Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Docht
aidiacht
fáiscthe, calctha, do-bhogtha, do-bhainte.
a.
+
Tá an fhuinneoig sin an-docht (nó dochtmhar amanntaí), ach is beag an dochar di. Níor cuireadh síos ná suas í ó a chuaidh sí isteach, agus maidir le gionnóid (deannóid) "phaint" a chur uirre, ní dheacha a leithide uirre.
Nach docht atá sé an diabhal! Ní fhaca mé claibín ar bhuidéal ariamh cho docht sin. Dheamhan aithne air nach éadáil atá ann
TUILLEADH (8) ▼
Ní bhainfidh tú é, gan "turn-screw". Tá sé ro-dhocht. Ach d'eireochadh dhó: ní raibh deoir as aer le dhá bhliain nachar buaileadh air sin
Bhí sib ag rádh nachar "windeáileadh" an clog seo. Cé'n chiall dó a bheith cho docht mar sin? Ní maith liom teannadh air an iomarca, faitíos go gcuirfinn ó rath uiliog é
Bí dhá casadh (uaireadóir) nó go n-airighidh tú docht in t'aghaidh í. Sin é a dhíol
Is diabhlaí docht a d'fháisc sé é. Caithfear an pionsúr a chur in a éadan. Tá breathas ar a lámha — rud ar bith a rachas sé a laimhseáil
Docht le meirg atá sé. Ní thiocfaidh sé sin dó (dhe) go réidh
Tá an doras sin an-docht. Caithfear ruainne beag snuidheacháin a dhéanamh ar an ursain sin aríst.
Tá sí an-docht sa talamh (cloch). Púdar nachar mhór do'n chailín sin. Sin é a scoiltfeadh go talamh iochtair í
Tá claise an tsrotha siúd an-docht. Ach tuige nach mbeadh. 'Sí is fhearr ar bith agus an t-achar ó tóigeadh í = níl an t-uisce ag rith innte, arae tá luibhthearnach, fóide, clocha agus eile dhá bhacadh
·
Tá a geanntrachaí cho docht idtalamh ag Sasana sin agus nach féidir a bualadh. Níl indán buailte dó a mhic ó, nuair nach n-ionnsóchadh an Domhan fré chéile í
Bhí sé cho docht annsiúd le doras, agus nachar mhór duit cannda "gelignite" len a chur as. Ní chorróchadh tada eile é
+
Doras docht dubhshlánach é; doras docht daingean é (cuirtear cuingir ar na focla sin mar sin go minic)
Tá an leac sin docht dubhshlánach. Is beag an mhaith do ghróín agus t'oirdín in a h-éadan sin
TUILLEADH (1) ▼
Nach docht daingean a cuireadh é sin annsin. Do dhubhshlán anois a bhaint as th'éis do chuid gaisce
b.
deacair, dóroinneach.
·
Nach hé atá docht (nó docht daingean) = fear a bheadh dóroinneach faoi rud a bheadh sé a dhíol; ba deacair margadh a dhéanamh leis
Go gcuiridh Mac dílis Dé an t-ádh ort! Ní cheannóchadh duine ar bith aon-cheo uaidh sin. Tá sé cho docht le sean-chrann
·
Sin é an portach atá docht a bhaint. Níor chuir mé aon-tsleághan in aon-phortach ariamh sílim is doichte ná é

Docht in iontrálacha eile (6)

 
Tá sé daingean docht (no docht daingean) annsin anois
 
Daingneochaidh dhá chor eile é. Aire dhuit! Bhain tú an iomarca corannaí as. Tá sé ro-dhocht ar fad anois.
 
danra
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dubhaighe seo an-docht. Is dan(d)ra é le scriútháil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
 
Ní raibh deacracht ar bith air é a chur isteach. Ach bhí sé cho docht len a bhfaca tú ariamh istigh. Fuair sé anró ón a bhaint amach aríst
 
do- 2
Nach sib a chuir docht ann é. Tá sé do-bhogtha
 
droim
An bhfuil tú indon é a chur dhíot de do dhruim. Is diabhaltaí docht atá sé