Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreoilín
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach: an/na dreoilín
uimhir iolra: dreoilíní
éan beag atá taithithe i ngach uile gheadán den tír (wren). (fc. cuisle, ceirt na n-easpaí, agus deachma freisin).
a.
+
"Dreoilín, dreoilín Rí na nÉan: i dTír Oileáin a maraíodh an t-éan; Lá Fhéil Stiofáin a maraíodh é; is mór do mhuirín agus is beag thú fhéin; Dreoilín, dreoilín, Rí na nÉan" (an rann adeireas lucht an dreoilín ar a gcuid stocaireachta Lá Fhéil Stiofáin)
Níl muid ag tabhairt gutha ar bith ar lucht an dreoilín. Feicfidh tú féin air gur gearr go mbeidh trí nó ceathair de dhreamannaí acu isteach agat idir chlár is chuinneog
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh tú ag dul thart leis an dreoilín chor ar bith i mbliana?
+
Ar ndóigh ní raibh aige siúd i dhá phionta ach mún dreoilín i lár na farraige. Ba ghearr ar a dhúdán siúd dhá phintín ghágacha
Go bhféacha an tAthair Siorraí orainn a mhuirnín, níl sna cupla scillingín dole sin ach mún dreoilín i lár na farraige. Is gearr le dhul ar lán tí iad
TUILLEADH (1) ▼
Ní mún dreoilín i lár na farraige é dhá fhata a leagan aige sin — níl ann ach sú salúin i mbéal bulláin; níl ann ach cuid an bheagáin
+
Ní itheann sé an oiread le dreoilín — ní itheann sé tada; is beag a dhíol; níl sé mórthráthach
Go deimhin muise, ní raibh call ar bith di an méid a d'itheadh sí sin a thaibhsiú. Ní raibh sí ag ithe an oiread le dreoilín
TUILLEADH (1) ▼
É sin ag caint ar dhaoine a leagan! Ní leagfadh sé dreoilín, ní áirím a mhalrait
b.
 duine beag gágach suarach.
+
Céard a chas an dreoilín sin anseo
Ní thiocfaidh aon bhiseach ar an dreoilín de mhac sin aige choíchin thar mar atá air. Diabhal mé, nuair a bhí sé sin ina ghasúr go sílfeá go mba an-údar fir é
TUILLEADH (1) ▼
Ó muise a dhreoilín, is beag é t'fhoghailse ar aon chor (fc. dreolán) — níl tú in ann faice a dhéanamh

Féach freisin

dreoilín in iontrálacha eile (8)

 
Leag sí anuas daigéad de cháca ina láthair, agus go deimhin agus go dearfa duit a Mhic Uí Fh., dá n-iteá ceathrú dhe, bheifeá sách go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuílleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin ina dhiaidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
 
de
Níl dóthain dreoilín de phlúr sa teach
 
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
 
Tae mo chreach! Fuair mé deannóidín bheag a thiocfadh faoi shúil dreoilín. Murach leisce a fhágáil acu, agus fios agam go mbainfí a sheacht luach de dhuine eicínt eile air, d'fhágfainn in mo dhiaidh ar fad é. Ach ní thabharfainn an oiread dá gcroí dóibh agus go mbeadh sé de shásamh acu orm — na cneámhairí bradacha!
 
Cén drabhlás a bheadh iontu — screacháin (creacháin) mar iad — agus go slogfadh dreoilín chuile cheann acu. Na fataí a bhí i ngarraí an tsléibhe, bheifeá sách ag trí cinn acu, ach an ghrifisc a bhí ansin thoir, níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mheath féin dá mbaint chor ar bith murach go gcaithfí na bruachannaí a rómhar ar aon chor
 
Is beag an dochar duit drochdhreach a bheith ort. Ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin agus gan goile dreoilín ansin ar feadh an lae aríst. Féachfaidh an phóit leat é, feicfidh tú féin air
 
Is minic a chonaic mé duine a bheadh i bhfad ina throscadh dúlaí i mbeatha nuair a gheobhadh sé ligean uirthi; ach maidir leis siúd, chaithfeadh sé go raibh sé ina throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste ina mhínis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne ramhar, a bhollóg aráin mar adeireadh N. Ph., agus taepot tae. Nuair a d'altaigh sé an bia, ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaíochtáil air é! — agus a shlogfadh dreoilín. Cén bhrí ach an rud adúirt sé i dtosach: 'is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le gairid — is beag sin.' Dar láthar Dé dúirt. Is fear é a fuair anó le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoin bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus chomh mórthráthach agus atá. 'Go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh,' adeir sé. M'anamsa muis nár mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sách minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mura ndéanadh, is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
 
dún
M'anam nach ag ceasacht ar Dhia é muis gur beag é m'fhoghailse air. Tá mo ghoile dúnta uileag. An oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín, ní bheadh ite agam go ceann seachtaine