Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cóir (88)

+
'Sé Baile an Daighin é má cheannaíonn sé clog eile. Nach bhfuil an teach aige treanach ar tigh F. cheana le cloig. Ach ní feasach dó, ach an oiread le duine, cén chóir chaite a chuirfeas sé ar a chuid airgid
TUILLEADH (1) ▼
'Sé Baile an Daighin é más féidir leis éirí i mullach na ndaoine ar an gcóir sin. Bhfaighidh (gheobhaidh) sé maide dhá mheá féin fós, nó is mór atá mise ag dul amú. Ach bíodh a lear air féin. An té a dhéanas an t-olc, is maith an oidhe air a bhfaighidh sé féin dhe
 
dáil
B'fhearr dhuit a theacht soir i ndáil linn. Bhfaighidh(?) (gheobhaidh) tú chuile chóir uainn
+
Tá tusa ag ceapadh go gcaithfear an dream seo amach go gairid. Bíodh ciall agat a dhuine chroí. 'Sé an chóir a bhfuil an government seo ag daighniú. Tá siad ag ligean an oiread airgid amach ar an tír agus go bhfuil gach duine ag maíochtáil leofa
TUILLEADH (1) ▼
An gceapann tusa dá ndéantaí rud den tsórt sin nach é an chóir a ndaighneodh sé iad i leaba a lagachan. 'Sé deile
 
dairt
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Téadh sé dhá gcaitheamh lena chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
+
"Is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis" (seanfhocal) — "bíonn daoine gnaíúil faoi stiall de chraiceann duine eile"; bíonn daoine an-fhlaithiúil nuair nach mbíonn aon cheo dhá gcaillteamas féin leis; is furasta do dhuine córtas gan chaillteamas a bheith ann
TUILLEADH (4) ▼
Bheadh sé flaithiúil faoin bhfuisce ansin, ach nuair a bhí bainis aige féin is beag a fuair aon bhrabach air. Tháinig siad abhaile as ag an haon déag san oíche, agus gan siúl an bhealaigh iontu le ocras agus tart. Ar chuala tú ariamh é: "Is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis"
Is breá gnaíúil a roinn sé amach an leathghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodh sé féin é, ní bheadh sé leath chomh maith faoi. Dúradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
Is cat bradach a gheobhas aon bhrabach air sin. Má ghníonn sé an ghnaíúlacht féin nuair a bhíos bainis aige, sé oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil ina dhiaidh é. Ach is maith súite uaidh a ól i dteach eicínt eile, agus má fhágann an ghloine a láimh chor ar bith, beidh an teach cáinte ar an toirt aige. Ach deir siad gur cóir é Dáithí tigh Fhéilim ach nach mbíonn maith ar bith ina theach féin leis.
Bhí S. sin thiar ann agus an oiread sclaibéireacht agus gardaí aige agus go mba mhór an tseanmóir é. Caitheadh amuigh sa scioból ar meisce é faoi dheireadh. Sin é aríst é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
 
Nach lena aghaidh sin atá sí ann. Cén mhaith di a bheith ina bean leanna mura bhfuil sí in ann an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneáil ar strapa go gcaithe tú an chianóig dheiridh. Bóthar agus bata a thabhairt duit ansin. Is cóir adúirt an té adúirt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtabharfaidís dom lóistín na hoíche"
 
Bhí bean as C. ansin thoir sa gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirthi: 'Go deimhin a dhuine chóir,' adeir sí, 'tá sé sin chomh glan orm leis an sagart. Ní dheachaigh a shlat ní ba ghaire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort.' Spréach an giúistís. Fhóbair gurb ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chiontaigh léithe
 
Is aige atá a údar a bheith ina dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos ina shuí le giolcadh an éin chuile mhaidin. Ach murach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh ómós aige duitse, bheadh sé imithe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé ina shrainn ag an hocht chuile oíche. Tá sé chomh folláin leis an ngiorria. Is cóir adúirt an fear fadó: Téirigh a chodladh leis an uan agus éirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirim; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-athchodladh
 
