deasaigh
—briathar
—deasaigh, deisigh: ní mar a chéile an dá fhocal seo thríd is thríd ar fud na Gaillimhe. Is ionann deasú agus rud a bhíos briste nó a mbíonn marach eicínt air a dhéanamh slán, nó a chur i gcruth imeachta, oibre, leasa nó eile. Níl an chiall atá le deisiú chomh cruinn sin. Is ionann deisiú agus réiteach nó feistiú nó gléasadh. Dheasófá an rothar nuair a bheadh rud eicínt briste ann, ach an rothar a dheisiú is ionann é, cuir i gcás, agus dá mbeadh gach uile mhíle ball dhe slán, ach nach mbeadh sé amuigh le fada, agus go mbeadh sé bainte anuas. Lena dheisiú ansin, chuirfeá le chéile aríst é, chuirfeá ola, bealadh agus eile air, ghlanfá é srl., ach ní bheadh deasú ar bith ag teastáil uaidh, mar ní bheadh tada briste ann. Nuair a bhíos duine ag dul ar aistir, é féin a dheisiú a ghníos sé (é féin a ghléas srl.). Dheiseofá do bhróga le snas a chur orthu agus a nglanadh, agus iallacha a chur iontu, ach ní dheasaítear iad ach nuair a bhíos siad briste. Sin é an t-idirdhealú i gcoitinne, ach deir daoine deisiú in áit deasú scaití, agus deirtear deisiú in áit deasú i gceantrachaí ar an Achréidh as éadan. Ní abraítear deasú in áit deisiú (an chiall réamhráite) in áit ar bith
1.
caoi a chur ar rud; rud a chur i riocht nó i gcruth maitheasa nó leasa; rud briste a dhéanamh slán.
+–
Dheasaigh sé na bróga aréir
Is géar a theastódh mo chuid seanbhalcaisí a dheasú
TUILLEADH (24) ▼
Níor thug sé deasú ar bith ar an rothar
Tá sé ó dheasú anois. Nach in é tite ó chéile uileag é — tá a chuid deasú ar iarraidh anois srl.
Dheasódh fear stuama an kettle sin fós, ach níor mhór dhó a bheith stuama agus stuama go maith
Is beag an deasú a d'iarrfadh sé mar chlog nuair a bheadh sé ar fheabhas
Tá sí réidh le deasú anois ó d'imigh an ciseadóir. Sin é an buachaill a dheasódh í. Dhéanfadh sé ciseog nua di
Tá do dhoras gan deasú muis, má bhí sé ina chleithiúnas siúd. Nach fearr mé féin seacht n-uaire ná é sin
Beidh do chuinneog gan deasú muis, más leat a bheith ag forcamhás air siúd. Tá gealladh maith ag an leiciméara sin, ach droch-chomhlíonadh
Shílfeá má d'íoc tú é, go dtabharfadh sé deasú thairis sin air. Ní bheidh an coiléar sin dhá lá choíchin uirthi go mbeidh an bhail chéanna aríst air
Tá an simléar le deasú aríst. Tá sé ag puthaíl as éadan
Is fhearr go mór an deasú a thugas T. Sh. Sh. ar thobáin agus ar chíléir ná an C. Ar scáth cupla scilling, níorbh fhiú dhuit a bheith do do mhearú féin leis an ngobán sin thuas
Má théim ar dheasú na mbróg, ní chónóidh mé aríst go ceann seachtaine, ach leo. Tá an teach druidte le bróga éalangacha
Ní dheasódh sé poll a bheadh ar a threabhsar, ní áirím engine mótair a dheasú
Cá'il fear dheasaithe na mbróg
Ní mór an tlú sin a thabhairt ag an ngabha, nó ag fear deasaithe eicínt go dtáthaítear an dá bhrionglán
Deir siad go bhfuil lucht dheasaithe tuirní in áit eicínt i nGaillimh anois. Tá seantuirne againne agus tá muid ag brath ar a dheasú aríst
Dheasódh sé a bhfuil de sheanchléibh in Éirinn ach sail a choinneáil leis
Is gearr go dteastaí deasú ón mballa sin. Tá sé ag scáineadh
Ag deasú sconsaí soir ansin atá sé
Is olc an aimsir í ag deasú bóthair
Níor deasaíodh an bóthar sin le mo chuimhne
An bhfuil aon rath ort ag deasú eangaí? Tá sí le cur le suain agus na mogaill le greamú
Cén chruóig deasaithe atá air. Bainfidh sé scaitheamh eile amach mar atá sé
Is deasaithe atá sé anois ná an chéad uair — is fhearr an deasú atá air ná an chéad uair
Tá sé ag deasú an urláir. Shílfeá go mb'fhearr dó an t-urlár siúd a chaitheamh amach uileag agus urlár nua glan a chur isteach. Bhí an t-urlár siúd ann le linn na n-aithreachaí
+–
Ní mór don teach sin deasú go gairid — brat tuí a chur air, mar a déantar in áiteachaí é (Ros Muc, Árainn srl.) le caghnaí agus ceathrúnaí. Ní mar sin a dhéantar in áiteachaí eile é mar ní théann brat ar na tithe ach in éadan chaon deich mbliana nó mar sin
