Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

thart (100+)

 
abair
Déarfainn go bhfuil an cogadh ionann is thart
 
dáil
Tá an chith i ndáil le thart. Ní miste sin muis
+
dairt
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
TUILLEADH (1) ▼
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
 
dall 1
Nach thú atá thart anois, go lastar lampa dhuit. Murach peataíocht ort ní theastódh solas ar bith uait leis an ngreim sin. Is léir don dall a bhéal
 
damhsa
Píobairí a bhíodh ag dul thart fadó, agus chaithfeadh chuile dhuine a dhul amach ar lom an urláir ar a aghaidh féin: sin nó fear a dhul amach agus bean ar a [...]
 
Go ndamnaí an cat mara é mura beag an fiúntas é. Níor chomaoin dó muise thusa a ligean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fia dhá gcastaí thusa air ag béal do dhorais féin, is beag an baol go ligfeá thart é gan fiafraí dhó (dhe) an raibh béal air.
 
daor 1
Is daor an chúig ort í mar b'éigean duit do chuileata a chailleadh léithe. Ach bí buíoch dhó seo thall nach bhféadfadh é a ligean thart gan a dhóín brocach a shacadh isteach
+
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
 
Is fiú an anachain a sheachaint adeir siad. Má ligeann tú thart an drochdhuine, ní baol duit an dea-dhuine
 
déag
Bhí sé as na déaga shula ndeachaigh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart ansin lena chóta dearg agus é ina chliobaire mhór shínte. Chonaic mise tite ar meisce é faoina chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe den chích anois nuair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orthu …
 
dealbh 2
Ní bhfuair mé aon tuigarette(cigarette) dhár dhealbh an ghrian le dhá lá. Tá mé thart dhá bhfuireasa
+
déan 1
Breá nach ndéanfá deifir a chur leis, agus gan é a bheith ag fálróid thart mar sin i gcaitheamh an lae
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a ligeadh aici é, ní dhéanfadh sé a shlat chor ar bith. Thosaigh sé ag smúrthacht thart, ach shílfeá gur coimhthíos a ghlac sé léithe, nach ngabhfadh sé ina gaire. Tarbh gan mórán maitheasa é sílim; ainneoin lán laidhre a thabhairt air.
Tá tú ag déanamh uisce. Tuige ar lig tú an ceathairín sin thart gan snaidhm a thabhairt dó — tá tú ag cliseadh le na cártaí. Níl tú ag cur ar do shon féin chor ar bith
 
Ná déan beag ná mór léithe sin, ach lig thart í. Lig thart an fear aniar agus ní baol duit an fear anoir adeir siad
+
Tá déanta lena bhás. Lig de do chuid cumadóireachta anois. Dheamhan tinneas ná tromas air más in é do scéal. Nach bhfaca mé ag stolladh rómhair é sa ngarraí ó dheas den teach inné agus mé ag dul thart
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal fear beo a d'fheicfeadh é nach n-abródh gur tincéara déanta é. Tá an ghruaig agus an ceannaghaidh céanna air agus atá ar na M.s a d'fheicfeá ag dul thart ansin
 
Dhá mbeadh déanamh maitheasa ann, ní ag mháinneáil (fáinneáil?) thart ansin ar feadh an lae a bheadh sé agus a gharraí thart cheal glantacháin. Fuair sé an saol róleisciúil san am a chuaigh thart; gan call dó buille ar bith a dhéanamh nuair a bhí lán tí acu ann. Ach bainfear siar as é anois ó tá sé ina aonraic
 
Sin é ar ndóigh an dearcadóir atá sa mbeairic. Is beag a ligfeas sé sin thairis deirimse leat. Tá sé ag dul thart i gcónaí agus na cluasa bioraithe aige ag iarraidh fairnéise
 
dearg 1
Bhí an t-urlár fré chéile dearg le fuil ach a raibh an troid thart
 
Flainín geal a bhí ann i dtosach, ach dhathaigh sí é, agus tá sé ina dheargán anois. Sin é a ghnídís uileag fadó leis an bhflainín thart anseo. Bhíodh cótaí dearga, agus cótaí gibíneacha agus cótaí cóirithe acu. Ní fheicfeá a malrait chor ar bith. Déanann na seanmhná fós é; (n)ach a n-imí an líne seo, is beag na cótaí dearga a fheicfeas tú. Is mór a d'athraigh an saol le scór blianta féin
 
