Nualitriú
Bunlitriú
forchraiceann, fuar-chraiceann
—ainmfhocal
1.
a.
an scamall is faide amach de leathar na colna; an craiceann amuigh atá ar shlait an duine.
·
Tá an forchraiceann ar fad sceite de mo lámha leis an obair sin. Tá a fhios ag mo chroí gur meata an obair í
Gabh i leith anseo. Céard atá ort? Is beag an rud atá tú a fhuasaoid. Ar ndóigh níl tada ar an láimh sin ach go bhfuil rud beag den fhuarchraiceann tógtha dhi. Ná bí dhá cuimilt nó cuirfidh tú chun othrais í
b.
tugtar ar chupán na súile freisin é scaití.
·
Dúirt an dochtúr nach raibh tada ar an amharc agam, ach gur ar fhorchraiceann na súl agus ar na foraí a bhí sé. Tá sí an-tinn
2.
an scamall craicinn a theagas ar lot nó ar ghearradh.
+–
Shílfeá go bhfuil forchraiceann ag teacht ar an lot sin. Tá agat anois le cúnamh Dé. Ó tá sé ag tosaí ag cneasú chor ar bith ní bheidh aon mhoill air
Tháinig scamall beag fuarchraicinn san áit a raibh an neascóid, ach níor dhún sé ar fad, agus rinne sé ainfheoil ina bhéal aríst. Chuaigh mé chuig an dochtúr leis gur lansáil sé é, ach ba bheag an mhaith sin. Murach an luibh a bhain N. R. dhom, bhí mo chosa nite
TUILLEADH (1) ▼
Ná bíodh faitíos ort! Is gearr go dteaga athchraiceann uirthi (an chos) i leaba an fhor-chraicinn sin atá imithe dhi. Níl aon dochar inti ar aon chor
forchraiceann in iontrálacha eile (1)
→
crinn
Ná bac le bearradh! Tá sé crinnte. Thóg sé an forchraiceann dhe fhéin i dteannta na féasóige.