Cuirtear deasú orthu chuile bhliain: na tithe a mbíonn na caghnaí agus na ceathrúnaí orthu. Ní foláir a ndeasú amach faoi Shamhain i gcóir an gheimhridh
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a bhíos an teach deasaithe, bíonn sé mar a bheadh mogaill lín ann
Tuí sheagail is mó a chuirtear de dheasú ar an tithe anseo. Buailtear thíos ar na huláin sin thíos í, agus deasaíonn muid na tithe léithe ansin. Níl de chailleadh uirthi … Tá an tuí chruithneacht an-gháifeach
An bhfuil aon rath leat ag deasú tí. Teann aníos anseo go bhfeice muid an bhfuil
Chuaigh deasú ar an teach sin anuraidh, agus is géar a theastódh deasú eile uaidh anois mar sin fhéin. Má fhágann tú bliain ar bith gan deasú iad, téann siad i léig. Caithfidh tú caghnaí a chur trasna agus na ceathrúnaí anuas faoina mhullach
Dheasaigh mé an cró sin thiar le glaicín thuí choirce an bhliain cheana, ach ní raibh buanadas ar bith inti. Is fhearr an tuí sheagail go mór, ach gan ligean di críonadh sula mbaintear í. Tá sé in acar le in am a dhul ag deasú anois muis
Ní dheasaíonn sibhse na tithe chomh minic agus a dheasaíos muide iad. Ach níl aon chruóig agaibhse leis. Tithe ceann slinne is mó atá amach an taobh s'agaibhse anois. 'Siad is fhearr só freisin. Chuirfeadh na seantithe ceann tuí seo thar bharr do chéille tú dhá ndeasú chuile bhliain beo
·
Níor mhór na cocaí sin a dheasú suas beagán nó ólfaidh siad an bháisteach — a sceacháil suas; deis a chur orthu
Deasaigh suas an tuí sin amuigh nó déanfaidh asail cis ar easair di
2.
doirtim, teannadh, coinneáil, brú, crapadh.
a.
·
Deasaigh anuas ag an tine — doirt, teann, brúigh anuas
Deasaigh anuas agus déan do ghoradh. Ní hí oíche an dorais dúnta í (ní oíche í le suí ag an doras dúnta)
+–
Dheasaigh sé isteach liom, agus shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air mé a bhualadh
Deasaigh isteach léithe a fhleascaigh! Bí ag baint corrscealpóig as na colpaí aici. Is beag a aireos sí é, bail ó Dhia uirthi
TUILLEADH (13) ▼
Is maith gasta a dheasódh an grabairín sin isteach le cailín óg deirimse leat. Bíodh mná ar a son féin air sin
Is maith gasta a dheasódh sé isteach le pionta pórtair dá leagtaí ina mhínis (fhianais) é, agus ní gasta ná a dheasódh sé suas le cúileann mná
Deasaígí isteach a (bhur) gcosa. Caithfidh mé greadlach thine a chur síos
Dheasaigh sé isteach ar cholbha an bhóthair, agus dheamhan mórán nach dtáinig an lorry salach air ina dhiaidh sin
Deasaíodh muid isteach ar an bhfoscadh. Phréachfadh an áit seo na fiannaí
Chuala mé go raibh tú ag brath ar deasú isteach leis an ascaill ag inín Sh. Ph. Ch. Ab in í an fhírinne … Huga leat anois
Deasaigh isteach leis an tine. Is ceart duit fuacht fhéin a bheith ort agus thú amuigh faoin sneachta ó mhaidin.
Deasaigh isteach faoin bparasól. Cumhdóidh sé ón mbáistigh thú
Céad slán don tsaol a ndeasófá isteach faoin seál ag cailín óg! Dheamhan seál anois a d'fheicfeá ar aon bhean óg dhá gcuirtheá slat ar an tír
Ní dheasódh sé isteach sa sate (seat) le áit a thabhairt d'aon duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon ghillín amháin ansiúd agus seanmhná dhá dtreascairt faoi is thairis, agus ní chorródh sé. Tháinig conductor an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
Chuaigh mé ar mo ghlúine ag ceann an desk, agus théis go raibh fuílleach áite ann, dheamhan duine dhá raibh istigh ann a dheasódh isteach a dhath. Ní raibh an oiread sin de shoilíos iontu
Dheasaigh mé isteach leis an gcarr sa tsáinn siúd go liginn an lorry tharam
Dheasaigh muid isteach i ndoras siopa nó go raibh an ráig thart
·
Deasaigh amach uaim a bhleitheach mhóir, nó an rún atá agat suí orm uileag
Deasaigh uaim do láimh. Tá sí ag dul i bhfoghail — cailín óg le buachaill
·
Deasaigh suas agus tabhair binn den stól dom — brú
Deasaigh suas sa leaba. An rún atá agat mise a chur ar an talamh?
