Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

(100+)

+
abair
Ón lá ar phós mé an bhean sin, ní raibh easpa punt ná scilling orm, ní as ucht mise a bheith dhá rá é
TUILLEADH (8) ▼
Anois adúirt tú é gan bhréig gan mhagadh! Ní bheadh aon duine acu beo fadó an lá murach gur choinnigh sí deoladh leo
Abair nach lá é le dhul i bhfad ón gclúid — is drochlá é
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dúirt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Deir tú leis an gcuain a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhi é sin a rá, lá is gur lig sí chun báis le amhgar í
Deir tú leis a bhí ar an bportach inniu roimh lá. A Dhia dhá tharrtháil muis! Is cor sa saol é sin
Déanfaidh sé lá breá déarfá (tá mé ag ceapadh; dar liom, sílim)
Dhá bhfaighteá dhá lá eile air mar adéarfá, bheadh iarracht mhaith agat air
Dhá dtéiteá ag an gcéad aifreann mar adéarfá, agus a dhul ann ansin gan méir a bhaint de do shrón, diabhal mé go mbeifeá ann in ucht an lae
 
Chuir an gabha an t-iarann sa teallach agus ba ghairid go raibh sé dubhdhearg agus ansin cródhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin ansin agus murar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
+
Ní bheidh aon lá suaimhnis aige lena shaol aríst má phósann sé a hinín sin. Beidh sí rite siar aige i gcónaí idir dhá shíon lena bhánú — chuile fháfall nó chuile dheis dhá bhfaighidh sí, beidh sí go dtí é dhá shladadh
TUILLEADH (3) ▼
Lá idir dhá shíon é
An dá lá is beo mise aríst, ní fheicfidh tú anseo mé (an dá lá agus a bheas mé beo, an dá lá agus an fhad is a mhairfead) — choíchin
Níor thug sé dhá lá ar fhónamh uaidh ó tháinig an bhliain
 
daba
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
+
Rug siad (na póilíos) ar dhabhach agus ar chupla pota suas ansin an lá cheana. Ach ní bhfuair siad aon deoir den bhraon
TUILLEADH (1) ▼
Tá dabhach scadán thoir tigh J. inniu. Is fadó an lá cheana nach raibh aon driobaillín [...]
 
Má bhuaileann daidhce ar bith é siúd, dheamhan iontú ar a sháil a dhéanfadh sé duit ar feadh an lae, ná d'aon duine eile. Is stuacaí é ná a bhfaca tú ariamh
+
Measaim go bhfuil an capall sin aige sách daidhciúil. Bhí siad thíos ansin an lá faoi dheireadh agus chaith siad uair an chloig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aici, ach ina staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corraí. Is diabhlaí contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé thíos ann lá anseo anuraidh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag stróiceadh ag iarraidh a dhul síos chun bóthair. Ní ligfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le níochán nó rud fánach ar aon nós. D'iarr an mháthair uirthi é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá chomh daidhciúil agus a d'iompaigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh fhad is a gheobhainn teas ina craiceann. Bhí sí dochorraithe freisin, ach níor lig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
+
Cár éirigh an daigéad de bhallach sin leat. Dar príosta tá béilí maith éisc uirthi ar chuma ar bith. Is iontas go raibh freagairt ar bith sa bpoll inniu agus chomh geal agus atá an lá. Níorbh fhiú liomsa mo shlat a thabhairt síos beag ná mór
TUILLEADH (2) ▼
Leag sí anuas daigéad de cháca ina láthair, agus go deimhin agus go dearfa duit a Mhic Uí Fh., dá n-iteá ceathrú dhe, bheifeá sách go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuílleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin ina dhiaidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
Tá sé ag baint daigéid mhóra de Dates na laethanta seo. Diabhal mé go riarfadh chuile cheann acu muirín ar fad ar an dinnéar
+
daigh
Bhuail daigh mé isteach i m'imleacán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaidhm eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a lig sí dhom
TUILLEADH (4) ▼
Bhí dó bhoilg orm ar feadh an lae inné. Chaith mé an lá ag imeacht ar fud an tí léithe, mar ní fhéadfainn cónaí a dhéanamh in áit ar bith
Chaith mé an lá inné agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dó bhoilg. Fhóbair nár chniog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí chomh gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag a mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buí! Sin é an méid!
Tá an dó ghoile sin orm le seachtain, agus má tá féin is olc an éadáil í. Níl aon lá ó tháinig an caifí bradach sin nach mbaineann sí cupla lá sa tseachtain asam. Is furasta a aithinte dhom an lá a dtiocfaidh sí: an lá a n-ólaim an caifí
Bhí daigh ghoile le cupla lá uirthi agus chuir sé ó ithe a codach í, ach níor chuir sé aon chaimpirín ar a teanga. Mo léan géar, 'sé nár chuir!
 
