Íochtaraighe (10)
                    →
                    carracán 
                  
                  
                    Dheamhan cladach i gCois-Fhairrge is achrannaighe ná mar 'tá sa mbaile sin.  Tá sé faoi chlochair a's faoi charracáin as éadan.  Ní féidir aon-chapall a thabhairt níos íochtaraighe ann ná snáth mara rabharta móir.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            Tá sé in a chomhnuidhe níos íochtaraighe ná sin ar an mbaile.
                    
                        TUILLEADH (8) ▼
                      
                    
                  
                    Sílim gurab é an teach is íochtaraighe ar an mbaile é = is goire do bhóthar an ríogh; is fuide ó dheas; is goire do'n fhairrge.
                    Dhá íochtaraighe dhá bhfuil sé, tá tighthe ann is íochtaraighe ná é.
                    Níl dhá íochtaraighe dá dteighe tú anois, nach amhla is fearr dhuit (is annamh a cloistear h in urdhubha le focla a bhfuil guth in a dtús)
                    Is íochtaraighe go mór a chuid-seisean ná mo chuid-sa = is goire do'n fhairrge, do bhóthar an ríogh etc. a chuid talmhan seisean ná mo chuid talmhan-sa.
                    Dhá dteighinn níos íochtaraighe sa bpaca, b'fhéidir go gcasfaidhe mámh liom
                    Bhí an t-aona hairt ní b'íochtaraighe.
                    Dhá ngearrthá díobh níos íochtaraighe, b'fhéidir go bhfuighinn an cíonán (cártaí)
                    Tóg an chuid is íochtaraighe de'n fheamuinn idtosach.