Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

thart (100+)

 
abair
Déarfainn go bhfuil an cogadh ionann agus thart
 
dáil
Tá an chith indáil le thart. Ní miste sin muis
+
dairt
Mara bhfuil aige faoi dheire th'éis a chuid scoileannaí agus coláistí ach ag breathnú indiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaoghal. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Conndae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart, ag forcabhás ar chupla buitín faochan a chruinneochas muintir an L.
TUILLEADH (1) ▼
Go dtugaidh Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí annsin … bhuel b'ionann agus gurbh eadh. Ach an t-achrann atá mise a rádh; bhí dhá bhaile uiliog amuigh. Ceann aca ar chaon taobh de'n alt siúd atá ins an mbóthar taebh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spalaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: 'chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfascadh tigh Gh. agus feiceál againn ar fad air
 
dall 1
Nach thú atá thart anois, go lastar lampa dhuit. Marach peataidheacht ort ní theastóchadh solas ar bith uait leis an ngreim sin. Is léar do'n dall a bhéal
 
damhsa
Píobairí a bhíodh ag dul thart fadó, agus chaithfeadh 'chuile dhuine a dhul amach ar lom an urláir ar a aghaidh féin: sin nó fear a dhul amach agus bean ar a [...]
 
Go ndamnuighidh an catmara é mara beag an fiuntas é. Níor chumaoin dó muise thusa a leigean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fiadh dhá gcastaí thusa air ag béal do dhoruis féin, is beag an baoghal go leigfeá thart é, gan fiafruighe dhó (dhe) an raibh béal air.
 
daor 1
Is daor an chúig ort í mar b'éigin duit do chuileata a chailleadh léithe. Ach bí buidheach dhó seo thall nach bhféadfadh é a leigean thart gan a dhóín brocach a shacadh isteach
+
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cion cheithre cléibh fhataí annsin thuas agam arbhú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú in áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhudóig i dtinneas laoigh. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drugal mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orra. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruínn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha in a scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpighne mhaith anois ionnta ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le 'chuile obair. Níl aon-ghoir aige air
 
Is fiú an anachain a sheachaint, adeir siad. Má leigeann tú thart an drochdhuine, ní baol duit an deádhuine
 
déag
Bhí sé as na déaga shul á ndeachaidh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart annsin le na chóta dearg agus é in a chliobaire mhór shínte. Chonnaic mise tuithte ar meisce é faoin a chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh 'chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe de'n chích anois an uair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orra …
 
dealbh 2
Ní bhfuair mé aon-tuigarette (cigarette) dhár dhealbh an ghrian le dhá lá. Tá mé thart dhá bhfuireasbhaidh.
+
déan 1
Breagh nach ndéanfá deifir a chur leis, agus gan é a bheith ag fálróid thart mar sin i gcaitheamh an lae
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a leigeadh aice é, ní dhéanfadh sé a shlat chor ar bith. Thosuigh sé ag smúracht thart, ach shílfeá gur coimhigheas a ghlac sé léithe, nach ngabhfadh sé in a goire. Tarbh gan mórán maitheasa é sílim; aindeoin lán laidhre a thabhairt air.
Tá tú ag déanamh uisce. Tuige ar leig tú an ceathairín sin thart gan snaoim (snaidhm) a thabhairt dó = tá tú ag cliseadh le na cártaí. Níl tú ag cur ar do shon féin chor ar bith
 
Ná déan beag ná mór léithe sin, ach leig thart í. Leig thart an fear aniar agus ní baoghal duit an fear anoir, adeir siad
+
Tá déanta len a bhás. Leig de do chuid cumadóireacht' anois. Dheamhan tinneas ná tromas air, má sin é do scéal. Nach bhfaca mé ag stolladh romhair é ins an ngarrdha ó dheas de'n teach indé, agus mé ag dul thart
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal fear beo a d'fheicfeadh é nach n-abróchadh gur tincéara déanta é. Tá an ghruaig agus an ceann aghaidh céadna air agus atá ar na M.s a d'fheicfeá ag dul thart annsin
 
