Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh le
1.
+
Beidh sé ag dul le abhainn anocht (ag dul ar an abhainn ag saighdeadh)
Chaith sé an lá ag dul suas agus anuas le abhainn (leis an abhainn, fc. samplaí téigh go)
TUILLEADH (21) ▼
Chuaigh sé siar le claí
Gabh anonn le bóthar
Téirigh soir le cladach
Gabhfaidh mé ann le loch — gabhfaidh mé san áit a bhfuil mé ag dul, le dhul le taobh na locha
An ndeachaigh sé le cladach le cupla oíche
Chuaigh mé le cladach ar maidin ag tóraíocht raic (wrack)
Gabh suas le balla as sin
Chuaigh mise le balla agus chuaigh seisean ar colbha (i leaba)
Chuaigh siad siar le tórainn
An ndeachaigh tusa siar le sconsa an uair sin (leis an sconsa)
B'fhearr dhuit a dhul suas le bruach nó feicfidh sé tú
An ag dul le sruthán atá tú. 'Sé is fearr duit
Ní thú a chonaic mé ag dul soir le céibh
Gabh anonn le uachtar
An ndeachaigh tú siar ó dheas le íochtar
Má tá tú ag dul le claise, ná fág aon cheo broimfhéir ann. Tá an geadán sin le claise (clais an tsrutha) an-tsalach
Chonaic mé an bád ag dul siar le cloich (fc. cloch)
Chonaic mé é ag dul suas le easca inniu
Sin é an áit a fheileas duit: a dhul le leachta. Tá an talamh sin deacair
Ná téirigh soir le cnocán ansin. Tá an áit faoi dhriseachaí agus faoi dheilgní ar fad
Ná gabh síos le trá chor ar bith. Ní bhfaighidh tú a dhath ansin
2.
a.
+
Tá an bád ag dul le sruth — ag imeacht sa bhfeacht
Má bhaineann tú maide (crann) ar bhruach na habhann agus a chaitheamh amach, gabhfaidh sé le sruth anuas go dtí an chora bheag agus féadfaidh tú a thógáil go deas ansin
TUILLEADH (3) ▼
Sin curach atá ag dul le sruth
Níl ansin ach feamainn atá ag dul le sruth
Chuaigh sí le sruth orainn faoi thoil deona Dé
·
Chuaigh curach le gaoith anseo thiar aréir — d'imigh sí den chladach ag an taoille
Sin cuid den fheamainn atá ag dul le gaoith (fc. gaoth)
·
Tabhair aire dhuit féin ag dul le fána. Níl na brakes sin thar mholadh beirte
Chuaigh sé le aill — thit sé le aill; le fána aille
b.
+
Ná lig do do mhaidí a dhul le sruth anois — ná lig aon bhuille marbh in do ghnaithí
Tá airgead ag dul le gaoith anseo istigh — dhá chaitheamh go rabairneach nó go drabhlásach
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé imithe le gaoith anois — an t-airgead caite
3.
a.
+
Tá sé ag dul le buile — olc nó fearg air
Chuaigh sé le buile agus le báine (báiní) — tháinig olc srl. air; bhuail olc é
TUILLEADH (4) ▼
Gabhfaidh sé le dod má dheireann tú é sin (fc. dod)
Rachaidh sí le cuthach (le gaoth na gcnoc) má chloiseann sí sin
Chuaigh sé le drabhlás — chuaigh sé chun drabhláis
Chuaigh sé le fán ar fad le gairid
b.
+
Tá sé ag dul le dlí — ag foghlaim dlí; le slí bheatha a dhéanamh den dlíodóireacht srl.
