Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deasaigh
briathar
deasú, deasaím srl.
deasaigh, deisigh: ní mar a chéile an dá fhocal seo thríd is thríd ar fud na Gaillimhe. Is ionann deasú agus rud a bhíos briste nó a mbíonn marach eicínt air a dhéanamh slán, nó a chur i gcruth imeachta, oibre, leasa nó eile. Níl an chiall atá le deisiú chomh cruinn sin. Is ionann deisiú agus réiteach nó feistiú nó gléasadh. Dheasófá an rothar nuair a bheadh rud eicínt briste ann, ach an rothar a dheisiú is ionann é, cuir i gcás, agus dá mbeadh gach uile mhíle ball dhe slán, ach nach mbeadh sé amuigh le fada, agus go mbeadh sé bainte anuas. Lena dheisiú ansin, chuirfeá le chéile aríst é, chuirfeá ola, bealadh agus eile air, ghlanfá é srl., ach ní bheadh deasú ar bith ag teastáil uaidh, mar ní bheadh tada briste ann. Nuair a bhíos duine ag dul ar aistir, é féin a dheisiú a ghníos sé (é féin a ghléas srl.). Dheiseofá do bhróga le snas a chur orthu agus a nglanadh, agus iallacha a chur iontu, ach ní dheasaítear iad ach nuair a bhíos siad briste. Sin é an t-idirdhealú i gcoitinne, ach deir daoine deisiú in áit deasú scaití, agus deirtear deisiú in áit deasú i gceantrachaí ar an Achréidh as éadan. Ní abraítear deasú in áit deisiú (an chiall réamhráite) in áit ar bith
1.
 caoi a chur ar rud; rud a chur i riocht nó i gcruth maitheasa nó leasa; rud briste a dhéanamh slán.
+
Dheasaigh sé na bróga aréir
Is géar a theastódh mo chuid seanbhalcaisí a dheasú
TUILLEADH (24) ▼
Níor thug sé deasú ar bith ar an rothar
Tá sé ó dheasú anois. Nach in é tite ó chéile uileag é — tá a chuid deasú ar iarraidh anois srl.
Dheasódh fear stuama an kettle sin fós, ach níor mhór dhó a bheith stuama agus stuama go maith
Is beag an deasú a d'iarrfadh sé mar chlog nuair a bheadh sé ar fheabhas
Tá sí réidh le deasú anois ó d'imigh an ciseadóir. Sin é an buachaill a dheasódh í. Dhéanfadh sé ciseog nua di
Tá do dhoras gan deasú muis, má bhí sé ina chleithiúnas siúd. Nach fearr mé féin seacht n-uaire ná é sin
Beidh do chuinneog gan deasú muis, más leat a bheith ag forcamhás air siúd. Tá gealladh maith ag an leiciméara sin, ach droch-chomhlíonadh
Shílfeá má d'íoc tú é, go dtabharfadh sé deasú thairis sin air. Ní bheidh an coiléar sin dhá lá choíchin uirthi go mbeidh an bhail chéanna aríst air
Tá an simléar le deasú aríst. Tá sé ag puthaíl as éadan
Is fhearr go mór an deasú a thugas T. Sh. Sh. ar thobáin agus ar chíléir ná an C. Ar scáth cupla scilling, níorbh fhiú dhuit a bheith do do mhearú féin leis an ngobán sin thuas
Má théim ar dheasú na mbróg, ní chónóidh mé aríst go ceann seachtaine, ach leo. Tá an teach druidte le bróga éalangacha
Ní dheasódh sé poll a bheadh ar a threabhsar, ní áirím engine mótair a dheasú
Cá'il fear dheasaithe na mbróg
Ní mór an tlú sin a thabhairt ag an ngabha, nó ag fear deasaithe eicínt go dtáthaítear an dá bhrionglán
Deir siad go bhfuil lucht dheasaithe tuirní in áit eicínt i nGaillimh anois. Tá seantuirne againne agus tá muid ag brath ar a dheasú aríst