Dhá mbeadh déanamh maitheasa ann, ní ag mháinneáil (fáinneáil?) thart annsin ar feadh an lae a bheadh sé agus a gharrdha thart cheal glantacháin. Fuair sé an saoghal ro-leisceamhail ins an am a chuaidh thart; gan call dó buille ar bith a dhéanamh 'nuair a bhí lán tighe aca ann. Ach bainfear siar as é anois, ó tá sé in a aonraic
 
Sin é 'ar ndú' an dearcadóir atá 'san mbeairic. Is beag a leigfeas sé sin thairis deirimse leat. Tá sé ag dul thart i gcomhnaí agus na cluasa biorruighthe aige ag iarraidh fáirnéise
 
dearg 1
Bhí an t-urlár fré chéile dearg le fuil ach a raibh an troid thart
 
Flainín geal a bhí ann idtosach ach dhathuigh sí é, agus tá sé in a dheargán anois. Sin é a ghnídís uiliog fadó leis an bhflainín thart annseo. Bhíodh cótaí dearga, agus cótaí gibíneacha agus cótaí cóirighthe aca. Ní fheicfeá a malrait chor ar bith. Déanann na sean-mhná fós é, (n)ach a n-imighidh an líne seo is beag na cótaí dearga a fheicfeas tú. Is mór a d'athruigh an saoghal le scór blianta féin
 
deas 1
Ba deas í mo cheird muis, ag brú sean-chaillí thart i gcáirrín! Dhá mbeinn gan aon-bhuille oibre a fháil le mo ló, ní dhéanfainn é
+
Dheasuigh muid isteach indorus siopa nó go raibh an ráig thart
TUILLEADH (3) ▼
Deasuigh thart! Deasuigh thart adeirim. Is deacair dhom thú a bhleaghan mar seo = bean le bó
An uair a dheasuigh mé na pluideannaí go maith thart timcheall orm ins an leabaidh, dheamhan a dhath fuaicht a d'airigh mé níos mó
Diabhal fuacht a bheadh ort ar an "jaunt" siúd, dá ndeasuightheá an "rug" thart faoi do chosa
+
deifir
Ní fhaca mé aon-deifir faoistin ariamh ort thar aonduine sa teach. Marach gur tapuigheadh tú anuiridh, bheadh faoistean na Cásca leigthe thart agad
TUILLEADH (1) ▼
Leig an deifir thart = suidh síos agus leig do scíth
 
Má's ag dul thart an bóthar féin a bhéas sé, bíonn deimheas air fea'int a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit de'n tsórt sin. Agus siubhlann sé cho mion cho réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. 'Ar ndú, d'eireochadh dhó: 'sé'n dearcadóir atá 'san mbeairic anois é
+
Bhíodh duine aca sin fadó ag dul thart annseo ag cruinneál a chodach — ag iarraidh déirce
TUILLEADH (1) ▼
An déirce bheag sin féin, marach é, bheadh cuid de na daoine thart
 
Agus tá sé thart faoi dheireadh thiar. Dar mo choinsias, má tá féin, tá sé in am sin aige = at long last (at last = faoi dheireadh)
+
deis
Má fhaghann tú aon-deis ar aon-phíopa in áit ar bith croch leat é. Tá mé thart d'fhuireasbhaidh sean-dúda eicínt
TUILLEADH (3) ▼
Tá deis anois aca le móin a bhaint thar agus le sleagháin. Chonnaic P. Mh. iad dhá baint leis thart síos. Bhainfeadh sé an oiread in imeacht uaire le céad sleaghdóirí.
Ghabhfadh sí thart ar an mbóthar anois gan beannú duit. Tá sí an-mhór innte féin i gcomhnaí, té (cé) nach mórán le cois na sláinte atá aice anois. Má tá sí indon snáth a choinneál faoi'n bhfiacail, 'sé a cloch-neart é. Ach tá an onóir innte in a dheidh sin — an onóir gan deis
Níl duine ar bith thart ins na bólaí sin nach bhfuil láidir i ndeis. Is dóib is fusa. Déanann siad iarmhais mhóra ar bhainne. An fear is lugha beithidhigh annsin, bheadh suas agus anuas le cúig nó sé de cheanna aige.
 