Go ndamnaí an tubaiste a clab troisc. Nach gann a chuaigh an saol uirthi, más in é anois a raibh le n-inseacht aici! Ach is cóir adeir siad, an muileann a bhíos ag síormheilt go meileann sé mín agus garbh
 
danra
Nach danagra an mhaise dhó é anois agus gur bhac sé mé anuraidh faoi rud an bhóthair a thógáil taobh amuigh den pháirc sin thoir aige. Theastaigh sé uaim le aghaidh múirín. Níor chóir domsa (dú-sa) stopadh dhó — ní raibh aon bhaint aige dhó ach an oiread liomsa — ach leisce na sáraíochta mar sin féin, stopas
+
daol
Ina daolannaí a bhíos pian an chancer sin ar dhuine. Tagann sí de phlimp agus faigheann duine fuarú uaithi ar an gcóir chéanna. Bíonn sí an-ghártha den tsaol. Chonaic mé B. Ph. léithe — go ndéana Dia grásta air. Bhí mé féin agus é féin i gciúinchomhrá thiar ar an teallach mar atá mise agus thusa anois bail ó Dhia ort. Dheamhan aithne ceo a bhí air. De ghorta gharta, tháinig an daol air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an screadach léithe. Bhain sí tuairim is dhá uair an chloig as, agus chlaochmaigh sí ansin aríst. Ach ó théas an rud sin (cancer) in ainseal ar dhuine, is gearr an mhoill a fhaigheas sé ón bpian. Tagann na daolanna air chuile phointe
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhíonn air ach an daol sin ach ní beag dhó a dhonacht. Ní fhágann sí láthar ar bith ann go ceann seachtaine aríst. Is deacair leis a theacht ar a chóir féin uaithi chor ar bith
Murach go bhfuair sé daol ó rud eicínt, ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon duine in Éirinn is fusa a shaighdeadh ná é ar ndóigh
 
daor 1
Ba daor an dá fhocal cainte air iad. Múinfidh sin é greim a choinneáil ar a theanga aríst. Is cóir adeir siad, gur ar adharca a bheirtear ar na ba agus ar theanga ar na daoine
 
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
+
déan 1
Rinne sé soir le cóir é (bádóir ar an bhfarraige)
TUILLEADH (1) ▼
Tá ceann na céibhe casta aici. Is gearr anois go mbeidh seol déanta aici. Más ea féin, tá cóir siar acu
 
deas 1
Is deas an chóir atá air anois: gan fata ná meacan de bhláth bliana aige
 
Cuirtear deasú orthu chuile bhliain: na tithe a mbíonn na caghnaí agus na ceathrúnaí orthu. Ní foláir a ndeasú amach faoi Shamhain i gcóir an gheimhridh
 
Duine as an deascán a bhfuil sé mór leis, ach an té a bhfuil, dhéanfadh sé soilíos ar bith faoin ngréin ghil dhó. Ach ar an gcóir céanna an té nach dtaitníonn leis, is beag a chuntanós a bheas aige leis. D'ionsódh sé é ar iontú an tsoip
+
Cén áit ar bhain tú an deilín aisti. Ansin! Ar iontaigh tú uilig uirthi. Is olc an áit. Níl a fhios agam nár chóir duit a dhul ag dochtúr agus a 'speáint dó. Is fánach mar d'fhanfadh bacaíl ort le do ló uaithi sin
TUILLEADH (1) ▼
Is bocht an rud deilín, agus bíodh a fhios agat go bhfanfadh éalang ort go deo dhá bharr. Breathnaigh ar Mh. T. Mh. ansin thiar. Sin é an chéad tsiocair a bhí aige. Bhain sé deilín eile aisti sula raibh an chéad cheann chuige fhéin, agus d'fhága an péire é ar an gcóir a bhfuil sé
+
Go deimhin ba chóra dhó ciall a bheith aige agus gan a bheith ag imeacht ar an gcaoi sin!
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin duit ba chóra dhó sméaróid chéille eicínt a bheith aige feasta choíchin
+
deis
Níl a fhios aige cén deis ar chóir don láí a bheith (deiseal nó tuaifeal). Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin!
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhaltaí an báireoir é, agus an chóir a dteagann an liathróid chuige, caitheann sé an poc a bhualadh in aghaidh deise chuile uair. Tá trí chúl amuigh aige anois dhá bualadh in aghaidh deise. Dhá bhfaigheadh sé ar a dheis í, níl a fhios cén gníomh atá ann. Dhéanfadh sé cat agus dhá rioball. 'Sé atá deas air!
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. 'Seo anois a bhean chóir,' adeir sé. 'Íoc do chuid dliteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteaga sé ar do dheis go maith. Níl dlús ar bith agamsa le airgead.' Caraid a dhéanfadh é, nach ea
 
deois
An bhfeiceann tú an deois atá ar an mbithiúnach. Ní bheidh a dhath ariamh dhár dúradh anois nach mbeidh craobhscaoilte gan mórán achair. Ní cóir tada a rá os a choinne sin ar chaoi ar bith
 