Daighean caite a bhí den (an) phíopa agam go ceann dhá lá
+
dáil
Brúigh i ndáil leis an tine, agus tabhair goradh dhuit féin. Tá ceart agat a bheith fuar théis t'aistear. Phréachfadh an lá inniu na fiaigh dhubha
TUILLEADH (4) ▼
Bhí muid i ndáil le bheith ar a (ár) mine ghéire i gcaitheamh an lae
Tá sé i ndáil le ina lá
Is i ndáil le fliuch a bhíos sé anseo chuile lá dhá n-éiríonn orainn
Is i ndáil le cheal éadaigh atá an duine bocht ó chonaic mise an chéad lá ariamh é
 
dáimh
Is fhearr dhuit an té nach bhfuil gaol ná dáimh agat leis ná a raibh de ghaolta ariamh agat. Níl aon duine sa tír nach bhfuil muintreach agamsa, ach ní thaobhóinn ceachtar acu lá an anó. Ba bheag an mhaith dhom é dhá dtaobhaínn féin
+
Nach diabhaltaí daingean a cuireadh an claibín ar an mbuidéal ola a bhí ansin an lá cheana, agus go mb'éigean dúinn pionsúr a thógáil ina éadan
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag báisteach chuile orlach chomh daingean ó mhaidin anseo agus atá sé anois. Ní dhearna sé aon aiteall ó thosaigh sé ag an deich a chlog. Is síoraí an lá báistí é míle buíochas le Dia
+
dairt
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint den tseanlánúin sin. Lá is gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aigesean a bheith leo. Agus dar fia, bhí set ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fónamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá inti i gcomórtas oibre. Chonaic mise fadó nuair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtógthá do cheann chor ar bith, gheofá bóthar abhaile. Bhí siad dubhghéar. Chonaic mé meitheal ar fad — chomh maith le scór fear — dhá mbriseadh in éineacht ann aon lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabháil fhoinn. Ní raibh siad ala an chloig féin ina seasamh, nuair a díbríodh abhaile iad
 
Níl lá ar bith is mó súnás oibre é ná an Domhnach. B'fhéidir gur ina chodladh a d'fheicfeá é ar an dálach
 
dalba
Fear dalbaí é. Bhí sé thoir ansin thoir lá an aonaigh agus d'iarr sé amach fear ar bith a bhí istigh tigh Mh. ar fair play. Bhí chomh maith le fiche fear istigh, agus dheamhan thiomanta duine acu nár chlaon uaidh
 
dall 3
Nach bhfuil sé dallta ag gaineamh séidte chuile lá sa mbliain ansiúd
 
Tá sé ar an dallacar céanna ó d'éirigh muid inniu. Is síoraí an lá báistí é. Diabhal bréag nach síoraí
 
