Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
insheolta
—béim ar eol
—
in araíocht.
·
An bhfuil an oíche insheolta — an bhfuil an oíche in araíocht a dhul amach?; an bhfuil sí chomh breá agus go bhféadfadh duine aghaidh a thabhairt amach. (Íochtar Chonamara agus Cois Fharraige)

insheolta in iontrálacha eile (3)

 
Ní bheidh an oíche insheolta aríst anocht. Tá sé ag caidhleadh báistí mar a bheadh Dia dhá rá leis anois.
 
→ druid 2
Tá an áit sin as éadan druidte le driseachaí anois. Níl sé insheolta chor ar bith
 
→ dúid
Ná téirigh amach sa scraith ghlugair sin nó is gearr go mbeidh tú thíos go filleadh dúda inti. Ní mheasaim go bhfuil sí sin insheolta