Tá sé siúd deisighthe i gcomhnaí le dhul 'un cainte len a rogha fear a chasfar thart
 
deoch 1
Tá na gamhnaí sin thíos thart cheal deoch (Deoch adeirtear go h-iondamhail i gcásanna de'n tsórt seo agus ní uisce)
 
Níor tháinig aon-bhiseach ariamh air, ach in a dheoruidhe dhona mar sin. Cé'n bhrigh ach dá mbeadh aon-dreach air. Ach mo léan níl, ach in a bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhfadh sé in a dheidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus ins an mbealach ar 'chuile dhuine
+
dia 1
Ní iarrfadh sé choíchin ach ag rámhóireacht thart mar sin go bhfeiceadh sé céard a bhéas 'chuile dhuine eile a dhéanamh, agus gan é ag déanamh a dhath ariamh dhó fhéin. Is iomdha duine ag Dia adeir siad, agus ní móide gur fearr beirthe é. Dhá mbeadh 'chuile dhuine in a Mh. T. Ch. ba chaillte an saol a bheadh ann freisin
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an tslí 'un Dé an cogadh a bheith thart. B'fhéidir go bhfairsingíodh rud eicínt anois
+
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thart í muis, croisim aríst thú, dheamhan feoil a gheobhas tú annseo
TUILLEADH (1) ▼
Go dtuga an diabhal thart é mar chut! Is breá an geampa feola atá árduithe leat agad! Ach ní milleán ort é ó d'eirigh sé leat! 'Sé an biadh san sruth fola do ghreim-sa ar chaoi ar bith!
 
diaidh
Tá muid ag cruinniú romhainn agus ag bailiú in ar ndiaidh ó mhaidin indiu; agus 'sé a bhfuil againn fós coróin. Tá faitíos orm nach mórán gnaoi atá ag muintir na h-áite seo ar a' (ar) gcuid spóirteannaí. Dhá dteigheadh fear thart l'aghaidh "elections" nó rud mar sin, is maith teann an spaga a bheadh trathnóna aige.
 
Dífhascadh ar fad é bóthar an tsléibhe sin. Tá sé an-righte, agus gan claidhe na fál leis, le múr a leigean thart faoi
+
dioc
Feacha an dioc fuaicht atá ar an duine bocht. Tá sé ar creathadh leis. Nach mór an t-iongnadh nach gcuirfidís snáth eicínt éadaigh thairis sin air, gan é a leigean thart maoilscríobach ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag dul thart le seachtain agus gioc air ag an tinneas droma. Dar fiadh beidh gioc air, ach a mbeidh an tsean-ghráinseach siúd saothruighthe aige
 
Sin í a cheird sin ó dhubh go dubh ag diucaireacht ar chúla claidheachaí 'bhfeicidh sé cé a bhéas ag dul thart, gan é féin a thabhairt le teasbánadh
 