Chuir siad an dallamullóg críochnaithe air lá is gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aici siúd, agus má bhí scór punt spré aici ba é a clochneart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aici ar chuma ar bith
 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
+
Tá sé ina dhallarán chríochnaithe. Is fadó an lá a bhí aige a bheith ag fáil pinsean na daille. Is iomaí duine nach bhfuil leath chomh dona leis atá dhá fháil ón gcéad lá
TUILLEADH (2) ▼
Is diachta dhóibh sin a bheith go maith agus na dallaráin de dheartháracha a bhí acu. Tá mé ag ceapadh nár thriomaigh a súile ón lá ar sheas siad ag an scoil go dtí an lá ar fhága siad aríst í, ach ag geonaíl chaoineacháin ar an bhfad sin. Ní raibh aon pheaca faoin domhan ach a mbualadh chor ar bith, arae ní raibh aon neart acu air: ní raibh sé de mheabhair iontu tada a thógáil
Ní bheadh lá maitheasa dhuit ag caint faoi rudaí mar sin le muintir na tíre seo. Dallaráin chearta iad. Éistfidh siad leat, beidh siad dhá ligean isteach i gcluais, agus amach sa gcluais eile. Sin é an chaoi a bhfuil siad
 
Meas tú an ngabhfainn amach faoin dallcairt sin. Is beag an baol orm, dhá bpréachtaí ar an teallach sibh cheal tine. Ní theastódh uaim nach a dhul do mo chailleadh féin ar phortach a leithide de lá
+
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
TUILLEADH (1) ▼
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
 
dálta
Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort, ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir s'againne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné.
 
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
 
Ná bac leis an dream atá anseo a dhul a chodladh in am. Ní theagann P. oíche ar bith go mbíonn sé an damhadh réag, S. nuair a ghlaos an coileach, agus M.! Ní theagann M. go mbíonn sé ina lá gheal go minic. Ach is féidir leis sin an mhaidin a chodladh, ní hé sin don chuid eile é
+
Deir siad nach ndamnófar ach duine amháin lá an Bhreithiúnais. Chuala mé ariamh é
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé damnaithe ag an diabhlánach d'asal sin ag imeacht i mbradaíl chuile ré solais. Dar mo choinsias dá mbeadh an ghlaicín mhóna atá ansiúd thuas amuigh, bheadh a shliocht air. Gheobhadh sé ruaigeadh na Muice Báine chun an aonaigh. Diabhal baol go mbeidh mise dhá bhuachailleacht níos faide, agus mé sceanta ag an mbaile dhá fhuagairt chuile lá
+
dán
Tá mé ag dul amú ar an aithrí sin. Níl sí ag luí le dán chor ar bith anois dom. Is fadó an lá ó dúirt mé í go deireanach
TUILLEADH (3) ▼
Is iomaí rud atá i ndán don duine ó lá a bheirthe go dtí lá a bháis — is iomaí tónáiste atá in áirid dó ag an saol
Níl i ndán glanta dhóibh. 'Sé a chosúlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosúlacht ann. Chuile lá beo a dtéim amach le soipín a bhaint astu (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má éiríonn rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillí féin, ní raibh ann ach go raibh sé i ndán duit. Sin caint ar sraith adéarfainnse. Chonaic mé lao le T. Mh. anseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuraidh. Ón lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin don lao sin, ná go fiú is a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin ansin thuas chois an chlaí ag breathnú air ag fáil bháis. 'Ní raibh aon dán éirí dhó,' adeir sé. 'Séard a bhí le déanamh leat,' adeirimse, 'chúig bhliana príosúin a dhul ort'
 
dána
Labhair an mháthair go dána drochmhúinte leo, agus chuir sí aithne orthu fanacht as, ach mo léan géar, dheamhan lá aird acu sin ar a máthair. Dhá n-abraíodh an t-athair focal amháin, b'fhearr é ná dhá gcaitheadh an mháthair a teanga leo
+
Gheobhaidh tú luach do chuid dánachta as a dheireadh. Má spadhrann sé siúd agat lá eicínt, agus spadharfaidh, ní fhágfaidh sé deoir ionat
TUILLEADH (1) ▼
Thug an máistir dual na droinne dhóibh go minic mar gheall ar a ndánacht ach ba bheag an mhaith sin ina dhiaidh sin. Dhá maraíteá iad, bheidís ar an gceird chéanna lá arna mhárach
 
