Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearcadóir
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: dearcadóirí
duine a mbíonn comhairle áirid aige os cionn rudaí nó a bhfuil air a bheith san airdeall ar dhaoine eile .i. cigirí scol (dearcadóirí a thugadh na seandaoine orthu), an fear a theagas timpeall ag breathnú i ndiaidh na saoistí a mbíonn meithealannaí acu ag déanamh bóthair (supervisors), an póilí i mbeairic a bhfuil cúram air daoine a fhaire agus spíodóireacht a dhéanamh srl.
+
Chreidim go raibh an dearcadóir agaibh inniu sa scoil. Ar thug sé mórán buillí don mháistir?
Bhí an dearcadóir thiar inniu ag an gcoiléar acu. Feicfidh tú clocha dhá réabadh anois
TUILLEADH (1) ▼
Sin é ar ndóigh an dearcadóir atá sa mbeairic. Is beag a ligfeas sé sin thairis deirimse leat. Tá sé ag dul thart i gcónaí agus na cluasa bioraithe aige ag iarraidh fairnéise

dearcadóir in iontrálacha eile (1)

 
Más ag dul thart an bóthar féin a bheas sé, bíonn deimheas air féint a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit den tsórt sin. Agus siúlann sé chomh mion chomh réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. Ar ndóigh, d'éireodh dhó: 'sé an dearcadóir atá sa mbeairic anois é