Gabhfaidh sé le ceird — ag foghlaim cheirde
TUILLEADH (11) ▼
Tá sé ag dul le ceird
Nach breá nach ndeachaigh tú le ceird eicínt fadó, agus gan a bheith ag cur do shaoil amú mar sin
Nach gann a chuaigh an saol air, más in í an cheird a ndeachaigh sé léithe faoi dheireadh
Tá chuile cheird cinnte ort anois. Meas tú an ngabhfá le gadaíocht nó le crochadóireacht. Dhá cheird ghnaíúil go leor iad sin bíodh a fhios agat
B'fhearr dhó a dhul le scoil ná leis an gceird sin. Dheamhan lá foráis a chonaic mé ar aon duine ariamh a chuaigh le táilliúireacht: ag imeacht ag ól agus ag bruíon i chuile áit — sin é a gceird
Chuaigh sé le gréasaíocht i dtosach, ach ghráinigh sé di sin, agus chuaigh sé le gaibhneacht ansin. An dá mhar a chéile an ball séire agus a ghiolla chreidim
Ní dheachaigh sé le fíodóireacht nó go raibh aois mhaith aige. Bhí na chúig bhliana fichead sáraithe aige déarfainn
Is sean sa saol nó go ndeachaigh sé le cneámhaireacht, ach má ba shean fhéin, thug sé isteach ar chaill sé roimhe sin, murach gur cuireadh i bpríosún é
Sílim go rachaidh mé le bádóireacht ar fad
Ghabhfadh an mac is óige le siúinéireacht — 'sé a raibh uaidh é — dhá bhfaigheadh sé aon ugach, ach sin rud nach bhfuair sé. B'fhearr leis an athair a bheith ag breathnú ansiúd orthu ag leiciméireacht ná a gcur le ceird fhiúntach ar bith. Tá rud ar a shon aige anois
Nuair a ghabh sé sin le bocsáil i dtosach ní raibh oiread priompalláin ann. Ach chaith sé léithe ina dhiaidh sin ariamh ó shin
4.
+
Chuaigh sé leis — chuaigh sé ag troid (ag coraíocht, ag dornáil srl.) leis
An bhfuil aon mheas agat ort fhéin. B'fhearr dhuit a dhul liom
TUILLEADH (6) ▼
Bhí siad líofa ceart a dhul le chéile, ach rinneadh eadarascán. Bhí a ligean le chéile go bhfeicfí cé acu ab fhearr
Ní ghabhfaidh mise leis. Ní comórtas ar bith dhom é — fear atá dhá ramhrú le feoil chuile lá
'Anois b'fhéidir, is gearr go mbeidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach,' adeir P. Ch. agus an bheirt ag tarraingt ar a chéile agus ag cur gotha troda orthu féin. Ach ní ghabhfaidís le chéile ina dhiaidh sin. Bhí claonadh ag chaon duine acu ón gceann eile
Téidís le chéile anois más breá leo é. Tá mise sáraithe ag déanamh réitigh ó tháinig an oíche. Is mór an peaca, ó tá an oiread sin díocas orthu, go gcoinneofaí ó chéile iad
Ghabhfainn leis muise, murach leisce a bheith orm a ghortú. Théis ar dhúirt sé liomsa, diabhal mé go bhfuil gnaoi agam air. Ba é an t-ól a chuir an deis air a bhí air
Téirigh leis má tá an oiread sin fonn ort, agus ná bí ag sceaimhínteacht ansin i bhfad eile. Troid na mbó maol a bheas sa troid seo sílim
5.
+
Breá má d'iarr sé thú nach ndeachaigh tú leis (ag obair)
Chuaigh mé lá leis (ag obair dó) anseo anuraidh ag baint fhataí agus diabhal aithne a bhí air nach do mo íoc a bhí sé, bhí a laghad sin buíochais aige orm. Beidh a shliocht air: beidh fiannaíocht air shula chuirfeas mise láí i dtalamh aríst aige.
TUILLEADH (6) ▼
Nach diabhlaí nach rachadh sé leat má tá páí ag teastáil uaidh, ach is fhearr leis ag imeacht ag leadaíocht mar siúd
Nach dalba an mhaise dhó é. Bhí M. Ph. Mh. dhá iarraidh cupla lá leis an móin agus thairg sé seacht is sé pínne sa ló dhó, ach dheamhan a chos ná a chnáimh a ghabhfadh lá ná leiceann leis mura bhfaigheadh sé deich scilleacha sa lá. 'Is túisce a thabharfadh an Diabhal leis thú ná a thabharfainnse deich scilleacha dhuit,' adeir M.