+–
Deasaigh i leith go bhfeice mé cén sórt meall é sin ar do leiceann. Níl aon dea-chosúlacht air
Tá sé le deasú anuas in aice an bhóthair go gairid. Teach nua atá sé le dhéanamh
TUILLEADH (2) ▼
Deasaígí síos an chuinneoig sin i ngar don tine nó ní théachtfaidh sé choíchin ar an aimsir seo
Deasaigh thart! Deasaigh thart adeirim. Is deacair dhom thú a bhleán mar seo — bean le bó
b.
+–
Deasaigh ort go maith. Tá an oíche crua — cuir ort neart éadaigh
Deasaigh an chuilt seo timpeall ort. Coinneoidh sí te thú
TUILLEADH (3) ▼
Nuair a dheasaigh mé na pluideannaí go maith thart timpeall orm sa leaba, dheamhan a dhath fuaicht a d'airigh mé níos mó
Diabhal fuacht a bheadh ort ar an jaunt siúd, dá ndeasaíteá an rug thart faoi do chosa
Deasaígí na cótaí móra timpeall oraibh go maith. D'fheannfadh an bóthar siúd na préacháin
+–
Dhá ndeasaíodh sí go maith isteach faoina seál í, ní bhraithfeadh aon duine í, ach ar an gcaoi a raibh sí aici, níl aon duine sa tír nach dtabharfadh an toirt faoi deara
Dheasaigh sé suas faoina ascaill é agus ghread leis
TUILLEADH (1) ▼
Deasaíodh sí isteach go maith faoina seál é, agus cén chall imní atá di faoi. Póilí ar bith a thabharfas faoi deara é, cá bhfios dó nach buidéal ola é
Féach freisin
→
deisigh
deasaigh in iontrálacha eile (50+)
An bhfuil an bhróig sin sách follasach agat, nó an dteastaíonn tuilleadh solais uait lena deasú
→
fána
Bhí sé thuas ag deasú an tsimléir agus thit sé anuas le fána an tí. Nach maith a chuaigh sé as?
+
Seo í uair na coinnleoireachta anois. Bíonn siad chomh deallraithe, préachtaí sin agus go ndeasóidh siad leis an solas nó leis an teas chreidim.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhágann an solas aon spré amhairc ina súile. Má bhíonn tú ag coinnleoireacht, dheamhan ort ach an solas a dheasú isteach leob agus fadhb nó fladhpar a thabhairt uait ansin.
→
cora
Is géar a theastódh an chora sin thoir a dheasú, arae ba mhór an éascaíocht do dhuine a bheadh ag dul S. í.
Ní mó ná dhá mbeadh Céatach ar an saol anois go mbeadh sé in ann deasú leis siúd. Tá sé dubhláidir.
→
cíos
Is olc an ceart é go mbeadh cíos agus cabhlach ar bhreaclachaí agus ar chriathraigh a shaothraigh daoine go crua le allas a gcnámh, agus togha na talúna dhá fhágáil bán. Séard a bhí a dhéanamh, an cíos a mhaitheamh ar fad dhúinne, agus ardú dhá réir a chur ar na bithiúnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin acub. Ba é an deasú orthub é.
→
bannaí 1
Is oilbhéasach an feithideach é an gliomach le deasú leis go gcuirtear bannaí ar a chrúib, ach ní fhanann aon chor ann níos mó.
+
Sin é an deasú anois air, biorach a fháscadh air.
TUILLEADH (1) ▼
Bailíodh le biorachaí anois; sin é an deasú (an gléas) ar bhiorachaí (iad a bhualadh)
+
→
aer
Tá sé imithe ag deasú éadromán an aeir mar ní raibh a chuid móna ag triomú dhó — dúradh i ngreann faoi dhuine a raibh sé ag cinnt air a chuid móna a thriomú le báistigh
TUILLEADH (1) ▼
Is géar a theastódh deasú ó éadromán an aeir ar an aimsir seo — aimsir bháistí
Deasóidh sí siúd leat má airíonn sí aon cheo boige shíne ionat — glacfaidh sí a bhfaighe sí uait go bog
+
→
bualadh
Dhá ndeasaítí an bóthar soir, bhainfeadh sé cuid den bhualadh den bhóthar mór.
TUILLEADH (1) ▼
Níl mórán bualadh daoine ar an mbealach sin anois ó deasaíodh bóthar Sh. Dh.
