Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearmadaigh
briathar
láithreach: dearmadaím srl.
fáistineach: dearmadóidh mé
níl sé baol air chomh coitianta ina bhriathar agus atá sé ina ainmfhocal
+
Dhearmad mé éirí in am
Dhearmad sé a dhul amach dhá n-iarraidh nó go raibh sé ina chontráth
TUILLEADH (3) ▼
Ná dearmad anois a theacht in am. Ní fheilfidh sé dhúinn a bheith deireanach
Ná dearmadaídís píosa a chur ar an gcuraigh sin sula dté siad chun farraige aríst inti. Tá sí ag déanamh uisce mar adéarfá léithe é
Chuile scéal dhá raibh agam ariamh, tá siad dearmadta agam anois. Tá dearmad déanta agam ar chuile mhíle ceann acu, tá sin

Féach freisin