Chuaigh P. Sh. dhá lá leis ar son Dé agus bhain sé naoi scilleacha sa ló dhó (dhe). Tá breith a mbéil féin anois ag fir fánaí
Ní rachadh aon duine acu lá leat dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire agat, théis cúigear leoistí acu ann agus gan tada ó Dhia anuas ar a n-aire féin ach ag coinneáil míoltógaí de na fuinneogaí
Bhí agat a theacht cupla lá liom ag baint choirlí. Fear breá teangmháilte mar thusa nár mhór le na liúrachaí siúd a thabhairt ón mbun
Is mór an díol trua í gan duine ar líon na gCríostaithe aici le súileoig fhataí a chur. Ba mhór an trócaire do bheirt nó triúr agaibh a dhul cupla lá léithe agus an póicín fataí siúd a chur di. Ní bheadh sibh aon chupla lá leis chor ar bith
6.
·
Chuaigh sé leis abhaile — d'imigh leis abhaile; shiúil sé leis abhaile. imigh go hiondúil sa leagan seo
7.
+
Lena athair atá sé ag dul — d'aithneofá as a athair é; tá sé ag dul i gcosúlacht lena athair as a chruth agus a dheallradh; 'siad na bealaí céanna atá leis agus atá leis an athair
Ní liomsa a chuaigh tú. Dhá mba ea, ní thiocfá abhaile den aonach gan do dhóthain a bheith ólta agat. D'ól mé mo dhóthain agus thug Dia rud dom ina dhiaidh sin. Deir siad go dtugann sé do chroí a chaite é. Le muintir do mháthar atá tú ag dul. Ní fhaca mé ariamh iad nach ina gcreagairí a bheidís, ní fhaca sin
TUILLEADH (11) ▼
Cé leis a bhfuil sé ag dul meas tú. Déarfaidís seo gur liomsa é, ach feictear dhom go bhfuil súile friochanta an athar aige agus an smig
Go deimhin duine ar bith a chonaic an mháthair ariamh, is furasta a aithinte dhó gur léithe atá sí ag dul: na malaí céanna agus an clab troisc céanna freisin
Le t'athair atá tú ag dul críochnaithe. Tá cúl do chainte leat go díreach mar atá leisean
Má théann tú le na C-e, beidh gnaoi na ndaoine ort. Ba lách feiliúnach an dream ar chnoc agus ar chnocán, ar bhóthar agus ar fheadán iad ariamh, ní as ucht mise dhá rá é
Níl a fhios agam cé leis a ndeachaigh tú chor ar bith le go mbeifeá in do fhleascach mar atá tú. Is deas pointeáilte an bhean í do mháthair, agus ní taise do t'athair é: tá sé sách gusúil lena rogha gnaithe a dhéanamh
Má théann sé lena sheanathair, beidh a dhóthain cóirí catha aige ar chuma ar bith
Is tú t'uncail déanta. Ní le duine ar bith eile atá tú ag dul ach leis! 'Sí an spágaireacht chéanna atá ag an gcúpla agaibh bail ó Dhia oraibh, ó chaithfeas mé é a rá libh
Deile cé leis a mbeadh sé ag dul ach le muintir a athar. Tá an braon mór ann bail ó Dhia air. Cuirfidh sé sin taobhach ar dhaoine ach a dteaga aois dó. Searradh bó (bua?) agus biseach ort, a mhaicín!
Nár ba buil le Dia é a dhul lena sheanmháthair ar chaoi ar bith, mar b'olc í go ndéana Dia grásta uirthi
Dhá dtéinn leatsa, ní easpa treallúis a bheadh orm ar chaoi ar bith
Ní dheachaigh S. Ph. Mh. le T. má bhí gaol féin aige leis — ní raibh siad ar aon cháilíocht
8.
·
Tá tú ag dul rófhada ar fad leis an scéal (leis an gcaint, leis an magadh; leis an ealaín srl.) anois — dhá leanacht rófhada; dhá chur i bhfad scéil; is gearr go gcuire sé fearg nó míthaitneamh ar dhaoine mura n-éirí tú as
9.
a.
