Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh thart
+
Chuaigh an lá thart gan aireachtáil — d'imigh sé
Chuaigh an oíche thart, agus dheamhan easna dhíom a chuimhnigh air
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a d'aireofá an bhliain ag dul thart
Ní aireofá an t-am ag dul thart chor ar bith (ní aireofá an t-am ag imeacht, is minice adeirtear)
+
Chuaigh an múr thart — ní dhearna sé aon bháisteach ach go raibh gotha báistí air. B'fhéidir gurb í a chaitheamh leatromach a rinne sé
Bhí an-dúchan ann inniu, ach chuaigh an múr thart ina dhiaidh sin
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh an gála sin thart an-éasca — níor bhain sé mórán as; ní raibh an gála i bhfad ar siúl
Téann na ráigeanna seo thart dubhsciobtha, ach nach beag dhóibh a ndonacht an fhad is a mhaireas siad
Chuaigh an soinneán sin thart sách tréan, ach is gearr uaidh ceann eile
Fainic nach bhfuil an toirneach ag dul thart anois. Níl sí chomh gártha agus a bhí sí míle buíochas le Dia
+
Chuaigh an slaghdán thart gan aon tseadú a dhéanamh i mbliana agus ba bhreá an chaoi é. Ach bhí an uair cineálta
Chuaigh an triuch sin thart san earrach ach níor bhain sí aon achar as na gasúir mar sin féin — bhí sí ann
TUILLEADH (3) ▼
Tá an bhruitíneach ag dul thart — tá sí ann
staggers na muc sin ag dul thart, ní ag tabhairt ghutha orthu é
Shílfeá go bhfuil an slaghdán bradach sin ag dul thart aríst. 'Sé an t-athshlaghdán aige anois é agus a ghairdeacht agus ó bhí sé ann cheana
+
Bhí sé ag dul thart anseo cupla bliain ó shin go raibh J. agus a bhean le teacht abhaile agus leis an talamh a bhí ag máthair na mná a bhaint amach, ach níl tada faoi ó shin
Tá an scéal sin ag dul thart ar aon nós, ach níl aon aird le tabhairt ar leath a gcloisfidh tú anois. Tá cumadóirí ar a mine ghéire ag cur amach bréag. Níl a fhios agam cén sásamh a thugas sé dóibh chor ar bith, ach tá siad amhlaidh ar chaoi ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Má chloiseann tú ag dul thart go dtáinig sé dhá hiarraidh, ná caintigh ormsa, ná ná lig ort gur chuala tú tada ina thimpeall
Ní thugaimse cluais do leath a gcloisim ag dul tharam, ach is cosúil ina dhiaidh sin go raibh údar eicínt leis an luaidreán sin. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine, arsa tusa
Dhá gcloiseadh sé rud mar sin ag dul thart, bhréagnódh sé é ar an toirt, agus dhá mbréagnaíodh féin, is aige a bheadh an ceart
Bíonn an oiread siomóideachaí agus paiteannaí ag dul thart agus dhá ngéilleadh duine dhá leath go mbeadh sé ina chíor thuaifil. 'Sé an chaoi a mbím féin, ligim isteach i gcluais iad agus amach sa gcluais eile, agus fágann sin nach mbíonn scéal aon duine agam

Féach freisin