Danes
Ná bac leis an lá inné. Ba é an lá ba mheasa a raibh mé ar bóthar ariamh é. Phréachfadh sé na Danes
+
danra
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
TUILLEADH (1) ▼
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
 
daoire
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaigh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon uaim amháin go gceannaínn báinín. Dheamhan báinín a ligfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. 'Chonaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn acu ag dul abhaile agam air,' arsa mise. 'Bailíodh leo anois. Imeoidh mé sna ceamachaí scaitheamh eile'
 
daoirse 1
Is fada an lá a chaith an tír faoi dhaoirse (daoirseacht). Shílfeá ansin an lá cheana go mba mhian le na Sasanaigh agus le na Poncáin muid a chur i dteannta aríst. Na creachadóirí, ba bheag a bhéarfadh orthu é dá sílidís go mbeidís in ann a dhéanamh gan mórán dá gcaillteamas féin a bheith leis
 
Is daoithiúil an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dúirt sé nach raibh aon cheap aige, ainneoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoin drisiúr le mo dhá shúil an pointe céanna. Faitíos go leasódh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtabharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é nuair nach dteastódh sé chor ar bith uaidh
+
daol
Deir na scorachaí sin a bhí thall in éineacht leis go mbíodh sé ar an gceird chéanna i Sasana. Bhuaileadh daolanna cumha é scaití, agus bhíodh sé bog te ag dul abhaile maidin lá arna mhárach. Ach maidin lá arna mhárach ní bhíodh aon chuimhne aige go raibh aon bhaile ariamh ann. A raibh de bháid aeir ag an German ní bhainfeadh feanc as aríst go saothraíodh sé páí na seachtaine
TUILLEADH (1) ▼
Cén sórt daol a theangmhaigh léi agus a theacht ar cuairt anseo thuas inniu. Níor facthas cheana ann í le saol is aimsir. Dúirt sí liom féin dhá bhliain go ham seo — lá a raibh mé ag caint léi i dteach an phosta — dheamhan a cois ná a cnáimh a thaobhódh iad an dá lá agus a bheadh sí beo aríst
 
daor 1
Is daor an éadáil a dhul ag ceannacht tobáin anois. Chuaigh mé isteach ag breathnú orthu tigh Ph. Ch. an lá cheana. Ní ligfeadh sé laglabhartha as cúig déag iad. Dheamhan é muis
 
daor 2
Níl aon tsásamh aige ann le cupla lá nuair nár daoradh fear Chiarraí. Chaith sé an tseachtain ag guí lena bhás. Thapaíodh sé an t-am a dteagadh an nuaíocht chuile thráthnóna (an páipéar). 'An bhfuil sé daortha fós,' adeireadh sé. Bhí sé dhá bheophianadh ceart nuair nach raibh siad dhá theilgean de ghorta gharta
 
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
+
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
TUILLEADH (1) ▼
Is fadó an lá a bheadh sé caite amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige chomh luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoin airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh aige
+
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daorbhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil ina chlass buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le hais a chéile, agus nuair nach ag gárthaíl a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nár) thriomaigh a shúile ón lá a ndeachaigh sé isteach sa scoil go dtí an lá ar fhága sé í
TUILLEADH (1) ▼
Más leatsa fear a fháil nach bhfuil daorbhasctha ina churachóir, gabh siar ansin thiar i S. agus faigh T. Th. Sin é an curachóir agat. Chonaic mé ag seasamh amuigh ar an meath mhóir ar fhaoitíní é, lá a raibh scoilb dhá gcur i dtithe istigh anseo: lá a raibh sé ag séideadh aniar aduaidh. Tabhair lá deannachtach air. Níor chorraigh sé go tráthnóna. Dheamhan an trólar a dhéanfadh na farraigí a bhí ann a bharraíocht — dheamhan é muis
 
dara
An dóú lá déag d'fhómhar — deirtear dóú in áit dara scaití ach ní abraítear é mura dteaga déag isteach ann ach amháin sa leagan an dóú nó an tríú (lá, duine, srl.). fc. damhadh réag sa gcnuasach seo. Bhí sé an damhadh réag nuair a tháinig sé abhaile: dóú é is cosúil .i. an dara huair déag; an dó dhéag san oíche
 