→
airigh
Níor airigh mé aon oíche ariamh chomh fuar leis an oíche aréir. Chaith mé ó oíche go maidin ag deasú an éadaigh fúm is tharam agus shíl mé go bpréachfaí mé ina dhiaidh sin.
→
feiliún
Gortú a d'éirigh dhó ar an lorga. Níor deasaíodh an cnáimh ceart ariamh nó má deasaíodh níor shnaidhm sé. Tá feiliún fuar anois air. D'fheicfeá an cnáimh leis ann
→
feoil
Cuir feoil ar an tinteán sin thall. Is ann is teocha dhuit. Ní fhéadfá gan a bheith fliuch agus an bháisteach atá ann. Deasaigh anuas go maith
Nuair a chinn air an bicycle a dheasú, chaith sé anuas é agus d'áitigh sé ag fiodrince ina mhullach. Dheamhan spóca ag gabháil leis nach ndearna sé mionúch dhó (dhe)
Tá fionnuartas sa ngarraí siúd dhá ndeasaídís isteach faoi na sceacha agus na tomachaí, ach ní dheasóidh. Is fhearr leo a ndrioball a chur in airde agus tosaí ag caitheamh claíochaí — beithígh ag rith le fíbín
→
fóin
An bhfuil an seanpheann sin a thug mé dhuit ag déanamh a rath fóint duit? Is fhearr é ná a bheith gan tada, nó go ndeasaí tú do pheann fhéin
Duine fóinteach é B. le bheith ag airneán agat. Deasóidh sé bróga agus ciseoga, agus más iad na stocaí fhéin iad, meas tú nach bhfuil sé in ann lúib a thógáil orthu.
→
isteach
Sin é an deasú air! Ní sháfaidh (sacfaidh, cuirfidh) sé isteach é aríst — déarfadh ceachtar de na himreoirí é nuair a bhuailfeadh imreoir cárta a cuireadh faoi go háirid, dá mba drochimirt cur faoi
→
faillí
Dhá bhfaighinnse aon ugach níor liom ab fhaillí é: bheinn deasaithe isteach faoin ascaill aici. Ach dheamhan ugach a fuair mé, ná cuid d'ugach
→
fáth
Níor dhúirt mé tada leis faoin mbicycle an oíche sin, arae sé sin an fáth: chaithfinn fanacht agus a dheasú dhó, agus gan corraí na gcos ionam le tuirse
+
→
feire
Tá an feire lúbtha ar an lampa. Ní féidir a lúbadh ar ais an féidir? Caithfear an feire ar fad a thabhairt go dtí an baile mór lena dheasú
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon deasú i ndán don bhróig sin. Tá sí imithe ón bhfeire. 'Sé an trua é. Ba bhreá an t-uachtar a bhí uirthi
Seo níl aon ghnaithe agat fruch frach a theacht ort ar aon chor. Tá an mhísc déanta anois. Buail isteach go dtí é agus abair nárbh é do chionn tsiocair é, ach go ndeasóidh tú dhó é. Is fhearr sin ná a dhul dhá cheilt air. Gheobhaidh sé amach ar aon chor gur briseadh é. Níl an oiread foscadh sa té a bhris é agus go bhféadfadh sé a bhéal a choinneáil ar a chéile. Inseoidh sé sin don tír é. Is claibín muilinn ceart é
+
→
damnaigh
Fág mar sin é mar bhicycle. Ní fiú dhuit a bheith do do dhamnú féin ag iarraidh a dheasú ar scáth an t-achar go mbeidh an bhail chéanna aríst air
TUILLEADH (1) ▼
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chloig sin. Dhamnófá thú féin leis, agus ba aon mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang den sparán agus faigh ceann nua. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
→
danra
Is danra an diabhal de rud an tiúb seo a bhaint amach anois agus an puncture a dheasú. Níl ann ach go bhfuil an tyre i ndiaidh a chéile agus mura gcuirtear isteach an tiúb go fíorstuama aríst, tiocfaidh sí amach agus pléascfaidh sí … Bí airdeallach!
→
daoradh
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
→
dealg
An bhfuil tú in ann dealg a bhaint as mo mhéir. Seo biorán duit agus deasaigh anall anseo ag an solas
→
dearg 1
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath is a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg ina chuid fola. Ba in é an deasú air
Bhí a fhios agam go maith go raibh dearmad eicínt orm ag fágáil an tí dhom, ach chinn orm cuimhniú air ina dhiaidh sin. Sin é anois. Na bróga a bhí agam a thabhairt liom lena ndeasú
+
→
deasú
Sin é an deasú air! — sin é an gléas, an bhail, an chaoi le cur air; tá an rud sin sách maith aige anois; sin é a theastaigh uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Cumadh lán a bhoilg de bhréaga dhó anseo anocht. Bailíodh leis anois! Sin é an deasú air!