Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

mála (32)

 
abair
Is mór adéarfá le duine nach mbeadh aon fhód móna aige féin a dhul ag tabhairt mála as cruach na comharsan, ach iadsan agus a gcuid móna féin buailte orthu
 
Is damantach an chaoi atá air. Níl snáth de na seacht n-éadaigh air, ach ag imeacht mar sin sna breallachaí. Is geall le ceannaí mála é
+
de
Sin é an geospailín beag d'fhear a mbíodh an mála de dhiallait aige ar an mbicycle
TUILLEADH (1) ▼
Cheal nach bhfuil sé de rath ort an mála a iompar
 
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
 
dearmad 1
'Sé a mála sise a chroch mé liom i ndearmad
+
Nuair a thosós an saol ag dul in aghaidh duine mar sin, agus an díleá ag bualadh a mbeidh aige, b'fhearr dhó mála na déirce a fháscadh aniar ar a dhroim agus a dhul ag iarraidh a chodach ó theach go teach. Is mó a bheadh dhá bharr aige faoi dheireadh thiar thall
TUILLEADH (5) ▼
An bhfeiceann tú an díthreabhach sin thoir — M. J. Ní díol trua go dtí é. Nárbh fhearr dhó sin go mór fada anois, an geadán sin a dhíol amach agus imeacht ar an scoir, sin nó mála na déirce a chur air fhéin, ná a bheith ag iarraidh muiríne a thógáil idir dhá chlochar ansin
'Sí an bhean a chuir mála na déirce air — a chuir ag caitheamh na miotán é — i gceann mar a bhí sé. Ní sheasfadh airgead na hairí di
Diabhal mé go mb'fhiúntaí dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl ní dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rite ag an gcomharsa ag begéireacht chuile ré solais
Mura bhfuil mála na déirce air, is gearr go mbeidh, má mhaireann dó sa meath a bhfuil sé. Dheamhan luach leithphínne de mhaith a rinne sé i gcaitheamh na bliana anuraidh; ach ar a chuairt i chuile theach ar an mbaile, sin nó ag déanamh bolg le gréin ar chnocáin
'Sé atá ag dul i ndiaidh a mhullaigh i mbealach a bhasctha ceart má phósann sé an sladaí sin. Chuirfeadh sí sin mála na déirce ar an sean-Iarla a bhí anseo, agus ba mhaith saibhir an fear é
+
"Ní i dtús an mhála atá an sparán ach ina dheireadh" (seanfhocal, fc. sparán)
TUILLEADH (1) ▼
Deir sibhse gur i ndeireadh na bliana a rugadh mise, ach deirimse nach bhfuil a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh. Má tá mé mall féin, is minic freisin a rug cú mhall ar a cuid, agus ní bhíonn de chailleadh ar dheireadh an mhála féin
 
deis
Níl deis éirithe ar bith agam faoin mála seo — rud ar bith a bhéarfadh buntáiste dhom
 
deo
Ní bhfaighidh sé aon mhála anseo, go deo ná go brách aríst
 
diaidh
Sílim gur beag a bhí i ndiaidh Sheáin, ach bhí sé i ndiaidh an dearthár eile — lán mála dhe
+
díol 2
Tá díol ceannaí de mhála agat
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig sé anuas an bóthar agus mála móna aige le titim na hoíche. Fuair mé an chruach bearnaithe ar maidin. Nárb in é mo dhíol — bhí a fhios agam gurb eisean a ghoid an mála móna aisti
 
Mura mbuailtear an balla sin dheamhan a mbeidh sé díonmhar go brách. Séard a bhí agat a dhéanamh anois, cupla mála aoil a cheannacht agus láthair mhoirtéil a dhéanamh agus an áit sin a bhualadh shula chuirfeas tú beithíoch ar bith isteach ann. Ní bheidh sé romhat aríst
 
dóirt
Dhóirt an laisc bhradach a raibh de mheaingeals sa mála amuigh ar an tsráid, ainneoin go bhfuil mo theanga caite agam ag rá léithe a ndóirteadh thoir sa scioból. Aon mhaith amháin a bheith le cuid de na daoine!
 
doras
Cén sórt mála é sin leis an doras dúnta?
 
drad
M'anam go bhfuair sé taoscán maith fataí. Chuaigh mé go drad leis an gcliabh mór sin amuigh faoi dhó. Bhí cúnamh maith de thrí mhála Gaillmheach aige
+
Tá dradlíonadh maith ar an mála; tá an mála dradlíonta — tá sé líonta ionann is go drad, nó go béal
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mála dradlíonta móna ag teacht anuas aige tráthnóna. Duine eicínt a thug dó é de ghrá dia
+
droim
Chuir sé an mála ar a dhroim
TUILLEADH (4) ▼
Sin í an cheird a fhágfas an mála aniar ar a dhroim — sin í an obair a fhágfas ag iarraidh na déirce é
Chuir sí an mála ar a dhroim — bhánaigh sí é
Deirimse leatsa go bhfuil obair chrua ar na dugaeraí sin ag iompar málaí troma amach as soithigh. Hé brí cén pháí a fhaigheas siad is maith an oidhe orthu é. Dheamhan a seasfainn leathlae choíchin ann. Bíonn beatha ar fónamh acu, ach ní mór dóibh sin. Saothraíonn an droim an bolg ar aon chor
Más leat gan a bheith de dhroim tí, ligfidh tú de chúrsaí den tsórt sin. Dheamhan duine ariamh dhá bhfaca mé ag plé leo nach é mála na déirce a d'fhágfaidís air sa deireadh. Ag súil le gnóthachan a chailleas an cearrbhach adeir siad
 
Nach ar an drománach de cheannaí sin atá áit an mhála. Breathnaigh air! Ní bhfaigheadh sé sin mórán croitheadh mála dhá chéad a fháscadh thiar air féin
 
Bean nach mbíonn mórán ainnise inti, is mór is fiú dhi a cuid éadaigh a dhul go deas di. Is leath slaicht ar bhean a cuid éadaigh bíodh a fhios agat. Tá sí ansin thoir ag M. Mh. Ú. Feic Dé Domhnaigh í agus 'sí an bhean is breácha ar an bpobal í nuair atá sí gafa gléasta. Ach feic lá den tseachtain í sna ceamachaí, agus dheamhan ceannaí an mhála, ní hé amháin a mhalrait, a dhéanfadh roghain uirthi