→
íochtar
lámh in íochtar (5)
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
+
→
íochtar
Rugadar isteach ar a chéile – lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíochta — sin é an chaoi a gcuirtear síos sna seanscéalta ar gheábh coraíochta idir dhá ghaiscíoch
TUILLEADH (3) ▼
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíocht. Rinneadar ardán den isleán agus bogán den chruán gur thugadar toibreachaí fíoruisce thrí lár na leacrachaí glasa le neart a gcuid coraíochta. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi tráthnóna, tháinig an spideoigín ar an gcraoibh. 'A mhic na scolóige,' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fáil.' Ansin, thug mac na scolóige cor don fhathach agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor, chuir sé go cóngar an uicht agus a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscígh,' adeir an fathach. 'Lig m'anam liom agus tabharfaidh mé mo chlaíomh solais agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar an ngaoith Mhárta a bheadh roimpi agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh ina diaidh uirthi (cuid de chulaith gaisce na seanscéal)
Tiocfaidh mé leat má thugann tú lámh in uachtar agus lámh in íochtar dhom — má thugann tú cead dom leathlámh liom a chur faoi t'ascaill agus an leathlámh eile thar (ar) do ghualainn agus a dhul a coraíocht leat
Ní thiocfaidh mé i nglacamas lámh leat mura dtuga tú dhá lámh in íochtar dhom — ní rachaidh mé ag coraíocht leat gan dhá láimh in íochtar a thabhairt dom