Dá bhfaigheadh an deolcachán siúd rud le n-ithe agus cóir mar is ceart a chur air, dhéanfadh sé fathach bail ó Dhia air. Ach ní dhéanfaidh sé dadaí mar atá sé
+
dia 1
Ba é cóir Dé é (leathchóir Dé srl. fc. cóir)
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an náire dhóibh a bheith ag saighdeadh faoin díthriúch (díthreabhach) bocht sin — duine le Dia mar é. Dar leat féin, ba chóir dóibh dóigh mhagaidh eicínt thairis a fháil
 
dia 2
Ba chóir dhúinn a dhul ar meath inniu. Mura raibh aon mharú orthu (iasc) i gcaitheamh na seachtaine, beidh an lá inniu thar cionn. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine
 
Is diachta (iontach) nár thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó chuaigh sí i gcleithiúnas a dhul ag déanamh flaisc chomh mór sin. M'anam go mba chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithi théis a cuid a ithe agus a ól
 
diaidh
Is cóir, adeir siad, gur i ndiaidh an tsolamair a bhíos an grá. Phós sé an ágóidín sin le saint ina cuid airgid. Is mór an feall ina dhiaidh sin féin a mhacasamhail d'fhear bhreá a chur amú léithe
 
Bhí teir ar na goirt sin ariamh. Ní raibh gair ag bó na gamhain a dtaithiú nach raibh an t-imeacht orthu. Bíonn goirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige nó tiocfaidh an díleá ar a chuid. Is ar a chruachúis do dhuine ar bith a mbeidh goirt den tsórt sin aige gan rud a chur iontu uair eicínt. Is mór an ní a bhfeiceáil ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thabharfaidís aird ar bith ar na seanchainteannaí sin. Bíonn an oiread sainte iontu chuig an saol agus gur cuma leofa teir ná teir. S. L. a bhí ansin thoir, nuair a cheannaigh sé an talamh thuas ó P. N., dúirt daoine leis nach n-éireodh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngeadán ab fhearr ag gabháil leis, agus nach raibh aon lá ariamh nach raibh an díleá ar bheithígh Ph. N. ann. 'Más teir nó teir anois é,' adeir S. L., 'rachaidh gach beithíoch ag gabháil liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sibh a bheith adhartha go ligfinn an preabán is fhearr ar an talamh i bhásta i ngeall ar sheanchainteanna seafóideacha.' Chuir sé na beithígh isteach ann ach dheamhan díleá a tháinig orthu. D'imíodh ceann anois agus aríst, ach d'imeoidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithíoch seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann nuair a bheadh taobh na bpoll os a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaití gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-éiríodh tada leis
 
Ar chuala tú ariamh faoin gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá diogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirthi a bhíos uirthi tráthnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luaith bhuí na seachtaine a chur den teallach ná bacadh lena cuid cóirí catha agus coatyarms(coat of arms). Dhá fheabhas dá saothraíonn sí é, tá sé ag cinnt uirthi aon fhear a fháil ina dhiaidh sin
 
B'ait an fear oibre é sin. Is beag a chuala ag díogarnaíl ná ag éagaoineadh é nó go bhfuair sé a ábhar. Ach tá a ábhar aige anois, an duine bocht, agus go maith. Ó bhain sé an stangadh sin as a dhroim, níl sé ar a chóir féin. Bíonn sé ag teacht roimhe i gcónaí
 
Nach seafóideach an duinín thú. Is agat atá an ghnaithe ag margadh, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Nuair adúirt seisean gurb iad an díogha iad, chreid tusa é, is cosúil. Deile céard adéarfadh sé. Nach ag iarraidh a gcur anuas ar an bpínn is saoire a bhí seisean ó bhí sé dhá gceannacht. Séard a bhí agatsa a dhéanamh an uair sin tosaí dhá dtaibhsiú. Breá nár dhúirt tú nár dhíogha ar bith iad ach an scoth. Lig tú uait ar leath a luacha iad ar chóir ar bith!
 
