Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

frídíní (6)

+
frigh
Phiocfá frídíní sa lóchrann a bhí ar an mótar — bhí an-lóchrann air
TUILLEADH (2) ▼
Bhí scaltrachaí toirní ann agus phiocfá frídíní leo
Bíonn solas ar an lampa sin scaití agus phiocfá frídíní leis
+
fríd 2
'Sé an sórt rudaí a chonaic mise a chaitheamh iad i Sasana, mar a bheadh saighdeannaí ann agus sórt frídíní nó lannaí ar nós lannaí éisc orthu. Bhídís ina n-éadan sna tithe ósta
TUILLEADH (1) ▼
Tá goibíní anuas ar an wire siúd agus frídíní air chomh géar le snáthaid
 
dlúth 2
Ní raibh aon fhíodóir anseo ariamh mar C. Sin é a bhí in ann an t-éadach a fhíochán dlúth. Maidir lena fíodóirí eile sin, tá sé chomh scagach ina ndiaidh agus go bhfeicfeá frídíní thríd