Ní fhaca mé aon-díocas ariamh mar a bhí air ag cnádadh an phíopa. Cé'n brígh ach tá lorga an phíopa cho gearr. Is diabhluidhe dúlaidhe a bhí sé ann. Tá mé ag ceapadh go raibh sé thart d'fhuireasbhaidh gail
+
Is beag an díogarnach lae atá ann anois, ó a theigheas an bus thart. 'Sé'n áit ar scoth sé muid an oíche faoi dheire ag ceann i bhfus na D. M., agus bhí sé in a n-oíche dhubh orainn ins an mbaile, th'éis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo 'bhliadhain. Faoi cheann míosa eile — 'seadh agus cuid is lugha ná sin — beidh sé in a oíche ar an mbus ag an S.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí díogaranach lae agam go dtí bóithrín Ch. E. agus ó a bhí mé ar Á. Th. níor airigh mé an chuid eile. 'Ar ndú' fánán anuas uiliog é uaidh sin amach. 'Sé an réim ó L. go bóithrín Ch. C. an chuid is buaine de'n bhóthar sin. Ó a chuirfeas tú thart é sin, ní fiú trácht ar an gcuid eile.
Chonnaic mé díogarnach sholuis isteach thríd shiuntaí na gcláir. Bhí a fhios agam annsin go raibh daoine ins an siopa. Thosuigh mé ag bualadh agus ag cnagairt, ach dá mbeinn ag bualadh ó shoin ní bhfuighinn aon-áird. Cé'n bhrigh ach nach raibh mé thart d'fhuireasbhaidh deoch cho mór ariamh agus a bhí mé. Ach dá dtuiteadh an teanga amach asam badh aon-chás amháin dom in a gcleitheamhnas siúd é
+
Má tá tú ag iarraidh díogha na talmhana a fheiceál ná fág amach an áit a bhfuil tú. Teirigh suas ins na breaclachaí agus ins na diomallachaí atá thuas annsin i mB. an Ghl., agus gan garrdha as 'chuile dheich gcinn iontsaothruighthe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caithtear lena clochair atá thart annseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agad. An-talamh é an sliabh sin suas, má fhaghann sé giollaidheacht cheart. Ach an talamh atá thart annseo, tá sé ídighthe — spíonta ag feamuinn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis ins 'chuile áit ann
TUILLEADH (5) ▼
Ní fheiceann muide brothtuinn ar bith ins an tír mar na D. Ní call gaisce ar bith dóibh sin. Díogha na ndaoine. 'Ar ndóigh ní raibh de leas-ainm orra sin ariamh thart annseo ach D. an bhacstaí. Ní raibh tada eile aca go dtí le goirid fhéin, ach an bacstaí. 'Sa saoghal a thainig sé go bhfuil tighthe móra aca anois. Tá na caisleáin ag tuitim agus na carn aoileachaí ag eirghe a stór
Maidir leis an mbarr cladaigh (feamuinn) níl innte ach an díogha, mara gcuirteá ar mangols í go díreach, nó ar thalamh so-leasuighthe. Is beag a bhaintear thart annseo chor ar bith anois í.
Má's ag tóruigheacht an díogha atá tú ceannuigh "Kerry Blues". Déarfá nach bhfuil mórán gaisce ar na "Weights", ach is fiú ór iad len a ais siúd. Dhóighfidís an carbad ionnad, agus ní bheitheá seachtain dá gcaitheamh go mbeadh criotán ort. Níor airigh mé aon-phuth casachta ariamh gur thosuigh mé dhá gcaitheamh. Ach cé'n neart atá ag duine air. Is díon déirce le duine cineál ar bith a fháil anois. Bím thart cheal gail scaithtí, agus tá anam duine orm an uair a bhím ar an gcaoi sin
Dar príosta muis ní de'n díogha an Ghaedhilge atá aige, pé'r bith cá bhfuair sé í. 'Sí atá go blasta aige: Gaedhilge na tíre seo. Ní chreidfinn go mbadh thar tír isteach chor ar bith é marach gur innis sé dhom gur rugadh agus gur tóigeadh thart síos é. Ach tá sí tóigthe anois aca ins na scoileanna agus ins na coláistí, cho maith agus atá sí againn féin
Ní de'n díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nachar fhéad aon-duine ariamh a dhul ag ithe ná gearradh orra. Níor dhúin siad a súil ariamh ar bhaintreabhach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anshógha. Is mór a bheadh le fán ins an saoghal a chuaidh thart marach iad sin. Tá a fhios agad nachar eitigh T. M. aon-duine ariamh faoi'n rud a bheadh aige
 
díol 1
Dhá laghad díol dhá bhfuil ar bheithidhigh, bheadh na daoine thart uiliog marach iad. Céard a d'íocfadh cíos, agus a cheannóchadh beatha agus éadach?
 
