Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deártan
ainm-fhocal; fireann
tuiseal geineamhnach uathaidh: an deártain.
Deirtear duartan, dórtadh, agus deallran leis freisin.
dórtadh; fearadh-ghráin; doineann, fuaraidheacht; glas-aimsir. Ní baintear leas as ach le fuacht nó le fuaraidheacht.
+
Bhí sé amuigh faoi fhuacht agus faoi dheártan ó a rugadh é
Fuair sé sin fuacht agus deártan, ach má fuair fhéin, ní donaide sin é. 'Sé atá rúpach láidir fós
TUILLEADH (2) ▼
Tá fuacht agus deártan ann = droch-aimsir chaillte
Bíonn sé igcomhnaí amuigh faoi fhuacht agus faoi dheártan
·
Shílfeá fear a fuair an oiread fuaicht agus duartain agus a fuair sé sin, gur fadó an lá a bheadh sé thíos 'san talamh. Ach m'anam gur beag [an] mhairg atá fós air, ach ag crochadóireacht leis
Is mór a fuair sé ariamh d'[fhu]acht agus de dheallran, agus má fuair fhéin, tá a shéala sin air

Féach freisin