Dheasódh sé a bhfuil de sheanchléibh in Éirinn ach sail a choinneáil leis
Is gearr go dteastaí deasú ón mballa sin. Tá sé ag scáineadh
Ag deasú sconsaí soir ansin atá sé
Is olc an aimsir í ag deasú bóthair
Níor deasaíodh an bóthar sin le mo chuimhne
An bhfuil aon rath ort ag deasú eangaí? Tá sí le cur le suain agus na mogaill le greamú
Cén chruóig deasaithe atá air. Bainfidh sé scaitheamh eile amach mar atá sé
Is deasaithe atá sé anois ná an chéad uair — is fhearr an deasú atá air ná an chéad uair
Tá sé ag deasú an urláir. Shílfeá go mb'fhearr dó an t-urlár siúd a chaitheamh amach uileag agus urlár nua glan a chur isteach. Bhí an t-urlár siúd ann le linn na n-aithreachaí
+
Ní mór don teach sin deasú go gairid — brat tuí a chur air, mar a déantar in áiteachaí é (Ros Muc, Árainn srl.) le caghnaí agus ceathrúnaí. Ní mar sin a dhéantar in áiteachaí eile é mar ní théann brat ar na tithe ach in éadan chaon deich mbliana nó mar sin
Cuirtear deasú orthu chuile bhliain: na tithe a mbíonn na caghnaí agus na ceathrúnaí orthu. Ní foláir a ndeasú amach faoi Shamhain i gcóir an gheimhridh
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a bhíos an teach deasaithe, bíonn sé mar a bheadh mogaill lín ann
Tuí sheagail is mó a chuirtear de dheasú ar an tithe anseo. Buailtear thíos ar na huláin sin thíos í, agus deasaíonn muid na tithe léithe ansin. Níl de chailleadh uirthi … Tá an tuí chruithneacht an-gháifeach
An bhfuil aon rath leat ag deasú tí. Teann aníos anseo go bhfeice muid an bhfuil
Chuaigh deasú ar an teach sin anuraidh, agus is géar a theastódh deasú eile uaidh anois mar sin fhéin. Má fhágann tú bliain ar bith gan deasú iad, téann siad i léig. Caithfidh tú caghnaí a chur trasna agus na ceathrúnaí anuas faoina mhullach
Dheasaigh mé an cró sin thiar le glaicín thuí choirce an bhliain cheana, ach ní raibh buanadas ar bith inti. Is fhearr an tuí sheagail go mór, ach gan ligean di críonadh sula mbaintear í. Tá sé in acar le in am a dhul ag deasú anois muis
Ní dheasaíonn sibhse na tithe chomh minic agus a dheasaíos muide iad. Ach níl aon chruóig agaibhse leis. Tithe ceann slinne is mó atá amach an taobh s'agaibhse anois. 'Siad is fhearr só freisin. Chuirfeadh na seantithe ceann tuí seo thar bharr do chéille tú dhá ndeasú chuile bhliain beo
·
Níor mhór na cocaí sin a dheasú suas beagán nó ólfaidh siad an bháisteach — a sceacháil suas; deis a chur orthu
Deasaigh suas an tuí sin amuigh nó déanfaidh asail cis ar easair di
2.
 doirtim, teannadh, coinneáil, brú, crapadh.
a.
·
Deasaigh anuas ag an tine — doirt, teann, brúigh anuas
Deasaigh anuas agus déan do ghoradh. Ní hí oíche an dorais dúnta í (ní oíche í le suí ag an doras dúnta)
+
Dheasaigh sé isteach liom, agus shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air mé a bhualadh
Deasaigh isteach léithe a fhleascaigh! Bí ag baint corrscealpóig as na colpaí aici. Is beag a aireos sí é, bail ó Dhia uirthi
TUILLEADH (13) ▼
Is maith gasta a dheasódh an grabairín sin isteach le cailín óg deirimse leat. Bíodh mná ar a son féin air sin