díol 2
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
+
Shílfeá go bhfuil tú ag brath ar a dhul ag díolachán bail ó Dhia ort! 'Séard a bhí agad a dhéanamh anois cupla páidrín agus glac iallachaí a fháil, agus a dhul thart dhá bhfuagairt ó theach go teach — ag siubhal romhat agus ag bailiú in do dhiaidh mar adeireadh an Ceannuidhe Ruadh a bhíodh ag dul thart annseo fadó. Chuala mé M. Ph. Sh. M. — ós aige atá a fhios chuile rud — ag rádh an lá cheana gur ag díol páipéir nuaidheachta ar na sráideanna a thosuigh Lipton an tae. Má seadh ba mhaith a chuaidh sé dhó. Ach bhí sé cruadh coinneálach agus cion aige ar 'chuile phighinn. Tomsuigheann brobh beart, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh sé sin ag dul thart annseo fadó le carr agus capall ag díolachán. Tae a bhíodh sé a dhíol. Bhíodh go leor de na fir tae sin ag dul thart an uair sin. Is uatha a cheannuigheadh chuile dhuine tae. Ní raibh thairis sin de mheas chor ar bith ar tae na siopaí an uair sin — mara bhfaighteá ó fhear an tae é … Is gearr ó shoin chor ar bith é sin …
 
díon 1
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sáthach dona freisin: gurb é atá. Amuigh annsin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé in a dhíle, gan díon deor aige, ná goir aige corruighe. Ach níl siad cho géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a leigean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonnaic mé fear aca ag teacht amach annsin thiar anuiridh …
 
Ní fhaca tú aon-áit ariamh ba díonmhaire ná a bhí aige, istigh i scailp agus í buailte taebh istigh agus dalladh raithnighe agus féir faoi agus thairis. Diabhal clóic ar bith a bhí ar fhear na tíre sin ins an am sin. Bhí neart scailpreacha agus úaineanna aige le dhul ar a chaomhamhaint féin ionnta. Ní raibh go dona ann ach an dream thart thíos nach raibh áit ar bith aca. Dhá dteagadh an ruaigeadh aríst, ní mheasaim go mbeadh sé cho h-éascaidh ag na daoine a gceann a thabhairt leo agus a bhí sé aimsir na "dTans"
 
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin in áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtugaidh an diabhal thart é ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
 
díth
Tá díth bróg orm as éadan anois le dhá bhliain. Cheannaigh mé péire bróg thoir 'san mB. tá cheithre bliana go Cáisc seo caithte. Seacht fichead a thug mé orra. Chaith siad trí phéire tosaigh dhom. Dhá bhliain go Féil Bríde seo (gha)bh thart a thug mé do thincéara iad a tháinic annsin. Ní raibh aon-bhróig faoi shásamh agam ó shoin
 
diúg
Is agad atá an diúgadh air. Ní chaillfidh sé thú. Caith siar í as láimh, go leigidh mé thart an blogam seo shul a thiocfas aon-duine isteach. Níl cuid an rointe ann
 
