Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ídithe (4)

 
Níl "stripe" ar an bhfeáin aca is measa ná mo "stripe-sa". Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inte ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa in a dhiaidh [sin] gur roinneadh an sliabh seo díreach! = ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear "féinn" freisin go háirid más daoine atá i gceist
 
Dhá mbeadh fáideóig bharraí fhéin ag na daoine ní bheidís bascha. B'fhearr iad ar chaoi ar bith ná na coinnle atá ar an saol ó tháinig an cogadh. Bíonn siad ídithe ar an bpuinnte le smál. Sheasfadh fáideóg achar fada. An bhfuil cainnt ar bith go bhfairsingeóidh ola go goirid
 
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mór-mhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneódh corp th'éis luighe fada go deó, mar ní bhíonn bioreanga orra. Bhí corp shean-N. cho héadtrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirre!
 
Níl ginnín féar tirm aice anois nach bhfuil ídithe, agus cóisir bheitheach annsiúd aice agus a gcnámha thrín a gcraiceann, agus dubhluachair na bliana amach rómpa. Nach uirre a bhí an smál an lá ar cheannaigh sí iad