díol 1
Díol leat í má thograíonn tú. Is córa dhuit thú féin a shásamh ná duine ar bith eile
 
Bhí an chóir díreach ar an aighre (fc. aighre)
 
díth
Diabhal an fearr dóibh ceird dhá bhfuil orthu, ná a bheith ag baint scaitheamh siamsa amach fhad is atá an óige acu. Caithfidh an óige a cóir féin a fháil agus deir siad gur deacair óige agus díth céille a scaradh ó chéile. Diabhal mé go raibh muid féin sách aerach lá den tsaol
 
Go dtuga Dia ciall duit! Bheadh gnaithe mhór aige siúd do bhean. Díthreabhach bocht a bhfuil a chois ar bhruach na huaighe aige mar atá sé. Ba chóra dhó go mór a phaidrín a bheith aige agus é a bheith ag déanamh a anama, ná ag caint ar phósadh
 
dlí
"I ngan fhios den dlí is cóir a bheith ann"
+
dligh
Téadh sé i gcurach Sheáin Uí Fhínneadha (eascaine logánta)! Muran bog a fhaigheas sé na daoine más fíor dó féin. Gheobhaidh sé lá oibre uainne nuair a dhlífeas sé lá oibre dhúinn, rud nach ndlíonn. Dá ngéilltí dá chuid bladair sin bheadh duine imithe ag obair aige chuile lá sa mbliain. Dar príosta muise, níl sé fhéin chomh cóir sin faoin rud a bhíos aige. Cat bradach a gheobhadh brabach air
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad pínn ar bith airgid dhá bhfuil dlite ag S. M. — go ndéana Dia grásta air — go bhfuil dlíodóirí dhá éileamh anois, agus ar an gcóir chéanna, pínn ar bith dhá bhfuil dlite ag aon duine air, go bhfuil siad ag iarraidh fairnéis faoi roimh a leithide seo de lá. Dheamhan a fhios agam féin nach é Lá Fhéile Peadar is Pól é. Tá an áit le cantáil uileag más fíor. Is dochreidte an scéal nach bhfanfadh na hiníonachaí ann, ach tá sé ráite nach bhfuil aon luí acu leis, théis (tar éis) gur áit bhreá é
+
Ní bheadh sé cóir ná dlisteanach aige a dhul ag pósadh na mná sin théis an cailín beag eile a chur amú leis an fhad seo blianta. Nach bhfuil a fhios ag feara Fáil nach bhféadfadh ádh ná amhantar a bheith ar an bhfear sin. Cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat …
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé cóir ná dlisteanach ag duine má bhíonn sé ag imirt chártaí, aon mhailís a dhéanamh. Más leat a dhul ag cearrbhachas, bí cneasta. Sin í mo chomhairlese dhuit
Dhá mbeadh an rud sin cóir ná dlisteanach, is beag beag an baol go mbeifí dhá chur i dteannta mar sin faoi. Tá sé i ndroch-arán anois deirimse leat, ach mura raibh aon láimh aige ann is furasta dhó é féin a shaoradh. Ní chreidimse go gcrochtar aon duine san éagóir
 
do 1
I gcead duitse a dhuine chóir, ní raibh na gasúir s'againne amuigh chor ar bith aréir, agus ní fhéadfaidh tú a rá gurb iad a leag do chuid claíochaí
 
dochar
Is beag an dochar di náire a bheith uirthi ag imeacht ina rúisc chomh míchuibhiúil ar bhóithrí ansin síos. Ba chóra di go mór luaith bhuí na seachtaine a chur amach sa mbaile
 
Ní dócúlaí dhuit ná dhom féin. Nach bhfuil sé chomh córa dhomsa a bheith ag fuasaoid an bhealaigh leatsa
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mura mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agat dó, agus a shíneadh chuige ar an bpointe boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana an áit a raibh sé ag cinniúint dubh is dubh air a láimh a chur ina phóca ag an mbrú. Thug S. Sh. Sh. a dhúshlán. 'Is córa dhuit go mór a gcoinneáil dó,' adeir sé, 'agus gan muid a bheith anseo mar a bheadh matcheannaí i mboiscín'
 
dóirt
Tá sí ag dóirteadh le fána anois is sa ngaoith. Ní mór dóibh a bheith airdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bheas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóichíde rud dó, ná a theacht ina lagar as deireadh an lae
 
dol 1
Má ghníonn sé dolaí, íocfaidh sé ann. Ní cóir a ligint leis. Rófhada atá na daoine ag éisteacht leis
 
domhain 1
Céard a bhíos sé a dhéanamh ag ruatharúch mar sin ar dhomhain na hoíche. Shílfeá go mba chóra dhó a bheith ina chodladh
 