Is maith gasta a dheasódh sé isteach le pionta pórtair dá leagtaí ina mhínis (fhianais) é, agus ní gasta ná a dheasódh sé suas le cúileann mná
Deasaígí isteach a (bhur) gcosa. Caithfidh mé greadlach thine a chur síos
Dheasaigh sé isteach ar cholbha an bhóthair, agus dheamhan mórán nach dtáinig an lorry salach air ina dhiaidh sin
Deasaíodh muid isteach ar an bhfoscadh. Phréachfadh an áit seo na fiannaí
Chuala mé go raibh tú ag brath ar deasú isteach leis an ascaill ag inín Sh. Ph. Ch. Ab in í an fhírinne … Huga leat anois
Deasaigh isteach leis an tine. Is ceart duit fuacht fhéin a bheith ort agus thú amuigh faoin sneachta ó mhaidin.
Deasaigh isteach faoin bparasól. Cumhdóidh sé ón mbáistigh thú
Céad slán don tsaol a ndeasófá isteach faoin seál ag cailín óg! Dheamhan seál anois a d'fheicfeá ar aon bhean óg dhá gcuirtheá slat ar an tír
Ní dheasódh sé isteach sa sate (seat) le áit a thabhairt d'aon duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon ghillín amháin ansiúd agus seanmhná dhá dtreascairt faoi is thairis, agus ní chorródh sé. Tháinig conductor an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
Chuaigh mé ar mo ghlúine ag ceann an desk, agus théis go raibh fuílleach áite ann, dheamhan duine dhá raibh istigh ann a dheasódh isteach a dhath. Ní raibh an oiread sin de shoilíos iontu
Dheasaigh mé isteach leis an gcarr sa tsáinn siúd go liginn an lorry tharam
Dheasaigh muid isteach i ndoras siopa nó go raibh an ráig thart
·
Deasaigh amach uaim a bhleitheach mhóir, nó an rún atá agat suí orm uileag
Deasaigh uaim do láimh. Tá sí ag dul i bhfoghail — cailín óg le buachaill
·
Deasaigh suas agus tabhair binn den stól dom — brú
Deasaigh suas sa leaba. An rún atá agat mise a chur ar an talamh?
+
Deasaigh i leith go bhfeice mé cén sórt meall é sin ar do leiceann. Níl aon dea-chosúlacht air
Tá sé le deasú anuas in aice an bhóthair go gairid. Teach nua atá sé le dhéanamh
TUILLEADH (2) ▼
Deasaígí síos an chuinneoig sin i ngar don tine nó ní théachtfaidh sé choíchin ar an aimsir seo
Deasaigh thart! Deasaigh thart adeirim. Is deacair dhom thú a bhleán mar seo — bean le bó
b.
+
Deasaigh ort go maith. Tá an oíche crua — cuir ort neart éadaigh
Deasaigh an chuilt seo timpeall ort. Coinneoidh sí te thú
TUILLEADH (3) ▼
Nuair a dheasaigh mé na pluideannaí go maith thart timpeall orm sa leaba, dheamhan a dhath fuaicht a d'airigh mé níos mó
Diabhal fuacht a bheadh ort ar an jaunt siúd, dá ndeasaíteá an rug thart faoi do chosa
Deasaígí na cótaí móra timpeall oraibh go maith. D'fheannfadh an bóthar siúd na préacháin
+
Dhá ndeasaíodh sí go maith isteach faoina seál í, ní bhraithfeadh aon duine í, ach ar an gcaoi a raibh sí aici, níl aon duine sa tír nach dtabharfadh an toirt faoi deara
Dheasaigh sé suas faoina ascaill é agus ghread leis
TUILLEADH (1) ▼
Deasaíodh sí isteach go maith faoina seál é, agus cén chall imní atá di faoi. Póilí ar bith a thabharfas faoi deara é, cá bhfios dó nach buidéal ola é