deas 1
Ba deas í mo cheird muis, ag brú seanchaillí thart i gcairrín! Dhá mbeinn gan aon bhuille oibre a fháil le mo ló, ní dhéanfainn é
+
Dheasaigh muid isteach i ndoras siopa nó go raibh an ráig thart
TUILLEADH (3) ▼
Deasaigh thart! Deasaigh thart adeirim. Is deacair dhom thú a bhleán mar seo — bean le bó
Nuair a dheasaigh mé na pluideannaí go maith thart timpeall orm sa leaba, dheamhan a dhath fuaicht a d'airigh mé níos mó
Diabhal fuacht a bheadh ort ar an jaunt siúd, dá ndeasaíteá an rug thart faoi do chosa
+
deifir
Ní fhaca mé aon deifir faoistin ariamh ort thar aon duine sa teach. Murach gur tapaíodh tú anuraidh, bheadh faoistin na Cásca ligthe thart agat
TUILLEADH (1) ▼
Lig an deifir thart — suigh síos agus lig do scíth
 
Más ag dul thart an bóthar féin a bheas sé, bíonn deimheas air féint a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit den tsórt sin. Agus siúlann sé chomh mion chomh réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. Ar ndóigh, d'éireodh dhó: 'sé an dearcadóir atá sa mbeairic anois é
+
Bhíodh duine acu sin fadó ag dul thart anseo ag cruinneáil a chodach — ag iarraidh déirce
TUILLEADH (1) ▼
An déirce bheag sin féin, murach é, bheadh cuid de na daoine thart
 
Agus tá sé thart faoi dheireadh thiar. Dar mo choinsias, má tá féin, tá sé in am sin aige at long last(at last — faoi dheireadh)
+
deis
Má fhaigheann tú aon deis ar aon phíopa in áit ar bith, croch leat é. Tá mé thart d'uireasa seandúda eicínt
TUILLEADH (3) ▼
Tá deis anois acu le móin a bhaint thar is le sleáin. Chonaic P. Mh. iad dhá baint leis thart síos. Bhainfeadh sé an oiread in imeacht uaire le céad sleádóirí.
Ghabhfadh sí thart ar an mbóthar anois gan beannú duit. Tá sí an-mhór inti féin i gcónaí, té (cé) nach mórán le cois na sláinte atá aici anois. Má tá sí in ann snáth a choinneáil faoin bhfiacail, 'sé a clochneart é. Ach tá an onóir inti ina dhiaidh sin — an onóir gan deis
Níl duine ar bith thart sna bólaí sin nach bhfuil láidir i ndeis. Is dóibh is fusa. Déanann siad iarmhais mhóra ar bhainne. An fear is lú beithígh ansin, bheadh suas is anuas le cúig nó sé de cheanna aige
 
Tá sé siúd deisithe i gcónaí le dhul chun cainte lena rogha fear a chasfar thart
 
deoch 1
Tá na gamhnaí sin thíos thart cheal deoch (deoch adeirtear go hiondúil i gcásanna den tsórt seo agus ní uisce)
 
Níor tháinig aon bhiseach ariamh air, ach ina dheoraí dhona mar sin. Cén bhrí ach dá mbeadh aon dreach air. Ach mo léan níl, ach ina bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhadh sé ina dhiaidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus sa mbealach ar chuile dhuine
+
dia 1
Ní iarrfadh sé choíchin ach ag rámhóireacht thart mar sin go bhfeiceadh sé céard a bheas chuile dhuine eile a dhéanamh, agus gan é ag déanamh a dhath ariamh dhó fhéin. Is iomaí duine ag Dia adeir siad, agus ní móide gur fearr beirthe é. Dhá mbeadh chuile dhuine ina Mh. T. Ch. ba chaillte an saol a bheadh ann freisin
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an tslí chun Dé an cogadh a bheith thart. B'fhéidir go bhfairsingíodh rud eicínt anois
+
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thart í muis, crosaim aríst thú, dheamhan feoil a gheobhas tú anseo
TUILLEADH (1) ▼
Go dtuga an diabhal thart é mar chat! Is breá an geampa feola atá ardaithe leat agat! Ach ní milleán ort é ó d'éirigh sé leat! 'Sé an bia sa sruth fola do ghreimse ar chaoi ar bith!
 
