Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deannóid (dionnóid)
ainmfhocal, baineann
donóid amanta i gCois Fharraige
1.
 oiread na fríde; fíorthoirt bheag; dubh na hiongan; an beagán.
+
Tabhair dhom deannóid bheag den tsnaoisín sin le cur faoi mo shrón. B'fhéidir go gcoinneodh sé tirim í
Tá deannóid bheag shalachair ar do sheaicéad taobh thiar. Coinnigh i leith go nglana mé é
TUILLEADH (6) ▼
Thit deannóidín shúí ar an bpáipéar chomh uain is a bhí sé dhá léamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi ansin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety ansin — ceann a bhí síos an-domhain ina phóca — agus seó páipéir timpeall uirthi. Dhá bhfeictheá chomh deas agus a chuir sé corr na lainne faoin deannóidín shúí, agus chuaigh sé amach ansin gur chuimil sé ar an gclaí í. Tá sé chomh pointeáilte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith úis air
Má fheiceann sí deannóid shalachair ar fud an tí — ar bhord, ar stól ná ar shoitheach — tá a rubber aici ar an bpointe agus í ag sciúradh. Ní bean ghlan go dtí í. Tá sé de bheith uirthi aon cheo salachair dá bhfeice sí in áit ar bith a ghlanadh ar an bpointe
Uair a bhí mé ag déanamh láthair mhoirtéil anseo, thit mo phíopa uaim agus chrom mé síos dhá thógáil agus hé brí (pé ar bith) cén sórt útamáil a bhí orm, chuaigh deannóidín bheag den aol faoi mo shúil agus scall sé mé. Tabhair scalladh air. Shíl mé dheamhan oscailt a dhéanfainn go brách uirthi. M'anam go mb'éigean dom a dhul ag an dochtúr. Agus i gcaitheamh seachtaine i ndiaidh an dochtúra féin, ní fheicinn an bhánshoilse léithe
Má bhíonn deannóid ar bith ar na héadaigh, bíonn an brush aige ar an toirt agus é dhá chuimilt féin léithe. Tá sé an-phointeáilte faoina chuid éadaigh. Ní maith leis thú a dhul ina ngaire féin
Dhá bhfeictheá an collar a bhí air agus chomh geal agus a bhí sé. Agus bhí deannóid de rud eicínt dubh mar a bheadh dúch ann, nó rud eicínt mar sin, abhus ansin air. Thabharfá faoi deara é míle ó láthair
Tae mo chreach! Fuair mé deannóidín bheag a thiocfadh faoi shúil dreoilín. Murach leisce a fhágáil acu, agus fios agam go mbainfí a sheacht luach de dhuine eicínt eile air, d'fhágfainn in mo dhiaidh ar fad é. Ach ní thabharfainn an oiread dá gcroí dóibh agus go mbeadh sé de shásamh acu orm — na cneámhairí bradacha!
2.
fleaim nó fuarú nó beochan beag gaoithe.
+
Ní raibh deannóid ghaoithe ann ach é ina théigle críochnaithe. Shíl mé nach srianfadh muid anoir go deo é. Ach ó chas muid an Ceann d'éirigh beochan beag agus níor airigh muid abhaile é
Ara cén sórt cáitheadh sin ort. An bhfeiceann tú an lá — gan donóid (deannóid) ann. Dheamhan an oiread is a chorródh ribe ar do cheann. Agus is mian leatsa a dhul ag cáitheadh ina dhiaidh sin. Cáith leat más breá leat go bhfeice tú cáid a bhainfeas tú amach
TUILLEADH (4) ▼
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
Coirce ar bith atá ar sraith tá sé réidh le triomach inniu. Rinne an tuile aoileach dhó (dhe) aréir agus níl an deannóid féin ann inniu le dhul thríd. Shílfeá go mbíonn scláradh gréine ann scaití ach is gearr a sheasas sé. Pé acu sin é, níl triomach ar bith ann
Scaoil amach mé go bhfaighe mé deannóid anála. Tá mé plúchta istigh sa teach sin, lena bhfuil de dhaoine ann. Diabhal mé go bhfuil an t-allas ag scairdeadh díom, go bhfuil sin
Oscail suas an doras agus lig isteach deannóidín ghaoithe. Is mór an fionnórtas ar na daoine í. Tá an oíche an-mheirbh … An bhfeiceann tú P. seo thuas nach dteagann aon deannóid ina ghaire ó bhliain go bliain ach an dá dhoras agus a bhfuil d'fhuinneoga sa teach dúnta aige. Is mór an seasamh aige é

Féach freisin

deannóid in iontrálacha eile (2)

 
dall 2
Téirigh soir ag an mbanaltra seo thoir agus tálfaidh sí bainne cíche fúithi agus feicfidh tú féin air ansin gur gearr a bheas tú dall … Deannóid bheag dheannaigh a chuaigh fúithi déarfainn, agus chuir tú chun othrais í dhá cuimilt
 
dusta
Níl deannóid dhusta ar aon cheo ag gabháil leis an teach