Chruinnigh cluiche den dream seo thoir air, chuile lá dhá dtéadh sé soir, agus bhainidís an dara hairt as i gcónaí, dá bhrú agus dhá chartadh eatarthu, shul má theagadh sé anoir aríst. Dar fia muise, bhí sé ina dhóigh ceart acu! Ach tháinig an oiread críonnachta dhó faoi dheireadh agus gur fhan sé uathu uileag!
 
das
Ghabhfadh na cearca i bhfolach ann lena raibh de dhasachaí air Lá Bealtaine. Tháinig an sioc ansin, agus shleabhac siad as éadan a chéile. Níor tháinig aon das ó shin
+
dáta
Cén dáta é inniu?; cén dáta é an lá inniu? — cén lá den mhí é?
TUILLEADH (1) ▼
Cuir dáta air le é a bheith déanta aige, agus mura mbeidh sé déanta aige an lá sin, ná tabhair aon phínn dó
+
de
Níl basctha den lá chor ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh de lá ann an uair sin, ach go bhfeicfeá duine idir thú agus léas ar éigean
Chaithfinn an lá in mo leaba dhá mbeadh a fhios agam go bhfanfadh sí dhíom (casacht a bhí air) — dhá mbeadh a fhios agam nach mbuailfeadh sí mé
Déanfaidh mé an t-aon lá amháin díot — maróidh mé thú ar áit na mbonn
Tá mé ag baint lá dhó (nó lá dhe) — ag caitheamh an tsaoil; ag caitheamh an tsaoil i leaba a chéile gan gleo gan torann
Chaith siad an lá ag gabháil de chlocha air
 
Breá nach mbeadh deabhadh ionat agus an obair a dhéanamh de ghorta gharta. Ansin bheadh an chuid eile den lá agat in do chónaí
 
Dea-bhreith orainn ar an lá deiridh!
+
deacair 1
Mo chumha agus mo dheacair gur fhága mé an baile an chéad lá ariamh. Murach gur fhágas, ní tolgtha a bheinn anois!
TUILLEADH (2) ▼
Cuirim léan agus deacair air. 'Sé a tharraing mo Sheán Bán i mbealach a bhasctha an chéad lá ariamh
Cuirim léan fada agus deacair air, mar sin é féin a d'fhága an croí dubh agamsa an lá ar bháigh sé m'fhear
+
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (5) ▼
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
Ní raibh cuimhne ag duine ar bith dhá raibh suas le mo linnse ar na deachmaí, nó má bhí, is beag a chuala mise fúthu ach an focal a chloisteáil mar sin go díreach. Chuala mé an focal chuile lá ariamh, agus bhí a fhios agam go mba tuarastal é a d'fhaigheadh na ministéaraí, ach níor chuala mé thairis sin d'fhairnéis air. Dheamhan cuimhne agam ar rudaí mar sin chor ar bith. An rud a d'inseofá dhom inné, ní bheadh a fhios agam é aríst amárach
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas sa saol! Dar príosta chonaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cairde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orthu. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneáil óna dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
Fág ag an deachma é sin. Ní fiú an tairbhe an trioblóid. Thiocfá ag mianadóireacht ansin ar feadh an lae agus ní bheadh tada déanta agat ann ina dhiaidh sin. B'fhearr dúinn go fada a ndúthracht a chaitheamh le rud eicínt a mbeidh tairbhe eicínt dhá bharr ná sa tseanghráinseach shalach sin
Fágfaidh muid na cupla crúbán úd idir dhá chlaise ag an deachma. Chaithfeadh muid lá dhá socrú, agus ní bheidh aon fhata go brách orthu, tá siad chomh huisciúil sin