Féach freisin

deasaigh in iontrálacha eile (57)

+
Fág mar sin é mar bhicycle. Ní fiú dhuit a bheith do do dhamnú féin ag iarraidh a dheasú ar scáth an t-achar go mbeidh an bhail chéanna aríst air
TUILLEADH (1) ▼
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chloig sin. Dhamnófá thú féin leis, agus ba aon mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang den sparán agus faigh ceann nua. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
 
danra
Is danra an diabhal de rud an tiúb seo a bhaint amach anois agus an puncture a dheasú. Níl ann ach go bhfuil an tyre i ndiaidh a chéile agus mura gcuirtear isteach an tiúb go fíorstuama aríst, tiocfaidh sí amach agus pléascfaidh sí … Bí airdeallach!
 
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
 
dealg
An bhfuil tú in ann dealg a bhaint as mo mhéir. Seo biorán duit agus deasaigh anall anseo ag an solas
+
déan 1
Tá fear faighte agam anois a bhfuil déanamh na ngnaithí ann: J. Dh. Níl cinneadh ar bith leis ag deasú simléir
TUILLEADH (1) ▼
Ní dheasófar an chathaoir sin go brách. Nach bhfeiceann tú ag déanamh mine í
 
dearg 1
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath is a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg ina chuid fola. Ba in é an deasú air
 
dearmad 1
Bhí a fhios agam go maith go raibh dearmad eicínt orm ag fágáil an tí dhom, ach chinn orm cuimhniú air ina dhiaidh sin. Sin é anois. Na bróga a bhí agam a thabhairt liom lena ndeasú
 
deas 1
Deasóidh S. G. dhuit iad! 'Sé atá deas air! Dheamhan gréasaí déanta inchinnte air!
 
Tá mise in mo dhuine dheaslámhach. Deasaím bicycles agus cloig
+
deasú
Sin é an deasú air! — sin é an gléas, an bhail, an chaoi le cur air; tá an rud sin sách maith aige anois; sin é a theastaigh uaidh
TUILLEADH (10) ▼
Cumadh lán a bhoilg de bhréaga dhó anseo anocht. Bailíodh leis anois! Sin é an deasú air!
Ag dul sna fir mhóra a mhic ó! Níl meas ar bith aige ar mhná fánacha. Agus heitíodh é faoi inín Ph. L. Tuilleadh diabhail anois aige! Sin é an deasú air!
Níor thug tú mórán sásaimh dhó. Ach sin é an riocht le cur air. Rómhaith a bhí sé aige. Sin é an deasú anois air!
Saighid na madraí suas an bóithrín ann. Bainidh siúl as! Tugaidh gaoth bhoird suas dó. Sin é an deasú anois ar an asal sin!
Tá na Sasanaigh caite amach aríst droim ar ais as an nGearmáin. Rath a gceirde anois orthu! Sin é an deasú orthu! B'fhéidir nach mbeadh a leathoiread gaisce acu aríst go ceann scaithimh
Shíl an madadh an greim a aimsiú as béal an chait, ach deirimse leat gur gearr gur scaoil sé uaidh aríst é, nuair a chuir an cat crúca ann. Sin é an deasú anois air! Tá sé ró-amplúch ar fad
Gearr an dris fhireann sin. Is olc an éadáil ag cosa í sin — is olc sin! Sin é anois an deasú uirthi! Ní stróicfidh sí aon duine níos mó
Tá sí i bhfostós faoi dheireadh thiar thall, théis mé bheith créachta aici i gcaitheamh na bliana. Mo ghrá thú a thrapa. Ba mhaith ab fhiú coróin thú! Ghiorraigh tú leis an gcailín seo ar chaoi ar bith. Sin é an deasú anois uirthi! (francach gafa i dtrapa)
Sin é an deasú anois ar an mbratainn sin! Rath na raithní orthu! Rinne siad créatúlacht iad fhéin ar an tír, ach b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a méis féin anois acu!
Sin é an deasú ar na hamhais sin! Míle buíochas le Dia go dtáinig sé sa saol go raibh duine eicínt in ann ceart a bhaint díobh. B'fhéidir nach mbeadh an oiread bollaireachta acu feasta agus a bhíodh
 
Ní bhuailfidh sé aon ghráinne coirce an tseachtain seo anois. Má tá an t-engine briste, ní foláir seachtain go maith a fhágáil ag an deasúchán. 'Sé díol an mhí-ádh a leithidí sin a dheasú má bhuailtear suas iad
 
deifir
Téirigh síos go dtí é anocht agus déan deifir a chur leis, nó ní dheasóidh sé an bhróig sin i mbliana. Duine an-tsiléigeach é mura mbeidh tú dhá bhrosnú (bhrostú) i gcónaí
 
déin
Cuir an malrach sin soir faoi dhéint tairní más leat na bróga sin a dheasú.
 
