Dearmadach
—aidiacht as dearmad
—
a bheith tugtha do dhearmaid a dhéanamh; gan a bheith indon cuimne a choinneál ar rudaí.
+–
Is tú atá dearmadach. Shílfeá go mba é an rud is lugha dhuit cuimniú ar an rud adéarfaí leat
Nach dearmadach an mhaise dhom anois é a theacht ó'n siopa dhá uireasbhaidh, agus gurb é is mó a thug ann mé
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-duine faoi thalamh an domhain is dearmadaí ná mé. Leagfainn rud as mo láimh, agus ní bheadh a fhios agam ó Neamh cá mbeadh sé. Is minic nach bhfeicfinn é agus é as comhair mo dhá shúil
Nach mé a bhí dearmadach anois gur fhága mé an leabhar in mo dhiaidh, agus dheamhan comhaireamh na sop a gheobhainn dhá fuireasbhaidh.