I nDomhnach féin, ba chóra dhuit ciall a bheith agat agus gan a bheith ag spochadh leis an ainle bhradach sin. Níl a fhios agam cé agaibh is measa: thusa nó an páiste
 
don
Mo dhon is mo dhóirne ort nach ligeann dom. Ar ndóigh ní comórtas duit mise le bheith ag séideadh fúm an tráth seo de mo shaol. Téirigh ag plé le do mhatch féin agus fág mise le m'anó féin. 'Sé is córa dhuit a dhéanamh, sé sin.
 
donas 1
Ní raibh sé ach cheithre lá pósta nuair a cailleadh a mháthair, agus b'éigean dó a theacht abhaile aríst. Is cóir adeir siad, nach raibh an sonas ariamh gan an donas a bheith ina orlaí thríd. Is amhlaidh a bhí sé ariamh sa saol
 
dos
Sin é an chóir a mbíonn sé sin ó mhaidin go faoithin ina dhos mór mar sin. Ná tabhair aird ar bith air. Fág ag caint leis fhéin é
 
Glac comhairle ó dhuine dhoscúch a mhic ó, agus téirigh agus pós í. Tuigimse go maith do chúrsaí. Níl tú luiteanach leis an mbean. Bhí mise ar an gcóir chéanna. D'iarr m'athair — go ndéana Dia grásta air! — mé a chur isteach ansin thiar tigh Sh. Ch. Spréach mé go ndéanfaí a shamhailt liom. Bhí láimh agus focal idir mé féin agus bean eile. Leathbhliain ón lá sin, bhí an bhean sin pósta agus mise gan Murchadh gan Mánas. Seachain thusa a n-éireodh an rud céanna dhuit. Ar chuala tú ariamh é. "Bíonn cuid de na mná agus an grá acu ar bharrú (barra) a méar; Tá a n-intinn agus a n-aigne le fáil ag fearaibh an tsaoil." Ná himrídís ortsa chomh maith le duine
 
drad
Ba chóra dhó an méid sin a choinneáil taobh thiar dhá dhrad, agus gan a bheith ag imeacht dhá chraobhscaoileadh ar fud na tíre
 
Tá draíocht eicínt ag an mbithiúnach sin. Nach cóir nach bhfeiceann duine ar bith ag imeacht ná ag teacht é. Is fadó an lá adúirt mé go raibh sé sna daoine maithe
 
Bíonn drandal an gháire ar an ógánach sin i gcónaí. Ba chóra dhó go mór muise, a dhul ag magadh faoin athair. Dheamhan údar gáire sa tír go dtí é, agus a mhuisteaisín bheag scáinte mar a bheadh ribiúchaí luchan ann, agus béilín mar a bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaigheas sé amadán le n-éisteacht leis ag baint fogha is easpa as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-inseoinnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon araoid orm, ach ní chuirfidh
 
dreach
Tá dreach maith, agus snua a chodach air, deirimse leat. Nach bhfuil sé chomh dearg chomh bláfar le spíonán agat. Tá cuid de na daoine agus bíonn siad róthógtha, ach cuid eile ní chuirfeadh an saol aon scioltar orthu. Nach bhfeiceann tú an beithíoch ar an gcóir chéanna
 
dris
Bhí an cine céanna — Clainn Mhac C. — ina ndris chosáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh gair acu a dhul siar nach mbeidís éirithe rompu le dual na droinne a bhualadh orthu, agus ar an gcóir chéanna dá dtéidís soir idir ord agus inneoin
 
Chonaic duine eicínt ag titim thar bord é. Is cosúil gur fhan sé ar thóin poill, arae a dhath ní fhaca siad ach cupla driúillín a tháinig ar an uisce. Deir siad go n-éiríonn an té a bhíos dhá bháthadh trí huaire, ach dheamhan ar éirigh dhó siúd más cóir aon aird a thabhairt ar an dream a bhí sa mbád. Nach ciotach a d'éirigh sé dhó an duine bocht. Ach ní leithne an t-aer ná an timpiste mar adúirt an ceann eile
 
droim
Ní raibh aon leathchuma faoin saol nach ndearna sí sin ar a deartháir. Go fiú is an pluid leabthan níor fhága sí aige í an t-am ar bhásaigh an mháthair. Agus féacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aici le dlí nach mbuachfaidh sí aon phínn go brách air. Bhí sé chomh maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos sa bpoll is doimhne sa bhfarraige leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg
 