Ní fiú an seantreabhsar sin a dheasú anois. Tá deireadh a chuid laethantaí maithe caite
+
deis
Dá mbeadh deis agam dheasóinn, ach níl — acra, oirnis, gléas oibre
TUILLEADH (3) ▼
Níorbh fholáir duit deis thairis sin le é sin a dheasú. Theastódh monkey-wrench le breith air sin. Ní chasfaidh tú é dá fuireasa
Is dona í mo dheis le dhul ag deasú bróg: ceap briste, casúr gan aon chois, agus scian nach ngearrfadh an t-im
Go deimhin agus go dearfa duit, is olc é mo dheis mharcaíochta: seanbhicycle ón díle a bhí caite thuas ar lota an sciobóil, agus a dheasaigh muid an lá cheana. Níl ann ach gur fearr é ná a bheith gan tada
 
deois
Sheas sé abhus ag ceann an bhóithrín agus chuir sé deois air fhéin féint an gcluinfeadh sé leide ar bith. Ach coinníodh beophianta é deirimse leat. Sin é an deasú air sin. Piteoig bhradach. Sháraigh sé seanchailleach
 
dia 1
Chí Dia (Muire) gur daor a cheannaigh mé í dhá deasú aríst — briseadh mo chois agus d'fhulaing mé léithe dhá deasú
 
Diachta ghéar gur cheannaigh tú chor ar bith é mar bhicycle. Tá an teach bánaithe aige ó tháinig sé isteach ann. Tá a liachtaí bícéad air agus atá de réalta ar an spéir, agus ní túisce ceann deasaithe ná ceann briste. Agus níl aon lá san aer nach bhfuil airgead ag imeacht le caoi eicínt a chur air
 
Níor fhéad mé aon chaoi a chur uirthi théis mo dhíchill. Tá an feire uileag réidh. B'fhéidir dhá dtugtá ag gréasaí maith í go ndeasódh sé fós í, ach drochsheans. Ná bac leis an leathar atá amuigh anois! Ní fiú do sheacht mallacht é
 
Tá an díleá ceart ar an duine bocht ó phós sé. Cailleadh cliobóg de chapall bhreá air. Bhí bó bhainne tachta sa gcró roimhe maidin. Ní fhanann lao ná gamhain aige nach bhfuil an bhail chéanna orthu. Thug sé leathcholpa dheas a bhí aige anuas ar an mbarr garbh oíche roimh an aonach anuraidh, lena cur siar lá arna mhárach. Dheamhan pínn de chúig phunt dhéag airgead nach bhfaigheadh sé uirthi. Ar a dhul amach dó ar maidin, fuair sé sínte san iothlainn í agus a cois briste. Leag sí claí na hiothlann agus thit brúisc uirthi féin dó (de). Thug sé fear cnámh aici agus dheasaigh sé í, ach ní raibh aon bhiseach ag teacht uirthi ina dhiaidh sin. Mharaigh sé sa deireadh í
+
Lig mé rófhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agat féin go (gur) maith deireanach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé nuair a tolladh an bicycle orm. Shantaigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaighinn deis deasaithe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sreangán a fháscadh uirthi, ach le chuile chamánaí, bhí mé anuas ag na hI. gan tada a dhéanamh ach ag siúl de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nár lige Dia go ndéanfainn bréag, ach ba é an sonda ab áibhéile é a chonaic mé i gcaitheamh mo shaoil …
TUILLEADH (1) ▼
Dá mbeadh díogarnach lae ar bith againn, ní bheadh muid i bhfad dhá dheasú, ach sin é an áit a bhfuil muid ina (ár) mbambairne nach bhfuil a fhios againn cén t-am é. Tá an réalta an-fhada soir, ach níl aon bhaol uirthi a bheith faoi. Agus níl glasadh ná gealachan san aer thoir. Déarfainn go bhfuil ó uair go dtí dhá uair fós ort shul má bheas aon léireachan lae ann
+
díol 2
Is beag eile deasaithe anois a chuirfeas go dtí n-a dhíol an garraí údan: dhá bhoirdín nó mar sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ansin thíos an oíche cheana agus é ag iarraidh leota de pháipéar a ghreamú de dhroim S. B. Chinn air. As sin go ceann tamaill, dheasaigh beirt de na gearrchailí suas leis agus greamaíodh pictiúr taobh thiar air féin — an bhean dearg sin a mbíonn an fag ina béal aice. D'imigh leis soir ar fud an S. agus é air, hé brí céard ba chor dó soir. Níorbh fhearr liom leathghine buí ná gur cuireadh an méid sin de bhail air. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh adeir siad
 