diaidh
Tá muid ag cruinniú romhainn agus ag bailiú inár ndiaidh ó mhaidin inniu; agus 'sé a bhfuil againn fós coróin. Tá faitíos orm nach mórán gnaoi atá ag muintir na háite seo ar a (ár) gcuid spóirteannaí. Dhá dtéadh fear thart le aghaidh elections nó rud mar sin, is maith teann an spaga a bheadh tráthnóna aige.
 
Dífhoscadh ar fad é bóthar an tsléibhe sin. Tá sé an-rite, agus gan claí na fál leis le múr a ligean thart faoi
+
dioc
Féacha an dioc fuaicht atá ar an duine bocht. Tá sé ar creathadh leis. Nach mór an t-ionadh nach gcuirfidís snáth eicínt éadaigh thairis sin air, gan é a ligean thart maolscríobach ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag dul thart le seachtain agus gioc air ag an tinneas droma. Dar fia beidh gioc air ach a mbeidh an tseanghráinseach siúd saothraithe aige
 
Sin í a cheird sin ó dhubh go dubh, ag diocaireacht ar chúla claíochaí go bhfeice sé cé a bheas ag dul thart, gan é féin a thabhairt le taispeánadh
 
Ní fhaca mé aon díocas ariamh mar a bhí air ag cnádadh an phíopa. Cén bhrí ach tá lorga an phíopa chomh gearr. Is diabhlaí dúlaí a bhí sé ann. Tá mé ag ceapadh go raibh sé thart d'uireasa gail
+
Is beag an díogarnach lae atá ann anois ó théas an bus thart. 'Sé an áit ar scoith sé muid an oíche faoi dheireadh ag ceann abhus na D. M., agus bhí sé ina oíche dhubh orainn sa mbaile, théis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo bhliain. Faoi cheann míosa eile — sea agus cuid is lú ná sin — beidh sé ina oíche ar an mbus ag an S.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí díogaranach lae agam go dtí bóithrín Ch. E. agus ó bhí mé ar A. Th., níor airigh mé an chuid eile. Ar ndóigh fánán anuas uileag é uaidh sin amach. 'Sé an réim ó L. go bóithrín Ch. C. an chuid is buaine den bhóthar sin. Ó chuirfeas tú thart é sin, ní fiú trácht ar an gcuid eile
Chonaic mé díogarnach sholais isteach thríd shiúntaí na gcláir. Bhí a fhios agam ansin go raibh daoine sa siopa. Thosaigh mé ag bualadh agus ag cnagairt, ach dá mbeinn ag bualadh ó shin, ní bhfaighinn aon aird. Cén bhrí ach nach raibh mé thart d'uireasa deoch chomh mór ariamh agus a bhí mé. Ach dá dtiteadh an teanga amach asam, ba aon chás amháin dom ina gcleithiúnas siúd é
+
Má tá tú ag iarraidh díogha na talúna a fheiceáil, ná fág amach an áit a bhfuil tú. Téirigh suas sna breaclachaí agus sna diomalachaí atá thuas ansin i mB. an Ghl., agus gan garraí as chuile dheich gcinn intsaothraithe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caitear le na clochair atá thart anseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agat. An-talamh é an sliabh sin suas má fhaigheann sé giollaíocht cheart. Ach an talamh atá thart anseo, tá sé ídithe — spíonta ag feamainn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis ins chuile áit ann
TUILLEADH (5) ▼
Ní fheiceann muide bratainn ar bith sa tír mar na D. Ní call gaisce ar bith dóibh sin. Díogha na ndaoine. Ar ndóigh ní raibh de leasainm orthu sin ariamh thart anseo ach D. an bhacstaí. Ní raibh tada eile acu go dtí le gairid fhéin ach an bacstaí. Sa saol a tháinig sé go bhfuil tithe móra acu anois. Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí a stór
Maidir leis an mbarr cladaigh (feamainn), níl inti ach an díogha mura gcuirteá ar meaingeals í go díreach, nó ar thalamh soleasaithe. Is beag a bhaintear thart anseo chor ar bith anois í
Más ag tóraíocht an díogha atá tú, ceannaigh Kerry Blues. Déarfá nach bhfuil mórán gaisce ar na Weights, ach is fiú ór iad lena ais siúd. Dhófaidís an carbad ionat agus ní bheifeá seachtain dá gcaitheamh go mbeadh creatán ort. Níor airigh mé aon phuth casachta ariamh gur thosaigh mé dhá gcaitheamh. Ach cén neart atá ag duine air. Is díon déirce le duine cineál ar bith a fháil anois. Bím thart cheal gail scaití, agus tá anam duine orm nuair a bhím ar an gcaoi sin
Dar príosta muis, ní den díogha an Ghaeilge atá aige, pé ar bith cá bhfuair sé í. 'Sí atá go blasta aige: Gaeilge na tíre seo. Ní chreidfinn go mba thar tír isteach chor ar bith é murach gur inis sé dhom gur rugadh agus gur tógadh thart síos é. Ach tá sí tógtha anois acu sna scoileanna agus sna coláistí chomh maith agus atá sí againn féin
Ní den díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nár fhéad aon duine ariamh a dhul ag ithe ná ag gearradh orthu. Níor dhún siad a súil ariamh ar bhaintreach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anó. Is mór a bheadh le fán sa saol a chuaigh thart marach iad sin. Tá a fhios agat nár eitigh T. M. aon duine ariamh faoin rud a bheadh aige
 
