Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearmadach
aidiacht as dearmad
a bheith tugtha do dhearmaid a dhéanamh; gan a bheith in ann cuimhne a choinneáil ar rudaí.
+
Is tú atá dearmadach. Shílfeá go mba é an rud is lú dhuit cuimhniú ar an rud adéarfaí leat
Nach dearmadach an mhaise dhom anois é a theacht ón siopa dhá uireasa, agus gurb é is mó a thug ann mé
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon duine faoi thalamh an domhain is dearmadaí ná mé. Leagfainn rud as mo láimh, agus ní bheadh a fhios agam ó neamh cá mbeadh sé. Is minic nach bhfeicfinn é agus é os comhair mo dhá shúil
Nach mé a bhí dearmadach anois gur fhága mé an leabhar in mo dhiaidh, agus dheamhan comhaireamh na sop a gheobhainn dhá fuireasa

Féach freisin