Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

croíúil (10)

 
Is breá croíúil uaidh é a dhamhsú
+
Duine dea-chroíúil é. Diabhal a leithide eile ann. Dhéanfadh sé rud ar bith dhuit!
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ró-dhea-chroíúil, agus beagán dhá bharr go minic aige. Is olc a chúitítear a shaothar leis. Ach is cuma leis. Ní dheachaigh aon duine an bóthar ariamh nár bhain sé an tart agus an t-ocras dhó (dhe)
Is mór an díth céille dhuit a bheith chomh dea-chroíúil agus atá tú. Ní raibh agat an ghail a d'éireodh de do chac a thabhairt do chuid de na daoine
Bíonn sí ag síor-rá léithe mar sin, ach a chead sin a bheith aici. Is duine an-dea-chroíúil ina dhiaidh sin í. Beidh sí agat lá an anó ar chaoi ar bith
 
déan 1
Rinne sé gáire agus gáire croíúil ar inseacht an scéil dom
 
deas 1
Is deas croíúil an sórt duine é i gcomhluadar ar bith
 
Sagart as an deascán anois a bhfuil aon laethúlacht ann mar a bhíodh sna sagairt fadó. Tá an saol rómhór ar a gcomhairle féin acu agus fuíoll na bhfuíoll acu anois. Fadó bhídís bocht agus croíúil, ach tá imní faoina gcuid saibhris orthu ar an saol seo
 
Má tá doicheall aici leat, tá rud agatsa le déanamh: a dhul amach thairti agus do phort feadaíola thuas agat, mar a bhíodh ag B. Ph. Sh. chuile uair dá gcastaí an bhean leis an t-am a raibh siad in árachaigh a chéile. Diabhal focal bréige ann. Port chomh croíúil agus a chuala tú ariamh. Dhá mba aon bhean eile faoin domhan í, sciorrfadh na cosa uaithi ag damhsa leis
 
Ní fhaca mé é ag déanamh gáire croíúil ariamh ach dradgháireach mar sin. Shílfeá gur faoi dhuine eicínt eile a bhíos sé ag gáirí i gcónaí. Níl gair ag duine breathnú cam air féin nach bhfuil sé ina choileachín