Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

múineadh (11)

 
Tá chuile dhuine ag gabháil leis dea-bhéasach. Ní bheidís aige siúd mura mbeadh. Thóg sé go bog muirneach múinte iad. Tá a shliocht orthu
 
déan 1
Tá an seanfhaoileán ag múineadh flyála don fhaoileán óg. An bhfeiceann tú é. Níl a sciatháin déanta ag an gceann óg fós
 
deara
Madadh ar bith a dtabharfar faoi deara dhó fanacht ag forcamhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bheas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luí sa gclúid agus a smut ina chrúib, chomh uain is a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go brách
 
Ní leanfaidh an diabhlánach de mhadadh sin tada, agus nuair a leanfas féin bíonn sé róghéar. Níor múineadh ceart i dtosach é
 
dian
Théis gur ag maor a bhí sé, níl múinte a rath dhó. Ná bac le madadh ar bith a bheas ródhéan. B'fhearr dhuit uait é
 
Nach tú an dilleoirín i gcónaí. Cé nach mbeifeá mar a bhíos chuile ghasúr, go lách múinte agus gan a bheith ag tógáil an chloiginn orm mar sin. Nach bhfuil a fhios agat go maith go bhfaightheá é dá mbeadh sé ann, agus ó tharla nach bhfuil, go gcaithfidh tú déanamh dhá uireaspa a bheith agat. Nó an bhfuil maith ar bith a bheith leat. Má fheiceann t'athair in do dhilleoirín mar sin thú leagfaidh sé ort, creid mé dhuit ann. Agus ní chosnóidh mise aríst choíchin thú mar a rinne mé an oíche cheana
 
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a maraíodh ansin. Fear a bhí ag déanamh aicearra thrí na páirceanna a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timpeall an tí mhóir ansiúd. Dhá múineadh le haghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine acu anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul trasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall ina mhullach agus choinnigh sé an capall ag taltú air nó gur mharaigh sí é. Tabhair thusa marú droimnochta air sin. 'Sé a bhí droimnochta. Amuigh ar lom na páirce. Murder a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad acu fhéin an uair sin. Chomh uain is a mhair an seanBh., dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talúna, nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
 
dún
Dún do bhéal agus bíodh múineadh ort! Ag tabhairt aisfhreagraí ar dhaoine is sine ná thú féin!
 
Deir tú leo a chum do SheanMh. gur isteach sa gColáiste ag múineadh Gaeilge in áit Ph. Dh. a d'imigh T. Agus dheamhan easna dhó nár chreid é. Níl mí-ádh ar bith ag dul uathu. Chuimhneoidís ar rud ar bith. Ná hiarr ina ndiaidh é
+
Nach breá nach mbeadh múineadh ort agus fanacht in do shost. Ní fhéadfaidh aon duine smid a rá agatsa. Tá tú ag dul roimh chuile dhuine
TUILLEADH (1) ▼
Éireoidh mé as ar fad, agus inis thusa é, ó tá tú ag dul romham le chuile chor. Ní fhaca mise do mhacasamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rá san áit a mbeidh tú nach gcuirfidh tú duine de dhroim seoil. Níl smearadh múinte ort