Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

giogáilte (13)

+
Tháinig fear amach chugam as botháinín — bráicín beag — a bhí ann agus é chomh giogáilte bearrtha le easpag. Fhóbair mé a fhiafraí dhó (dhe) cén chaoi ar ghiogáil sé é féin chomh maith ina leithide de bhotháinín, ach lig mé tharam é. Déarfainn go mba fear é a thabharfadh cnap do dhuine sách gasta
TUILLEADH (12) ▼
Ní bréag Doll a thabhairt air agus chomh giogáilte agus a bhíos sé i gcónaí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo den lá ar bhaist M. i dtosach air é thiar ar bhóithrín an T. Spréach sé. B'éigean do M. imeacht as an mbealach nó speirfeadh sé é — speirfeadh a mh'anam. 'Sé an boss a fuair an spóirt air nuair a chuala sé é
D'fhéadfá a rá gurb é atá giogáilte ag imeacht. Agus an láimh thuas i gcónaí aige faitíos a mbeadh cuileoigín chlúmhaigh ná donóid shalachair ar a chuid éadaigh. Is fiú dhó. Sin é a bhfuil ar a aire. Dá mbeadh cúram gort agus garraí air mar atá ar thuilleadh, mise i mbannaí dhuit gur beag an diogáil a bheadh aige air fhéin. Ach is mór is feictear don díomhaointeas arsa tusa
Diabhal mé mura mbeidh bean anois ach ag dul siar chomh fada leis an siopa ag iarraidh unsa tobac, go mbeidh sí chomh giogáilte agus a bheadh an bhean a bheadh ag dul amach dhá pósadh roimhe seo. Is beag is ionann é. An iomarca díomhaontais atá ar mhná an tsaoil. Níl blas ar a n-aire ach a bheith ina gcuaillí ansin ó mhaidin go faoithin dhá ndéanamh féin suas. Deirimse leat dá mbaintí siar astu é mar bhaintí roimhe seo go (gur) beag den cheird sin a bheadh orthu
Bhí a fhios agam go raibh an bás air an lá a bhfaca mé ag dul soir tharam anseo é, gafa gléasta giogáilte suas. Dheamhan amach thar an doras a chuir sé a chois leis an tsíoraíocht roimhe sin. 'Tá luadar eicínt fút a bhuachaill,' adeirimse. D'ól sé an-fheadhnach fuisce an lá sin. An chéad rud eile a chuala mé féin go raibh sé ar na maidí. Rámhailltí an bháis a thug amach an lá sin é. Dheamhan a athrú!
Tá sé giogáilte pointeáilte aige, ach is beag an dochar dhó. 'Sé an coca feamainne sin maith a sheachtaine
Téirigh suas 'na phortaigh agus bíodh na goigíní agus na dúcháin siúd a thóg muid an lá faoi dheireadh giogáilte suas agat ach a sroiche mé féin suas amach sa lá. Bhí beithígh Sh. ag ruatharúch ann le teaspach inné agus nach bhfuil a fhios agat go maith gur chuir siad cuid acu in aer
Ní choinneodh a dtáinig ariamh na cearca céanna giogáilte. Is mór an chéim iad. Ní túisce galra cleiteach dhaob (díobh) ná orthu aríst. Agus bíonn siad i bhfostós i ndriseachaí agus sna crígheannaí sin siar chuile ré solais. Dheamhan mo chos-sa a bhacas leo chor ar bith anois: cead acu fanacht gan diogáil. Chiapfaidís an té a thabharfadh aird orthu
Tá sé chomh diogáilte (giogáilte) le eireoig; tá sé chomh giogáilte le ubh eireoige — déanta suas, pointeáilte, sceacháilte mar a bheadh sicín bliana nó a hubh. Bíonn an eireog mín sceacháilte as a cuid cleitiúcha agus as a cuid clúmhaigh. Ní bhíonn an galra cleiteach uirthi
Bhí sé dhá bhearradh agus dhá dheisiú féin nó go raibh sé chomh giogáilte le eireoig
Chonaic mé an saighdiúirín seo thoir ag M. ag dul siar inniu agus é chomh giogáilte le eireoig. 'Sé a shaol atá ann. Ó thosaigh an Local (L.S.F) tá daoine ag imeacht giogáilte deirimse leat. Feicim na cultacha ag imeacht ar dhaoine anois nár facthas amach as an luaith ariamh
Bhí sé ag brath ar bhualadh faoi bhaintreach óg atá thoir i mB. agus í chomh giogáilte amach agus a bheadh eireoig ar a céad uibh. Chonaic sé lá i nG. í, agus chaith sé leathuair ag breathnú uirthi. Bhíomar thiar ag ól deoch tigh Mh. Ph. tráthnóna; 'céard adéarfá leis an mbaintrigh,' adeirimse. 'M'anam go sílim go bhfillfidh mé ar cheann gan chíoradh,' adeir sé. Chuir an bhaintreach scáth air
Bhí sé giogáilte ag dul siar adeir tú … Tabharfaidh S. Ph. Ph. giogáil air deirimse leat má bheireann sé siar thar Ard na gC. air. Sin é an buachaill aige. Ach ní bhaileoidh sé Ard na gC. Tá a fhios aige féin go maith céard atá thiar roimhe. Diabhal cos an fhir thiar nach ngiorródh leis, dhá bhfaigheadh sé ligean ar bith air