deartan
—ainmfhocal, fireann
—tuiseal ginideach uatha: an deartain
—deirtear duartan, dórtadh, agus deallran leis freisin
—
dórtadh; fearadh ghráin; doineann, fuaraíocht; glasaimsir. Ní baintear leas as ach le fuacht nó le fuaraíocht.
+–
Bhí sé amuigh faoi fhuacht agus faoi dheartan ó rugadh é
Fuair sé sin fuacht agus deartan, ach má fuair fhéin, ní donaide sin é. 'Sé atá rúpach láidir fós
TUILLEADH (2) ▼
Tá fuacht agus deartan ann — drochaimsir chaillte
Bíonn sé i gcónaí amuigh faoi fhuacht agus faoi dheartan
·
Shílfeá fear a fuair an oiread fuaicht agus duartain agus a fuair sé sin, gur fadó an lá a bheadh sé thíos sa talamh. Ach m'anam gur beag an mhairg atá fós air, ach ag crochadóireacht leis
Is mór a fuair sé ariamh d'fhuacht agus de dheallran, agus má fuair fhéin, tá a shéala sin air