Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

léim (31)

 
Rinne sé de dhá léim é — an-sciobtha; mear
 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
danra
Nach é a bhí danra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garrantaí breaca ansin thuas anuraidh agus muid ag fiach ann. Cén bhrí ach gan tada iontu ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí francaithe freisin nuair nár fhága muid d'aon léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
+
de
Mharaigh an chú an giorria de dhá léim
TUILLEADH (1) ▼
Scríobh an litir de léim
+
déan 1
Tabharfaidh sé léim eile di. An bhfeiceann tú ag déanamh a shlaite aríst é
TUILLEADH (1) ▼
Thug an tarbh trí léim di, ach ní dhearna sé ach uair amháin í. Thug sí lao léithe mar sin féin
 
Is ait an mac é an saol gan doubt ar bith. Tá siad déanta lena bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arú aréir go deireanach ó chonaic mé ag caitheamh léim fhada ansin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon fhear ansin in ann a dhul fhoisceacht go mbeannaí Dia dhó
 
Deile céard iad ach deargbhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhainneach ar sheacht míle farraige théachtaithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad ina dhiaidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
 
diaidh
Is diabhlaí an t-uafás a bhíos ort. Nach bhfuil a fhios agat go ndéanfaidh mé é ach a mbeidh mé réidh go dtí é. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Níl aon tsástaíocht agatsa ann mura ndéantar chuile shórt de léim
 
Cinnfidh sé air théis a dhíchill. Níl a dhóthain stuaim ann, agus tá sé ró-uafásach le rud ar bith. Ní mór leis a dhéanamh de rith is de léim
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim théis an corp a fhágáil dó …
 
Chuaigh dinglis ann agus léim sé den stól — cuireadh dinglis ann
 
díog
Scoith sí an mhóta agus an díoga lena ais. Nárbh ait an léim í sin do chapall
 
dochar
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é lena chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi sa leaba é. D'inis S. Sh. dó cá raibh an dochar. 'Anseo,' arsa seisean, agus bhuail sé a sheandorna anuas ar an gcaoldroim air agus chuir sé snadhmannaí sa leaba air. Ach chomh luath agus a fuair S. a anáil leis, d'éirigh sé de léim choscartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh ligthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlódh sé aon fhata go brách aríst!
 
doirg
Tá an sagart sin an-doirg. Mura mbeidh an rud de rith is de léim aige, is maith éasca leis a dhul ag cur a chosa uaidh
 
dona
Sin é an duine dona i gcónaí. Ní bhíonn breathnú siar ar bith aige ar an gcois thinn, ach a mbíonn aige a chaitheamh de rith is de léim
 
Is iontas donacht mar sin a theacht air de léim
 
dorú
An gcreidfeá gur mharaigh mise bromóig cheana le dorú marbh i stopóig Charraig Mh. agus mé ar na mangaigh. Is dochreidte an scéal é ach mharaíos. B'iontaí liom féin é ná an sneachta dearg. Fhóbair dom rith chladaigh a thabhairt orm fhéin de léim i ngeall air
 
Is beag an drabhlás atá chor ar bith sa móin bháin sin le hais na clochmhóna. Cuirfidh tú síos greadlach di ach bíonn sí dóite de léim. 'Sé a bhfuil inti an lasadh sin
 
Dradaire ceart é sin. Níl aon bhean aniar ó Cheann Léime nach bhfuil cara chainte curtha aige uirthi. Tá geis air gan aon bhean a ligean thairis gan aighneas a chur uirthi
 
Ní bhfuair tú tuairisc faoi áit ar bith a mbeadh aon drantán ceoil ann anocht. Áit ar bith anois níos gaire ná Ceann Léime a mbeadh sé, thabharfainn an tabhairt orm fhéin, dá mba de shiúl mo chos é!
 
driog
Rug sé ansin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinig deoir fhola. Ach mura dtáinig, bhí pian ann. Timpeall is leathuair ina dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráite ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leathuair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ón ngualainn díom
 
Shílfeá gur duine an-drithleach í. Diabhal mé go raibh gacha le geit agus léim aici ansin ar an gcathaoir, agus go sílfeá go ngabhfadh sí d'abhóig thríd an bhfuinneoig pointe ar bith
 
Cé leis an lao droiminn bhán atá ag scoitheadh claíochaí síos ansin. Ní hea ach is ginn é! Is beag an stró a bhí air a dhul de léim choscartha thar chlaí an bhóthair agamsa ansin thíos ar ball. Déarfainn gur maith a chuaigh a lacht dó ar chaoi ar bith, bail ó Dhia air!
 
B'fhearr liom a dhul ar chapall droimnochta uair ar bith ná a dhul i dtuilleamaí diallaite. Má théann scéin ar bith inti (sa gcapall), is mór an chontúirt í an diallait. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht i ndiallait má thugann an capall léim leataoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon chor is mó go mór a thógfas an diallait duine ná an capall droimnochta. Is beag is ionann iad
 
D'éireodh staic de bhradán leat le duántacht chomh réidh le bealach ar bith eile, dhá dtéiteá dhó mar is ceart. Ach tá daoine ann agus ní bhíonn a ndóthain foighde acu. Bíonn siad ró-uafásach. Ní mór leo a gcniogadh de rith is de léim. Bheadh sin deas go leor, dhá n-éiríodh leat a dhéanamh
 
dubh 2
Ní raibh a dhubh ná a dhath maitheasa ar a chuid muc thar mo chuidse, ach rinne sé a chríonnacht agus a ndíol de léim ar maidin. Sheas mise ó na ceannaitheoirí agus bhí a shliocht orm: dá liginn uaim ar an gcéad tairiscint iad, bhí agam. Ní dheachaigh mé fhoisceacht punt dó uaidh sin amach
 
dubh 3
Dar príosta muise ní dhubhóidh sé an oiread den chraiceann sin de rith is de léim mar a rinne sé leis an gcoinleach. Tá an craiceann siúd deacair. Bainfidh sé siar as é
 
Is mian leis chuile shórt a dhéanamh de léim. Fear gan foighid é. Sin a fhágas go dtugann sé an dubhléim i gcónaí
 
Ba é dúshlán a raibh thart anseo ariamh an léim sin a bhualadh amach. Féach thusa thú féin léithe anois má tá aon mheas agat ort féin