díol 1
Dhá laghad díol dhá bhfuil ar bheithígh, bheadh na daoine thart uileag murach iad. Céard a d'íocfadh cíos, agus a cheannódh beatha agus éadach?
 
díol 2
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh lena hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
+
Shílfeá go bhfuil tú ag brath ar a dhul ag díolachán bail ó Dhia ort! Séard a bhí agat a dhéanamh anois, cupla paidrín agus glac iallachaí a fháil, agus a dhul thart dhá bhfuagairt ó theach go teach — ag siúl romhat agus ag bailiú in do dhiaidh, mar adeireadh an Ceannaí Rua a bhíodh ag dul thart anseo fadó. Chuala mé M. Ph. Sh. M. — ós aige atá a fhios chuile rud — ag rá an lá cheana gur ag díol páipéir nuaíochta ar na sráideanna a thosaigh Lipton an tae. Más ea, ba mhaith a chuaigh sé dhó. Ach bhí sé crua coinneálach agus cion aige ar chuile phínn. Tiomsaíonn brobh beart, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh sé sin ag dul thart anseo fadó le carr agus capall ag díolachán. Tae a bhíodh sé a dhíol. Bhíodh go leor de na fir tae sin ag dul thart an uair sin. Is uathu a cheannaíodh chuile dhuine tae. Ní raibh thairis sin de mheas chor ar bith ar tae na siopaí an uair sin — mura bhfaighteá ó fhear an tae é … Is gearr ó shin chor ar bith é sin …
 
díon 1
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sách dona freisin: gurb é atá. Amuigh ansin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé ina dhíle, gan díon deor aige ná gair aige corraí. Ach níl siad chomh géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a ligean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonaic mé fear acu ag teacht amach ansin thiar anuraidh …
 
Ní fhaca tú aon áit ariamh ba díonmhaire ná a bhí aige, istigh i scailp agus í buailte taobh istigh agus dalladh raithní agus féir faoi is thairis. Diabhal clóic ar bith a bhí ar fhear na tíre sin san am sin. Bhí neart scailpreacha agus uaineanna aige le dhul ar a chaomhúint féin iontu. Ní raibh go dona ann ach an dream thart thíos nach raibh áit ar bith acu. Dhá dteagadh an ruaigeadh aríst, ní mheasaim go mbeadh sé chomh héasca ag na daoine a gceann a thabhairt leo agus a bhí sé aimsir na dTans
 
