
Bhí a fhios agam go raibh an bás air an lá a bhfaca mé ag dul soir tharam anseo é, gafa gléasta giogáilte suas. Dheamhan amach thar an doras a chuir sé a chois leis an tsíoraíocht roimhe sin. 'Tá luadar eicínt fút a bhuachaill,' adeirimse. D'ól sé an-fheadhnach fuisce an lá sin. An chéad rud eile a chuala mé féin go raibh sé ar na maidí. Rámhailltí an bháis a thug amach an lá sin é. Dheamhan a athrú!
 
'Sé a raibh sé ina dhíogarnach lae ar éigean nuair a shéalaigh sé. Sin é an tráth ag an mbás i gcónaí — scarúint oíche agus lae. Teagann goimh fhuaicht ann taca an trátha sin agus scuabann sé leis an rud dona, más duine nó beithíoch é
+
díol 2
Níl aon díol in Éirinn nár thug an dochtúr ar a fear faoi nár chuir sé fios ní ba túisce air. 'Má fhaigheann sí bás anois,' adeir sé, 'bíodh a bás ortsa. Diúltaímse í ar fad.' Murach go ndeachaigh sé go bog agus go crua air, ní chuirfeadh sé láimh ar bith inti
TUILLEADH (1) ▼
Is drochbhodach é an sagart sin. Ní tada eile é. Téann sé i ngeallta críochnaithe le cruóig ola. Chuaigh mé siar aige an oíche a bhfuair B. — go ndéana Dia trócaire uirthi — bás. Bhí sé an-óg san oíche. Ba ar a chruachúis dó a bheith an naoi a chlog. Níl aon díol in Éirinn nár thug sé orm faoi nár tháinig mé níos túisce. 'Ní raibh aon ghair agam air,' adeirimse. 'A dhath féin ní raibh uirthi tráthnóna. Tinneas tobann é.' Ach níor chlaon sé ina dhiaidh sin
 
Bhí sé féin díoltasach. Dar mo choinsias is fada a shiúlfá shula d'fheicfeá a leathcheann eile ar dhonacht agus ar aicis. Agus breathnaigh ar an rud a d'éirigh dhó féin as deireadh na cúise. Nár ba lúide an trócaire ar Dhia, fuair sé bás gan ola gan aithrí
 
Cé mhéad adeir tú a chuaigh an díolúnach beag de lao údan? Trí phunt! Chuaigh sé dhá phunt thar an gceart ar aon chor. Is gearr an bás uaidh siúd. Dheamhan Oíche Nollag a fheicfeas sé beo choíchin