Bundún bradach! Ghabhfadh sé thart ar an mbóthar agus ceannaghaidh cho diúltach air agus go mbeadh faitíos ort beannú dhó. Is minic a chasas sé liomsa agus teigheann muid thar a chéile, ionann agus dá mbeadh gan aithne ar bith a bheith againn ar a chéile. Dar príosta ní bhfuighinn ó mo chlaonta beannú dhó scaithtí chor ar bith. Is breagh an rud duine a bhéas conscluighthe fáilidhe an uair a chasas sé leat
+
Bhí an lá ag diúltú dhá sholus indiu an uair a chuaidh an bus thart. Ach chreidim gur suarach an t-iongnadh sin agus muid ar ghearrógaí dubha na Nodlag. Ba mhór ab fhiú é dhá mbeadh an lá casta féin. Dheamhan a n-aireochadh duine síneadh ag teacht air aríst
TUILLEADH (1) ▼
Na daoine maithe — diúltaigheamuide dhóib agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra — a thug a bhean sin leo. Ba shin í an chaint a bhí ag dul thart ar aon-nós. 'Ar ndú 'chaon darna duine dhá n-imigheadh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imigheann an duine, tá sé imighthe agus sin é a bhfuil in a thímcheall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
+
dlaoi
Leagann sé na dlaoitheachaí thart ar sraith gan a nglanadh chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Pioc an sop as an dlaoi sin. Is maith an buannaidhe thú! Ní féidir go bhfuil tú dhá leagan thart mar sin ar feadh an lae. Má tá muis níl ann ach ath-obair. 'Sé a théighfeas má tá mórán de shop an tséaláin sin ann
 
dlús
Ó thárla an cogadh a bheith thart anois, ba cheart go mbeidís ag cur dlúthais le rudaí aríst. Is gearr go mbadh cheart do tae a bheith isteach agus d'ola lampa
+
Shíl muid nach mbeadh aon-seamaide féir ag gabhail linn nach mbeadh in a aoileach an uair a thosuigh sé ag caitheamh corr-bhraon. Bhí cion chúig choca mhóinfhéir istigh ar an iothlainn agus gan slam dó (de) buailte as cionn a chéile againn in áit a raibh muid ag iarraidh na garrantaí i bhfad ó láthair a thárlú isteach sul a dtosuigheadh muid ag cocadh. Is muid a bhí in anchaoi ceart, ach feacha míle buidheachas le Dia gur imigh sé thart gan faice a dhéanamh. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
TUILLEADH (2) ▼
Go ndéanaidh Dia grásta air muis, ba bheag an doicheall é roimh an té a bhuailfeadh isteach aige. Dhá mbadh é an fear ab fhuide amach uaidh in Éirinn é, ní leigfeadh sé amach é gan an chumaoin chéadna a chur air, agus a chuirfeadh sé ar a dhearbhráthair. Níor fhéad aon-fhear ariamh a rádh gur fhága sé tighe M. Bh. Mh. faoi thart ná faoi ocras
Níl fear ag brughadh ar an doicheall go dteighidh sé go Baile Átha Cliath. Chuadhamar ann anuiridh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóruigheacht áit' a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éiliú. Bheitheá ag bualadh leath-uair ar an dorus gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an dorus féin, ní thiubharfaidís air ach faon-oscal. "What do you want" agus 'chuile dhuine aca agus iad cho mí-chéadtach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! An uair a bhí streoillín streille déanta againn de'n oíche, agus muid sáruighthe ag siubhal, 'seadh a casadh fear linn, a thug chuig a theach féin muid …
 