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin an áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtuga an diabhal thart é, ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
 
díth
Tá díth bróg orm as éadan anois le dhá bhliain. Cheannaigh mé péire bróg thoir sa mB. tá cheithre bliana go Cáisc seo caite. Seacht fichead a thug mé orthu. Chaith siad trí phéire tosaigh dhom. Dhá bhliain go Féil Bríde seo (gha)bh thart a thug mé do thincéara iad a tháinig ansin. Ní raibh aon bhróig faoi shásamh agam ó shin
 
diúg
Is agat atá an diúgadh air. Ní chaillfidh sé thú. Caith siar í as láimh, go lige mé thart an blogam seo shula thiocfas aon duine isteach. Níl cuid an roinnte ann
 
Bundún bradach! Ghabhfadh sé thart ar an mbóthar agus ceannaghaidh chomh diúltach air agus go mbeadh faitíos ort beannú dhó. Is minic a chasas sé liomsa agus téann muid thar a chéile, ionann is dá mbeadh gan aithne ar bith a bheith againn ar a chéile. Dar príosta, ní bhfaighinn ó mo chlaonta beannú dhó scaití chor ar bith. Is breá an rud duine a bheas cúnsclaí fáilí nuair a chasas sé leat
+
Bhí an lá ag diúltú dhá sholas inniu nuair a chuaigh an bus thart. Ach chreidim gur suarach an t-ionadh sin agus muid ar ghearrógaí dubha na Nollag. Ba mhór ab fhiú é dhá mbeadh an lá casta féin. Dheamhan a n-aireodh duine síneadh ag teacht air aríst
TUILLEADH (1) ▼
Na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu — a thug a bhean sin leo. Ba in í an chaint a bhí ag dul thart ar aon nós. Ar ndóigh chaon darna duine dhá n-imíodh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imíonn an duine, tá sé imithe agus sin é a bhfuil ina thimpeall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
+
dlaoi
Leagann sé na dlaoitheachaí thart ar sraith gan a nglanadh chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Pioc an sop as an dlaoi sin. Is maith an buanaí thú! Ní féidir go bhfuil tú dhá leagan thart mar sin ar feadh an lae. Má tá muis, níl ann ach athobair. 'Sé a théifeas má tá mórán de shop an tséaláin sin ann
 
dlús
Ó tharla an cogadh a bheith thart anois, ba cheart go mbeidís ag cur dlúis le rudaí aríst. Is gearr go mba cheart do tae a bheith isteach agus d'ola lampa
+
Shíl muid nach mbeadh aon seamaide féir ag gabháil linn nach mbeadh ina aoileach nuair a thosaigh sé ag caitheamh corrbhraon. Bhí cion chúig choca mhóinéir istigh ar an iothlainn agus gan slám dó (de) buailte os cionn a chéile againn an áit a raibh muid ag iarraidh na garrantaí i bhfad ó láthair a tharlú isteach sula dtosaíodh muid ag cocadh. Is muid a bhí in anchaoi ceart, ach féacha míle buíochas le Dia, gur imigh sé thart gan faice a dhéanamh. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
TUILLEADH (2) ▼
Go ndéana Dia grásta air muis, ba bheag an doicheall é roimh an té a bhuailfeadh isteach aige. Dhá mba é an fear ab fhaide amach uaidh in Éirinn é, ní ligfeadh sé amach é gan an chomaoin chéanna a chur air agus a chuirfeadh sé ar a dheartháir. Níor fhéad aon fhear ariamh a rá gur fhága sé tí M. Bh. Mh. faoi thart ná faoi ocras
Níl fear ag brú ar an doicheall go dté sé go Baile Átha Cliath. Chuamar ann anuraidh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóraíocht áite a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éileamh. Bheifeá ag bualadh leathuair ar an doras gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an doras féin, ní thabharfaidís air ach faonoscal. 'What do you want,' agus chuile dhuine acu agus iad chomh míchéatach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! Nuair a bhí streoillín streille déanta againn den oíche, agus muid sáraithe ag siúl, sea a casadh fear linn a thug chuig a theach féin muid …
 