+
D'fhéach sé sin féin ach ní dheachaigh leis — níor éirigh leis; chinn sé air a bheart nó a chúis a chur i gcrích
Shíl sé an chréatúlacht a dhéanamh ach ní dheachaigh leis. Tapaíodh in am é
TUILLEADH (9) ▼
Má ghníonn sé sin muise, ní rachaidh leis. Leabharsa féin ní rachaidh
Má chuaigh leis an uair sin, ní rachaidh leis i gcónaí. Dhá fhad dhá dtéann an madadh rua, beirtear air sa deireadh ina dhiaidh sin
Chuaigh sé ar chneámhaireacht ag ceapadh nach mbraithfí é, ach ní dheachaigh leis. Rugthas air ina dhiaidh sin agus chuaigh sé daor air
Is maith an scéal é nach ndeachaigh leis sin ar chaoi ar bith. Mharaigh sé a bhean: nach raibh sé follasach ag feara Fáil. Níor thrua ar bith é, ná aon duine eile a dhéanfas a mhacasamhail de chleas
Is beag nach ndeachaigh leis an bhfear sin a chuir a bhean sa tobar. Ach chiontaigh sé féin é féin ina dhiaidh sin. Dá fheabhas a mbíonn de phleanannaí acu, fágann siad marach eicínt ar a gcuid cúrsaí i gcónaí. Murach go bhfágann: ní bheadh duine ar bith sa tír sa gcomhaireamh ceann. Bheadh chuile dhuine maraithe ag duine eicínt eile
Ní dheachaigh leat a ghleacaí an babhta sin dhá imeartha thú. Shíl tú go raibh mise feidheartha agus go n-éireodh cúig leat ar do dheich san achar gearr. Is cosúil nach miste leat faoin mbun ard, ach do chúig féin a fháil
Ní rachaidh leis muis, nó is cinniúint ormsa é. Tá cupla gíománach agamsa sna bólaí sin, agus níl agam ach an scéal a mheabhrú dhóibh agus ní chuideoidh siad tada leis ach a dtosaí siad
Ní rachadh leo murach an chaoi a dtáinig an saol agus gur áitíomar féin a chéile. Bhí sé bruite ar bhainne dhó agus gheobhadh sé a phosóid. Ach ar an dá luath is ar éirigh power leis an dream eile, thosaigh sé ag brú orthu agus ba ghearr go mba é togha an domhain acu é. Theastaigh a bhót agus a chuid airgid uathu agus buaileadh cois ar an spíodóireacht. Is ait an mac an saol a dheartháir mo chroí!
Is aigeanta an mhaise dhó é, ach ní rachaidh leis feadh is mise T. a fheiceáil. Deirimse leat go n-inseoidh mise do T. cé hé féin agus céard a shíl sé a dhéanamh orainn. Dhéanfadh T. gar ar bith a d'fhéadfadh sé domsa
+
Chuaigh leis sách fada, ach ní bhíonn bóthar ar bith nach mbíonn casadh ann ina dhiaidh sin — d'éirigh leis; níor braitheadh nó níor bacadh é (fc. samplaí ní dheachaigh leis thuas. Is coitianta an leagan ní dheachaigh leischuaigh leis)
Chuaigh leat an trip sin, ach ní bhfaighidh tú ar do chomhairle féin mar sin i gcónaí é, ná dheamhan baol ort
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh léithe sách fada, ach rugthas uirthi sa deireadh dhá imeartha dá raibh sí
Rachaidh leis tamall, ach is maith an staic tamall. Ní bhíonn rud ar bith ach tamall
Chuaigh leis an-fhada leis an bpoitín, ach ina dhiaidh sin agus uileag, tógadh é faoi dheireadh thiar. Is deacair a dhul uathu (ó na póilíos) i gcónaí
b.
·
Níl a fhios agam cén chaoi a ngabhfadh sé leis murach an t-ómós atá dhá bhean — cén chaoi a mbeadh an scéal aige
Is deacair a rá cén chaoi a ngabhfadh sé leis murach go bhfuair an seanfhear bás
c.
+
Tá sé ag dul rite (crua, déan, deacair, anróiteach srl.) liom cúis ar bith a dhéanamh anois — is ar éigean a fhéadaim srl.; is beag nach bhfuil sé ag cinnt orm srl.
Chuaigh sé go snaidhm an rópa leis nár maraíodh é — chuaigh sé ríghar dó
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé chois croí liom é a fheiceáil sa gcaoi sin, ach céard a d'fhéadfainn a dhéanamh — chuir sé an-charghas orm

Féach freisin

dod
le