Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dod
ainmfhocal, fireann
ginideach: doid
taghd, fearg, contráilteacht, gruaim, doshástacht, anacracht; míshuaimhneas, cuthach, buile, ag cur a chosa uaidh (uait srl.), stainc, stuaic.
+
Tá dod air — taghd, fearg, stainc nó míshuaimhneas
Shílfeá go bhfuil dod uirthi seo istigh anocht. Má tá féin is minic léithe
TUILLEADH (8) ▼
Is furasta dod a chur air. An rud is fánaí ar bith feicfidh tú ag gabháil sna fraitheachaí é
Is suarach an t-ionadh dod a theacht air agus aos óg an dá bhaile ag rith i ndiaidh na hiníne air timpeall na hiothlann. Nach in e a dhíol údar doid a dhuine sin
Is beag den dod sin a bheadh ag imeacht leis dhá bhfaigheadh sé a dhíol tobac, ach tá easpa an tobac in ann dod a chur ar dhuine ar bith
Is beag an dod a bheadh uirthi dá bhfeiceadh sí fear an tseaicéid ghoirm ag teacht aniar an t-ard. Deirimse leat gur maith gealgháireach a bheadh sí ansin
M'anam muise nach dochar ar bith eisean — gur mó an dod an bhean go fada. Sin í atá go holc dá mbaintí aisti é, agus gan é a bhaint aisti chor ar bith scaití
Tháinig dod air, ach ba ghearr a mhair sé nuair a cheartaigh mé mo scéal dó. Sin é an sórt duine é. Tá sé dubhthobann
'Sé an dod céanna i gcónaí aici é. Ní mórán tsiocair atá uaithi. Tá goibín beag gangaideach uirthi ansiúd ag tabhairt aire don splainc faitíos a ngoidfí uaithi í
Cáideó thosaigh an dod beag sin dá bhualadh. Dar mo choinsias, teagann daolanna móra ann le gairid
+
Tá sí le dod — tá dod uirthi. Is coitianta tá sí le dodtá dod uirthi
Tá sí seo thuas le dod aríst shílfeá. Easpa an bhraoinín chrua atá uirthi measaim
TUILLEADH (8) ▼
Bhí a chapall le dod thiar anseo. Sin ropaire ceart atá aige. Neart bóthair agus bata nár mhór di siúd (capall a bheith le dod — í a bheith ag stealladh)
Aon chapall a fheiceas tusa le dod mar sin, níl le déanamh léithe ach a cuibhriú istigh agus neart ocrais agus rúscadh a thabhairt di. Suaimhneoidh sin í
Is gearr (geall) le capall a bheadh le dod í, cé is múite (moite) nach bhfuil sí ag stealladh. Ach ní le cuibhiúlacht nach bhfuil sí dhá dhéanamh sin féin
Tá an bhó ag dul le dod — ag gabháil le buile; ag cur a cosa uaithi
Thosaigh an bhó ag gabháil le dod, agus ní bhlífinn deoir bhainne uaithi murach gur fháisc mé buarach uirthi
Bhí an capall sin an-tsásta i dtosach, ach bíonn sí ag gabháil le dod le gairid anuas má chloiseann sí torann ar bith. An meaisín buailte a chuir an bhail sin uirthi. Bhain sé geit aisti lá ansin thuas ar an mbóithrín
Má thosaíonn an raibiléara de chapall siúd ag gabháil le dod, meas tú ab é an sramacháinín siúd atá in ann a cheansú. Ní cheansódh muis, ná uan a bheadh théis a bhreithe
Thosaigh sí ag gabháil le dod anseo aréir nuair nach ligfí siar amach ag céilí í. Ba dheas an tabhairt a bhí sí ag iarraidh a chur uirthi féin — sé mhíle bealaigh — agus ag teacht abhaile ansin le gairm na gcoileach

Féach freisin

dod in iontrálacha eile (1)

 
Gabhfaidh sé le dod má dheireann tú é sin (fc. dod)