Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
gionnóid
Fuaim /ɡ′iɴōd′/
Is cosúil gurb sheo é an focal deannóid a dtugtar donóid (dunóid) air freisin. Ach tá an fhuaim an-choitianta freisin
Dísbeagadh air dinnín /ɡ′iɴ′īn′/.
1.
+
Níor fhága tú gionnóid ann. Breathnaigh ar an sáiltéar anois! = níor fhága tú a dhath ariamh ann. Tá sé falamh ar fad (sáiltear a n-ídeóchaí an salann ar fad ann)
Níl gionnóid shóidí faoi chaolachaí an tighe. Caithfidh duine eicínt a dhul dhá choinne más lib arán a fhuint
TUILLEADH (2) ▼
Móin! Níl an ghionnóid ann! Ba deacair di agus an chaor theine atá thíos annsin ó mhaidin. Shílfeá gur ag dul ag róstadh mairt a bhí sib
Níl gionnóid eile aráin san teach anois ach an canda sin, bain fad nó gearr as. D'imigh siad ag bóthaireóireacht ar maidin, agus níorbh fhiú leó cupla cáca a bhruith
+
Níl gionnóid ar an bPáirc Thoir anois ach í cho creínnte le croí do bhoise. Ach is beag an dochar di sin agus na caoirigh innte le leath-ráithe = níl foinín féir innte
Ní bheidh gionnóid ar na garrantaí sin amuigh ag asail T. Sh. mara mbiorraí sib na claidheachaí. Nach ionnta istigh atá siad chuile ré solais
TUILLEADH (3) ▼
Mise a dhul ag baint charraigín. Níl an ghionnóid ag gabhail liom. Ná bac len a bhfuil de charraigín ar mo roinn-sa anois. Tá sé cúlta ar fad
Níl ginnín féar tirm aice anois nach bhfuil ídithe, agus cóisir bheitheach annsiúd aice agus a gcnámha thrín a gcraiceann, agus dubhluachair na bliana amach rómpa. Nach uirre a bhí an smál an lá ar cheannaigh sí iad
Tá an dá gharraí sin thuas coisnithe agam le mí agus níl ginnín thrí thalamh ionnta fós, th'éis cho cóiriúil agus atá an aimsir ag fás. Ach níl aon-mhaith a gcosaint gan múirín nó braitín eicínt a chur orra. Tá an talamh sin ar fad tugtha
2.
+
B'álainn an lá ar an bhfairrge é. Ní raibh ginnín as aer. Ba dona a chruthaigh muid nach ndeachaidh amach
Bhí mé i gcruth mo phlúchadh istigh annsin. Ní raibh ginnín aeir ann. Níorbh fhuláir na fuinneógaí uiliog a bheith oscailte ar uair bhróltach (brothallach) den tsórt seo
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh na bádóirí casadh aríst. Tá sé in a chalm chríochnuithe orra. Níl ginnín ann. Nach diabhlaí a chuir siad amach chor ar bith, a leithide de lá
·
Ní raibh ginnín dhá anáil aige th'éis siúl ón gcladach. Tá sé siúd séidthe ar fad. Cheapfainn go bhfuil donacht eicínt ag dul dó agus é a bheith mar siúd

Féach freisin

gionnóid in iontrálacha eile (4)

 
docht 2
Tá an fhuinneoig sin an-docht (nó dochtmhar amanntaí), ach is beag an dochar di. Níor cuireadh síos ná suas í ó a chuaidh sí isteach, agus maidir le gionnóid (deannóid) "phaint" a chur uirre, ní dheacha a leithide uirre.
 
Sé a mbíonn in Árainn drúcht beag sneachta. Deir siad go bhfuil aos óg ann agus nach bhfaca siad aon-tsneachta ariamh. Dúirt Árannach liom an sneachta mór a bhí annseo anuiridh, nachar chaith sé gionnóid (dionnóid) dhe ann. Nach h-íontach an áit é míle buíochas le Dia!
 
dubh- 5
Tá an garraí sin thiar dubh-chrínnte (creinnte) anois. Níl gionnóid (dionnóid, deannóid) air
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin 'sa lag pholl tá dubhach annsin. Bíonn mar a bheadh ola ann as a cionn, agus an dúbhach thíos in íochtar. I sean-phortaigh is fhearr a gheobhfá í. Is mór a tóigeadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean lag-phuill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaghadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láighe nó sluasaid agad, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go h-iochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna láigheanntaí, mar bhíodh an-domhainn i gcuid de na puill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agad, chaithfeá an láib a bhaint aiste: ní thiubharfá abhaile leat ach an dubhach. B'fhurasta aithinte an dúbhach. Ní bheadh ort ach a diúrnadh, agus a tabhairt amach ó'n gcuid eile de'n lathach. D'fheicfeá an mearbhall innte i gcomhnaí. Thugadh muid abhaile le ancoird nó le buicéid nó le tubáin, nó rud ar bith ba thúisce agad í. Chuirfeá síos an olann annsin i bpota in éindigh leis an dubhach agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uiliog í. Níor mhór de'n olann a bheith bruithte as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (dionnóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh ní dhathóchadh do chumhachta í. Ní bheadh aon-ghlacadh aice leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an teine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneál brúighte agus measctha. Chaithfeá amach annsin ar chiseoig í, agus nighfeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh annsin í nó go dtriomuigheadh sí. Í a spíonadh annsin. Ba shin é an deis le dath dubh a thabhairt uirre. Dhá mbeitheá ag iarraidh dath buidhe … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)