Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fionnú (5)

+
Chonaic mé solas an lae ag fionnú i gcomhlaí na fuinneoige — ní bheadh ann ach go dtiocfadh sé thrí na siúntaí ar éigean
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an fhuinneoigín chomh beag sin agus nach raibh ann ach go raibh an bhánsoilse ag fionnú inti
Feictear dhom go bhfaca mé dé eicínt ag fionnú ag Ard T. D., mura duine eicínt a bheadh ag lasadh match é.
Níl tada ach go mbeadh an prionta ag fionnú in mo shúil d'uireasa na spéacláirí
D'aithneofá go raibh solas an lae ag fionnú thoir, ach sé a raibh ann é