Dhá mbeadh an bóthar cho doicheallach anois agus atá na clag-fhairrgí atá thart faoi'n gCeann ní fhéadfaidh muid loiceadh anois. Seó linn anois! Dhá dheannachtaighe dhá bhfuil an bealach, bainfeamuid ceart dó (dhe) le congnamh Dé. Rinne mise é oícheannta níos measa
+
dóigh 1
"Boss" réidh go leor é. Mara bhfeiceadh sé thú ag déanamh dógha de'n scéal ar fad ní abróchadh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. annsin thiar anuiridh ag baint chlocha reatha ingarrdha D. Shuidh muid síos agus na piocóideachaí caithte uainn againn. Diabhal easna dhó nachar théaltuigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnuighthe orainn. Meastú céard a rinne sé: a dhruim a thabhairt duinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an barra uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uileannachaí air fhéin ag dradaireacht le 'chuile bhean a theigheadh thart an bóthar
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon-dóigh cruithneacht' istigh ar do bhaile. Cá'il sé? Shílfeá go raibh an talamh dhubhrabháin sin thíos agamsa cho maith agus a bhí le fáil len a h-aghaidh, agus chonnaic tú féin an cleas a rinne sí ann an bhliain cheana. Ní raibh ceo dhá barr ariamh agam nach síobhuisín beag nacharbh fhiú do sheacht mallacht é. Ba í an díogha ceart í lá agus nach ndrannfadh J. Ph. É. léithe agus é thart cheal údar poitín
Níor shuidh mé síos mar ní bhfuair mé an dóigh. Dhá gcastaí duine ar bith thart ann a dtiocfainn ag seanchus leis, ach níor casadh. Áit an-chúlráideach é
Is máistir scoile é an mac aice mar dhóigh dhe. 'Seadh go deimhin! Bíodh sé buidheach má's buachaill aimsire é in áit eicínt thart síos
+
dóigh 3
D'aithneochadh sé an rud a mbeadh baladh an dóghadha air istigh i gceartlár Ifrinn. Is cumasach an tsrón atá air. Ach sin é a mhaith agus a mhaoin, ag smúracht thart timcheall mar sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá 'chuile áit dóighte ag an spalpadh seo. Má mhaireann dó dar Dia beidh beithidhigh thart cheal uisce
 
dóirt
Tá sí ag dóirteadh le fánaidh anois is san ngaoith. Ní mór dóibh a bheith áirdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bhéas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóighide rud dó, ná a theacht in a lagar as deireadh an lae
 
Bhí dóighteán mór thart síos anuiridh agus dóigheadh muirín ar fad ann. Níor tháinig deoruidhe an bhéil bheo slán as.
 
Chuaidh siad siar oíche ag dolaidheacht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo aca. Níl a fhios cé'n dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … 'Ar ndú' dhá mbeirtí orra gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrádh iad. Bheadh ciall in a leithidí seach agus an dream atá thart annseo nach leigfeadh an faitíos dóib breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolruighthe
 
Chonnaic mise iasc glas istigh annsin thíos bliain. Bhí líonta cléithe agus camógaí agus 'chaon tsórt againn in a n-éadan. Tháinic siad aníos cho fada faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus nach raibh ort ach seasamh 'sna locháin, agus a bheith dhá gcaitheamh thart suas ar an talamh tirm le dóláimh. Ní fhaca mé a leithide de chaoi orra ariamh. Tá sin anois cheithre bliana fichead go h-am seo
+
Coicís ó'n Domhnach seo (gha)bh thart a bhéas sé ann
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ag obair chuile Dhomhnach agus tá rath an Domhnaigh air freisin. Níl greim aige le cur in a bhéal. I gcruthamhnas duit gur dona an rud gan an Domhnach a leigean thart dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
 
Tá an donn-réidh an-ghann ar ghualainn na giumhasaighe. Níl portach ar bith suas annsin nach bhfuightheá carcair ghiumhasaighe ann, ach do dhubhshlán fagh maide donn-réidh in áit ar bith thart annseo anois. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé aon cheo dhi
 
