fálú (6)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    foghail 
                  
                  
                    Fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach; 'sé fálú an ghoirt (an ghairdín) é théis na foghla — an rud ba chóir duit a dhéanamh roimh ré, é a dhéanamh nuair a bheadh an millteanas déanta
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ní thabharfadh sé aon fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an tairne ó d'imigh an fear siúd lena chuid airgid.  'Sé fálú an ghoirt é théis na foghlach.  Ní dhearna sé in am é
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            
                    →
                    fálaigh 
                  
                  
                    Tá mé ag fálú garraí eile anois, agus b'fhéidir go saothróinn é i mbliana le cúnamh Dé — píosa sléibhe
                    
                        TUILLEADH (3) ▼
                      
                    
                  
                    Tá cion garraí fágtha ansin thuas gan fálú.  Dheamhan ann ach leac, ach By Dad, gheobhadh beithígh tiomsacht ann sa samhradh
                    'Sé fálú an ghairdín é théis na foghla(ch) — fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach srl. (fc. foghail)
                    Níl cead ag aon duine a dhul ag fálú cuid an bhaile mar sin.  Is dona an baile a ligfeadh leis é.  Ar ndóigh bhí leath na tíre ina bpailitéaraí roimhe seo nó gur fhálaigh siad talamh mar sin.  Dheamhan tréas a bhí dhá chur orthu san am sin.