Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fíniú (11)

 
ceas
Fuair mise daba mairteola an tseachtain seo caite agus bhí sí ag fíniú. Níor chaith mé amach fós í fhéint a dtiocfadh aon cheannaí thart go gcuirinn ceas air léithe.
 
bruach
Rinne an fheoil fíniú i dtosach agus lobh sí ar fad ansin. D'éirigh bruachannaí timpeall ar an ngeadán a raibh an dochar ann agus chuaigh sé in othras. Shíl mé nach gcneasódh sé chor ar bith, bhain sé an fhad sin asam.
+
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mórmhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneodh corp théis luí fada go deo mar ní bhíonn bior eanga orthu. Bhí corp sheanN. chomh héadrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirthi!
TUILLEADH (8) ▼
Bhí an oiread aois aige sin nuair a cailleadh é agus go raibh sé ag fíniú le fiche bliain roimh ré. M'anam go raibh sé an céad go hard. Bhí agus trí nó ceathair de bhlianta lena chois
Tá an fheoil seo fínithe. Nach bhfuil a fhios agaibh nach mbíonn seasamh ar bith aici an tráth seo bhliain mura gcuirtear i gcaitheamh ar an toirt í
Tharraing sé amach daba muiceola agus dheamhan focal ar bith bréige a dhéanfas mé leat. Ba mhór an úis í! Bhí na cruimhe inti. Bhí go corpanta. Diabhal blas di siúd nach raibh seachtain fínithe. Chuir sé síos dá róstadh í, agus thosaigh sé dhá placadh, agus na cruimhe ag snámh ar fud an phláta. Déarfá go raibh coimpléasc aige sin! Ní fhéadfainn fhéin a bheith breathnú air! Chuirfinn mo liathachaí amach!
Is gearr a bheadh caoireoil chor ar bith anois nuair a dhéanfadh sí fíniú. Tá an aimsir an-mheirbh. Beannacht Dé dhuit! Chaithfinn an craiceann féin díom inniu dhá bhféadainn é
M'anam muise má tá na míoltógaí ag lonnú uirthi go bhfuil sí ag déanamh fíniú. Nach diabhlaí nár bhruith sibh í le dhá lá. Tá sí ó mhaith anois
Tomás Sh. Ara a dhuine tá sé ag déanamh fíniú sa gcréafóig le fada an lá. M'anam go sílím gurb dhá bhliain go ham seo a cuireadh é. Cheap tusa go raibh sé beo fós
Caith amach ag na cait an drioball de scadán sin. Tá sé ag déanamh fíniú sa drisiúr le dhá lá. Níorbh fholáir do dhuine goile Mh. Mh. a d'ith an mhuic chaillte a bheith aige le drannadh leis sin
Bhí seanbhean ansin thiar agus bhí fíniú maith uirthi san uaigh san am ar tógadh í. Diabhal mé go sílim go raibh sí mí nó leathráithe curtha. Chuaigh cuisle (inquest) uirthi aríst. Bhí le rá gur maraíodh í