dorn
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'ionntuigh sí thart agus dheamhan asna dhó nachar thosuigh ag sméideadh uirre. Lady mhór a bhí innte, de bhean bhreagh dhathamhail. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfuigheadh sí tóigthe an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam ann-san — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon-nós — ach ní raibh aon-dúil mhór agam féin a dhul sa "mBlackhole"
+
Bhí an fear is sine a bhí annsin an-doscúdhach. Bhí sé amhlaidh in a ghasúr féin. An bhfuil a fhios agad céard a rinne sé agus é ina stócach ag dul chuig an scoil? Bhí an cogadh ar siubhal an uair sin agus dream ag dul thart ag liostáil daoine. Diabhal easna dó nar liostáil agus b'éigin don athair agus do'n mháthair a dhul isteach agus é a cheannacht as aríst. Ara rinne sé sin an oiread rudaí …
TUILLEADH (1) ▼
Tá tusa ag rádh go bhfuil tú féin doscúdhach. Tá tú buille doscúdhach freisin. Ach bhí mise ag caint le sagart a bhí thart annsin ins an samhradh. Bhí sé ag cur caoi dhom ar a shaoghal fhéin shul 'á ndeacha sé ina shagart. Bhí sé ins an gCogadh Mór agus amuigh ins an mbriseadh. Th'éis an chogaidh bhí sé ag obair i gcineál eicínt teach lóistín i Sasana agus ní bheadh a fhios agad cé'n puínte a mbainfí an bhaithis asad ann. Bhí 'chuile chineál duine dhá dhonacht ag tarraint ann: "murdaróirí", gaduidhthe agus mar sin. D'fhan sé ann in a dheidh sin. Nar dhoscudhach an mac é sin. Agus tá sé in a shagart anois, agus ina thogha sagairt, cheapfainn
+
An drabhlás a chuir le fán iad. Bhí giodán deas talmhana annsin thuas. A n-athair a shaothruigh 'chuile throigh dó. Bogach bháidhte a bhí ann go dtí sin. Ach chuir sé togha caoi air. Ar an dá luath agus ar imigh sé, chuaidh an droch-rath air. Ní ba droch-rath go dtí é. Ó'n máthair a thug siad an drabhlás. InDomhnach bhí sí féin cho dona le ceachtar aca. Is minic a chaith sí oiche go maidin thíos ag an D. in a dteannta. Cé'n chaoi eile a bhféadfadh an chlann a bheith, ach mar bhí siad. Fuair duine aca bás ar an sliabh. An ceann eile d'fhága sé an baile ar fad agus bhíodh sé ag dul thart ar aimsir in áit ar bith a bhfaghadh sé glaodhach. Is beag an chomhnuí a ghníodh sé in aon áit. Ins an "bpoorhouse" a bhásuigh sé ins an deire sílim. Ag S. É. atá a gcuid talmhana anois. Tá an teach tuithte. Sin é an bhail a d'fhága an drabhlás orra sin.
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mórán drabhláis muise ins an tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meastú an dtáinig mé leis an dá stuipéad ("plug") an tseachtain seo a ghabh thart. Dé h-Aoine a cheannuigh mé ag an bpinsean iad. Sáthach spurtha a bhí siad ins an oíche Dé Céadaoin a bhí chugad. InDomhnach b'éigean dom "an gaimbín" a fháil th'éis am dínnéir Diardaoin le mé a thabhairt go h-Aoine aríst. Níl an drabhlás ins an tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagcóir orm féin
 
Is diabhlaí an draoidheadóir de dhuine é. Níor bheo é mara mbeadh sé ag dul thart mar sin ag déanamh ballodhair de 'chuile dhuine. Fhobair nach bhfuair sé luach a chuid gnaithí ó Sh. Ph. an oíche faoi dheireadh
 
A dhranndailín dhona d'eireochainn in do phutógaí mara gcaithidh tú thart an chaint sin. Tá mé ag éisteacht leat 'chuile oíche ó tháinig an bhliain ag coireamhaint ar 'chuile dhuine, agus nach fearr an aghaidh ar aon-duine coireamhaint ná ort féin. M'anam-sa ná raibh ag an Diabhal go mbrisfinn do dhranndal ar a chéile má chloisim dor uait aríst anocht.
 
drann
Dhá bhfeiceadh duine madadh ag drannadh fadó rithfeadh sé 'sna feire-glínteachaí uaidh, faitíos gur dúchas a bheadh air. Ba dearg-chontabhairt iad an uair sin ar chaoi ar bith, agus daoine ag dul thart ag iarraidh glinneadhachaí a bhaint as rible (drible, driobaill) na madraí a rug orra