Dhá mbeadh an bóthar chomh doicheallach anois agus atá na clagfharraigí atá thart faoin gCeann, ní fhéadfaidh muid loiceadh anois. Seo linn anois! Dhá dheannachtaí dhá bhfuil an bealach, bainfidh muid ceart dó (dhe) le cúnamh Dé. Rinne mise é oícheanta níos measa
+
dóigh 1
Boss réidh go leor é. Mura bhfeiceadh sé thú ag déanamh dóighe den scéal ar fad ní abródh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. ansin thiar anuraidh ag baint chlocha reatha i ngarraí D. Shuigh muid síos agus na piocóideachaí caite uainn againn. Diabhal easna dhó nár théaltaigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnaithe orainn. Meas tú céard a rinne sé: a dhroim a thabhairt dúinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an bara uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uillinneachaí air fhéin ag dradaireacht le chuile bhean a théadh thart an bóthar
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon dóigh cruithneachta istigh ar do bhaile. Cá'il sé? Shílfeá go raibh an talamh dhúrabháin sin thíos agamsa chomh maith agus a bhí le fáil lena haghaidh, agus chonaic tú féin an cleas a rinne sí ann an bhliain cheana. Ní raibh ceo dhá barr ariamh agam nach síobhaisín beag nárbh fhiú do sheacht mallacht é. Ba í an díogha ceart í lá is nach ndrannfadh J. Ph. É. léithe agus é thart cheal údar poitín
Níor shuigh mé síos mar ní bhfuair mé an dóigh. Dhá gcastaí duine ar bith thart ann a dtiocfainn ag seanchas leis, ach níor casadh. Áit an-chúlráideach é
Is máistir scoile é an mac aici mar dhóigh dhe. Sea go deimhin! Bíodh sé buíoch más buachaill aimsire é in áit eicínt thart síos
+
dóigh 3
D'aithneodh sé an rud a mbeadh boladh an dó air istigh i gceartlár ifrinn. Is cumasach an tsrón atá air. Ach sin é a mhaith agus a mhaoin, ag smúrthacht thart timpeall mar sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá chuile áit dóite ag an spalpadh seo. Má mhaireann dó, dar Dia beidh beithígh thart cheal uisce
 
dóirt
Tá sí ag dóirteadh le fána anois is sa ngaoith. Ní mór dóibh a bheith airdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bheas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóichíde rud dó, ná a theacht ina lagar as deireadh an lae
 
Bhí dóiteán mór thart síos anuraidh agus dódh muirín ar fad ann. Níor tháinig deoraí an bhéil bheo slán as
 
Chuaigh siad siar oíche ag dolaíocht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo acu. Níl a fhios cén dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … Ar ndóigh dhá mbeirtí orthu gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrá iad. Bheadh ciall ina leithidí seachas an dream atá thart anseo nach ligfeadh an faitíos dóibh breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolraithe
 
Chonaic mise iasc glas istigh ansin thíos bliain. Bhí líonta cléithe agus camógaí agus chaon tsórt againn ina n-éadan. Tháinig siad aníos chomh fada faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus nach raibh ort ach seasamh sna locháin, agus a bheith dhá gcaitheamh thart suas ar an talamh tirim le dóláimh. Ní fhaca mé a leithide de chaoi orthu ariamh. Tá sin anois cheithre bliana fichead go ham seo
+
Coicís ón Domhnach seo (gha)bh thart a bheas sé ann
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ag obair chuile Dhomhnach agus tá rath an Domhnaigh air freisin. Níl greim aige le cur ina bhéal. I gcruthúnas duit gur dona an rud gan an Domhnach a ligean thart dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
 
