feistiú (38)
→
fuaigh
Bhí an bád feistithe i gclochar sa bhfuaigh againn agus scanraigh muid agus chomh gártha agus a tháinig an oíche, go bhfuadófaí orainn í
+
→
feistigh
Cheal nach bhfuil tú feistithe fós le n-imeacht? — faoi réir; do chuid éadaí ort, nó do chuid éadaigh athraithe agat srl.
TUILLEADH (33) ▼
Nach é atá feistithe amach chun bóthair lena hata cúil agus a chuid miotóg
Is breá atá sé feistithe inniu — gléasta, cóirithe
Ná cuir malrait éadaigh chor ar bith ort fhéin. Tá tú sách feistithe mar atá tú. Nach agat atá an cás faoi dhaoine?
Bíonn sé chomh feistithe le duine uasal chuile lá sa mbliain
Nach í atá feistithe suas ina péacóig againn!
Deir siad go raibh a inín i nGaillimh ag damhsa agus í feistithe ina mairnéalach — gléasta mar mhairnéalach
Feistigh an capall … Dar brí an leabhair, tá sé in am agat í a bheith feistithe agat feasta — an gléas nó na húmachaí a chur uirthi
Chreidim go bhfuil an churach feistithe amach agaibh chun farraige — faoi réir le dhul chun farraige
Tá sé feistithe amach le dhul go Sasana — gach rud nach foláir a dhéanamh le dhul go Sasana déanta aige
Tá poll fataí eile feistithe aige — críochnaithe, déanta
Bhí an leoraí feistithe le n-imeacht aige nuair a tháinig M. chuige ag iarraidh marcaíochta
Tá sé feistithe chun achrainn anois — deisithe nó faoi réir le dhul ag troid; stiúir achrainn air
Nach maith luath atá tú feistithe chun bréaga — réitithe amach; ag tosaí ag insin bhréag
Ní raibh mé feistithe le dhul ag damhsa nuair a chuaigh an dream eile ar an urlár — faoi réir
Dheamhan a bhfuil muide feistithe fós muise le dhul ag cur. Níl aon léasú againn
Bheadh na faiceannaí feistithe ag lucht na tórramh agus thosóidís ag lascadh "an Dá Cheannaí" chomh luath agus a thiocfaidís isteach
Tá sé feistithe faoi chomhair an tsagairt i mbliana — tá an teach réitithe amach aige le aghaidh na héisteachta (stations)
Is teach feistithe é — gléasta; gach rud ann a theastaíos i dteach
Tá parlús chomh feistithe ansin agus a d'fheicfeá thoir tigh an L. — chomh hordnáilte; deisithe amach
Tháinig sí ag an doras ag M. le dhul ag sciollaíocht uirthi, ach bhí M. feistithe roimpi — faoi réir í féin le dhul ag troid
Más ag iarraidh sáraíocht atá tú, téirigh soir chuig D. Ph. Beidh sé sin feistithe romhat, agus is maith a chruthós tú nó tabharfaidh sé focal ar an bhfocal dhuit
Is furasta a aithinte gur dona an feistiú a thug siad uirthi nó nach n-imeodh sí — bád
"Thug sé feistiú lae agus bliana ar an mbád nár bhaol di grian dhá scoilteadh ná gaoith dhá corraí nó go dteagadh sé féin ar ais aríst" (gnathsheoraí sna scéalta)
Thug sí feistiú róid ar an mbád — an feisteas nó an bannaí chónaí a thugtar ar bháid agus ar longa amuigh ar an ród nó ar mheath iascaigh nó ar mhuráite; an t-ancaire a chaitheamh amach srl.; deirtear freisin le feistiú i gcaladh nó i gclochar báid nó i gcéibh é
Tá feistiú róid ar an bpúcán anseo thiar sa gcéibh
Tabharfaidh sé feistiú róid uirthi ansiúd. Fanfaidh sí ann go maidin. Is fuar an áit: amuigh ar an meath mhóir
Chuir muid feistiú róid uirthi sa gclochar. Is gearr go luífidh sí
Feistithe faoi sa teach seo thiar atá sé anois chuala mé — socraithe nó curtha faoi
Ná tugaidh cead dó feistiú faoi thoir ar an mbaile agaibh chor ar bith nó bhur gceann fine ní chuirfidh as é
An bhfuil a fhios agat cé a fheicim feistithe faoi thíos sa ngarraí ag A. ach M. an Ch. Sclábhaí maith a mh'aisce!
Má fhaigheann sé feistithe sa gclúid, ní fhágfaidh sé í go maidin
Tá sé ag feistiú ansiúd anois leis an oíche a chaitheamh ann — dhá shocrú féin; ag cur goití agus cumaí air fhéin nach bhfágfaidh sé é go maidin
Má tá sé feistithe isteach chun boird, ní éireoidh sé as imirt go ceann fada
→
Domhnach
Séard atá sa gceann is óige, cailín Domhnaigh críochnaithe. Ní dhéanann sí faice ach dhá gléas agus dhá feistiú féin
'Sé a bhí díocasach ag dul ag baint mhóna i mbliana. An té a d'fheicfeadh ag dul suas é agus é feistithe amach, déarfadh sé go ndéanfadh sé cat agus dá rioball. Ach dheamhan mogall a rinne sé ariamh, ainneoin gur chaith sé trí lá ann, ach tuairim is trí fhad an tí seo a scrathadh. Do Sh. Th. ab éigean an mhóin a bhaint
→
díth
Díth córach agus tuaifisc farraige a d'fhága i gcéibh an S. anocht muid. Murach sin, bheadh muid ag cur éadan ar an ól anois tigh na C. agus feistiú againn ar an mbád i gCaladh an A. Ach ní raibh aon ghair againn a dhul ina haghaidh. Bhí sí rótheann sa mbun sin