Níl a fhios agam an bhfuil aon phíosa agam a d'fhéadfá a chur faoin tyre sin, ach tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás seandiomlachaí caite ar an lota agus b'fhéidir go mbeadh an oiread ann agus a dhéanfadh na gnaithí. Againne a dheasaítear chuile sheanbhicycle sa tír
 
díon 1
Go bhféacha an tAthair Síoraí muis ar an gcábán sin leithide na hoíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh sna cupla stráca siúd atá os a gcionn. Nach mb'fhearr dóibh na ceirteacha siúd a dheasú ina dtimpeall agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúbainn claí, áit a mbeadh foscadh acu, ná a bheith ansiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcnagaire
 
Diabhal a fhios agamsa arbh fholáir duit na slatachaí sin a dhlaoithiú chun tosaigh, más ag dul ag deasú na cathaoireach sin atá tú. D'aclódh sé go breá iad. Is beag an mhaith dhuit an chathaoir sin a dheasú. Tá sí críon ar fad. Níl aon tslat ag gabháil léithe nach bhfuil críonta
 
dochar
Tá bua eicínt aige. Níl baol ar bith nach bhfuil. Níor fhiafraigh sé a dhath dhíom ach an oiread is atá tusa a fhiafraí dhíomsa, ach siúl anall go dtí mé. 'Anseo atá an dochar,' adeir sé go leathfhánach, agus rug sé ar na féitheacha faoin nglúin, agus bhain sé fáscadh astu. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrí í le hais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. 'Téirigh abhaile,' adeir sé. 'Tá sí deasaithe. Ná corraigh í go ceann trí seachtainí go snadhma sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirthi ansin i leaba a chéile.' Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!
 
Sin é a mhaith agus a mhaoin: ag imeacht ag dochtúireacht mar sin timpeall an tí, ag deasú doirse, agus ag cur pabhsaes
 
Sin é an lá ar casadh ar leac an doichill mise. B'éigean dom a dhul isteach ag iarraidh deis deasaithe bicycle ar Th. É. Dhá bhfeictheá an grúscán a chuir sé as. 'A,' 'A,' 'A,' adeireadh sé agus a mhéir faoina chluais aige. 'Ag an diabhal go raibh tú,' adeirim féin
 
Deasaigh anuas anseo agus déan do ghoradh. Gheobhaidh tú anseo é, chomh maith agus atá sé againn féin. Má tá muid cúng, níl muid doicheallach
 
dóigh 1
Is duine an-stuama é mar dhóigh dhe. Ní thabharfainn an tsráid le deasú dhó
 
dóigh 3
Dófaidh tú do chóta mór mura ndeasaí tú aníos ón tine. Is maith é an goradh cúl cos sin, má bhaineann tú dhíot an cóta mór
 
dol 2
Nuair a bheas tú ag deasú tí, ní foláir dol de na caghnaí a chur ar na ceathrúnaí i gcónaí. Ní dheasaíonn siad na tithe mar sin agaibhse chor ar bith. Sin é an bealach atá acu anseo muis
 
dorú
B'fhurasta a aithinte dhuit nuair a chuaigh tú ag fágáil do rothair aige sin le deasú gur as dorú a bheadh sé. Aineolaí é sin chomh mór liom féin
 
Má fhaighim aon phléisc amháin ort ar dhroichead na smaoise, leagha na bhFiann ní dheasóidh aríst í
 
druid 2
An bhféadfá an bord sin a dhoirtim anonn scaithín eile go bhféada na daoine deasú timpeall na tine?
 
dubh 3
Ní raibh sí leath chomh mór i m'aghaidh nó gur dheasaigh lucht na mbréag léithe. Dhubhaigh siad sin a croí ar fad i m'aghaidh
+
Má ghabhann tú ar dheasú an bhicycle, ní bheidh críochnaithe dhíot go mbeidh an dubh ar an oíche
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh scanradh ar chapall Sh. má fheiceann sí an streachlán d'fhear bréige sin ar shúil an bhóithrín roimpi. Deasaigh isteach píosa eile sa ngort é
+
Ní hin é an bealach le dhul do phuncture a dheasú. Ar scríob tú chor ar bith é. Is ciotach an fear bicycle thú
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé ann cheana agus ba dona a chuaigh sé dhom, más dhá inseacht do charaid é. Ní bhfuair mé greim deoch ná blogam ann. Briseadh mo bhicycle ag teacht abhaile agus bhí mé thar bharr mo chéille ag iarraidh é a dheasú le solas na gealaí. Sheas mé tigh Ph. le buidéal pórtair a ól agus goideadh mo chloigín. Nach in é do dhíol!