Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

críoch (19)

 
dairt
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
+
Go gcuire Dia dea-chríoch ort! (beannacht) — go bhfaighe tú dea-bhás; go ndéana tú do leas; go bpósa tú faoi rathúnas
TUILLEADH (14) ▼
Dea-chríoch orainn uileag!
Dea-chríoch ó Dhia orainn!
Tá súil agam go gcuire Dia dea-chríoch ort
Duine ar bith a dhéanfadh a mhacasamhail sin de rud, ní dea-chríoch a d'fhéadfadh a bheith air; tús na breithe ag Mac Dé
Dea-chríoch go gcuire Dia ort, agus nár fheice sé an fhad sin de luí bliana ort choíchin!
Dea-chríoch ó Dhia ort!
Dea-chríoch go raibh orainn (againn) ar fad! — nár éirí aon dubhní dhúinn!
Dea-chríoch go raibh ar chuile chréatúr!
Ná raibh dea-chríoch ort le deis a bheith ort!
Dea-chríoch ort a mhic ó! (beannacht mar bhuíochas de bharr gar nó soilíosa a dhéanamh) — déarfaí go háirid é le duine nach mbeadh pósta fós
Dea-chríoch ort, agus go dtuga Dia fear mór maith dhuit!
Ní dea-chríoch a chuaigh uirthi an dílleachta bocht — cuireadh ó chrích í; bhí clann thabhartanais aici
Ní raibh aon cheann comhairle aici mar bhí a hathair agus a máthair básaithe, agus ní dheachaigh aon dhea-chríoch uirthi ní dhá roinnt léithe é
Mura n-athraí tú béasa, tá faitíos orm, sábhála Dia sinn, nach í an dea-chríoch a bheas ort. Ná bac le inín ar bith a ghabhfas thar chomhairle a hathar agus a máthar. Ní hé bara a leasa atá fúithi
 
Gearrchaile dícéillí a bhí inti nár thapaigh é nuair a bhí deis phósta aici leis sin thiar ar an bP. Dheamhan a ngabhfaidh críoch uirthi le aon fhear go brách ab fhearr di ná é
 
Droch-chríoch ar a dhíchillín suarach! Is postúil a labhródh sé san áit a mbeadh fir!
 
Gabhfaidh droch-chríoch air sin, cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat. Ní hé a mhalrait a thuilleas sé