Tá an donn réidh an-ghann ar ghualainn na giúsaí. Níl portach ar bith suas ansin nach bhfaightheá carcair ghiúsaí ann, ach do dhúshlán faigh maide donn réidh in áit ar bith thart anseo anois. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé aon cheo dhi
 
dorn
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'iontaigh sí thart agus dheamhan easna dhó nár thosaigh ag sméideadh uirthi. Lady mhór a bhí inti, de bhean bhreá dhathúil. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfaigheadh sí tógtha an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam annsan — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon nós — ach ní raibh aon dúil mhór agam féin a dhul sa mBlackhole
+
Bhí an fear is sine a bhí ansin an-doscúch. Bhí sé amhlaidh ina ghasúr féin. An bhfuil a fhios agat céard a rinne sé agus é ina stócach ag dul chuig an scoil? Bhí an cogadh ar siúl an uair sin agus dream ag dul thart ag liostáil daoine. Diabhal easna dó nár liostáil agus b'éigean don athair agus don mháthair a dhul isteach agus é a cheannacht as aríst. Ara rinne sé sin an oiread rudaí …
TUILLEADH (1) ▼
Tá tusa ag rá go bhfuil tú féin doscúch. Tá tú buille doscúch freisin. Ach bhí mise ag caint le sagart a bhí thart ansin sa samhradh. Bhí sé ag cur caoi dhom ar a shaol fhéin shula ndeachaigh sé ina shagart. Bhí sé sa gCogadh Mór agus amuigh sa mbriseadh. Théis an chogaidh, bhí sé ag obair i gcineál eicínt teach lóistín i Sasana agus ní bheadh a fhios agat cén pointe a mbainfí an bhaithis asat ann. Bhí chuile chineál duine dhá dhonacht ag tarraingt ann: murdaróirí, gadaithe agus mar sin. D'fhan sé ann ina dhiaidh sin. Nár dhoscúch an mac é sin. Agus tá sé ina shagart anois, agus ina thogha sagairt, cheapfainn
+
An drabhlás a chuir le fán iad. Bhí geadán deas talúna ansin thuas. A n-athair a shaothraigh chuile throigh dó. Bogach bháite a bhí ann go dtí sin. Ach chuir sé togha caoi air. Ar an dá luath is ar imigh sé, chuaigh an drochrath air. Ní ba drochrath go dtí é. Ón máthair a thug siad an drabhlás. I nDomhnach bhí sí féin chomh dona le ceachtar acu. Is minic a chaith sí oíche go maidin thíos ag an D. ina dteannta. Cén chaoi eile a bhféadfadh an chlann a bheith, ach mar a bhí siad. Fuair duine acu bás ar an sliabh. An ceann eile, d'fhága sé an baile ar fad agus bhíodh sé ag dul thart ar aimsir in áit ar bith a bhfaigheadh sé glaoch. Is beag an chónaí a ghníodh sé in aon áit. Sa bpoorhouse a bhásaigh sé sa deireadh sílim. Ag S. É. atá a gcuid talúna anois. Tá an teach tite. Sin é an bhail a d'fhága an drabhlás orthu sin
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mórán drabhláis muise sa tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meas tú an dtáinig mé leis an dá stoipéad (plug) an tseachtain seo a ghabh thart. Dé hAoine a cheannaigh mé ag an bpinsean iad. Sách sportha a bhí siad san oíche Dé Céadaoin a bhí chugat. I nDomhnach, b'éigean dom "an gaimbín" a fháil théis am dinnéir Déardaoin le mé a thabhairt go hAoine aríst. Níl an drabhlás sa tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagóir orm féin
 
Is diabhlaí an draíodóir de dhuine é. Níor bheo é mura mbeadh sé ag dul thart mar sin ag déanamh baileabhair de chuile dhuine. Fhóbair nach bhfuair sé luach a chuid gnaithí ó Sh. Ph. an oíche faoi dheireadh
 
A dhrandailín dhona, d'éireoinn in do phutógaí mura gcaithe tú thart an chaint sin. Tá mé ag éisteacht leat chuile oíche ó tháinig an bhliain ag coiriúint ar chuile dhuine, agus nach fearr an oidhe ar aon duine coiriúint ná ort féin. M'anamsa ná raibh ag an diabhal go mbrisfinn do dhrandal ar a chéile má chloisim dur uait aríst anocht
 
drann
Dhá bhfeiceadh duine madadh ag drannadh fadó rithfeadh sé sna feire glinnteachaí uaidh, faitíos gur dúchas a bheadh air. Ba deargchontúirt iad an uair sin ar chaoi ar bith agus daoine ag dul thart ag iarraidh glinniúchaí a bhaint as rible (drible, driobaill) na madraí a rug orthu