Bhí sagart againn anseo fadó as an taobh s'agaibhse, agus 'sé an t-ainm a thugadh sé i gcónaí ar na bailteachaí sin soir: tír bhradach na ndroinníní … Sin é an chóir a bhfuil sí anois nó go mbailí tú an Gh. Tír dheisiúil í ina dhiaidh sin
 
Cuireann an ruacan streille amach idir a dhá shliogán dhromannacha. Iasc atá sa streille sin. Ar ndóigh chonaic tú ruacan go minic. An-bheatha é — an togha. Is cóir adeir siad gur beatha rí ruacan
 
dubh 1
Sin é a d'fhága croí dubh agamsa. Ní raibh mé ar mo chóir féin ó shin, ná ní bhéad nó go dté mé i dtalamh
 
Cén mhaith dhó a chuid dúchain. An bhfaca tú an dúchan a rinne sé anuraidh, agus d'fhága sé mar sin ansin iad gan lánú gan ghortghlanadh gan sprae, nó nach raibh síol aige de bhláth bliana a chuirfeadh sé i dtalamh. Mura bhfaighe cur a chóir féin b'fhearr a fhágáil gan déanamh
 
Is iontach gur ansin atá sé ag dul ag déanamh tí agus gan duine ar bith dhá mhuintir beo anois ann. Ach is cóir adeir siad, go leanann bá dúchas. Bhí nádúr aige leis an tseanáit ina dhiaidh sin
 
dúd
Níl néal ar bith ar an dúd sin. Nach cóir a bhraith sé go bhfaigheadh sé garbh é dhá dtéadh sé isteach!
 
Nach é atá cóir faoina chuid dúdógaí. Dhá leathnaítí cupla snaidhm maith d'fhás fuinseoige ar chnáimh an ghéill aige, b'fhéidir dhó ligean faoi. Sin é an rud a shuaimhneodh é mo choinsias
 
dúil
'Sé an scéal é, d'ól mé an oiread an oíche sin dó (dhe) agus go raibh mé torthach aige. Ní raibh mé ar mo chóir féin dhá bharr aríst go ceann seachtaine. Mhionnaigh mé agus mhóidigh mé nach mbeadh mo phlé leis go héag aríst. Bhain an iarraidh sin an dúil asam go bhfeice mé seal
 
Sin í an cheird a bhíos air sin chuile oíche: ag imeacht ag dúrúch ar fud na mbóithrí mar a bheadh beithíoch éigéill ann. Nach cóir adúirt mé leat gurb é a bhí ag uallfairt siar anseo an oíche údan
 
Tá le rá, más cóir géilleadh do na luaidreáin, gur daoire a bheas móin i mbliana ná bliain ar bith fós
 
Tá an saol ag dul ar bhréaga ar fad thar is mar a bhíodh sé fadó, ach is cóir adeir siad: chuile líne ag dul chun míne agus chun bréige
 
Níor ól mé aon deoir le fada. Ní théadh sé go maith dhom agus dhiúltaigh mé uileag é. D'éiríodh sé in mo cheann, agus ní bhínn ar mo chóir fhéin ina dhiaidh go ceann míosa aríst. Tá an té ann a bhfeileann an t-ól dó, agus an té nach bhfeileann
 
Ní maith liom a dhul romhat in do scéal a dhuine chóir, ach measaim nach bhfuil an ceart agat. An bhfuil a fhios agat cé ba chiontsiocair leis sin …
 
Is maith a tháinig tú anall anseo le do rí agus fios agat go raibh mise feidheartha. D'aithin tú cá gcuirfeá é. Ach is cóir adeir siad, gur furasta a dhul thar dhoras tí gan madadh
 
Uair ar bith a dteagann na liaganna sin air, téann siad thríd go damáisteach. Ní bhíonn sé ar a chóir féin aríst go ceann leathbhliana. An babhta deiridh a raibh siad air — dhá bhliain go ham seo — bhí sé i gcruth an tsagairt acu murach gur bhris siad