Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dosáin (3)

+
dosán
Cruinnigh isteach sa racáil na dosáin féir sin soir. Ní foláir chuile thiomsachán a chur i dtoll a chéile shula dhéantar an coca
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheidh aon dosáin raithní ag gabháil linn i mbliana mura gceannaí muid í. Is drochbhliain raithní í ar aon chor
Laoi Chab an Dosáin— ainm ceann de na Laoithe Fiannaíochta