Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deartháir
/d′r′ār′/, /d′r′āhər′/, /d′r′ahər′/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dearthára go hiondúil, ach an dearthár scaití
uimhir iolra: dearthárachaí /d′r′ārəxī/ ach ginideach iolra: clann an (na) bheirt dearthár
1.
 an gaol atá ag beirt mhac leis an athair céanna nó leis an máthair chéanna le chéile: brother.
a.
+
Is dearthárachaí iad
Bheadh an oiread gnaoi agam air agus a bheadh agam ar mo dheartháir fhéin
TUILLEADH (2) ▼
Deirfiúr agus deartháir iad
Sin é anois siar an bodach is deartháir don fhear a raibh tú ag caint faoi ar ball
+
Tá siad mar a bheadh an deirfiúr agus an deartháir ann — an carthanas céanna sin acu le chéile; platonic friendship
Tógadh iad mar a bheadh an deirfiúr agus an deartháir ann
TUILLEADH (3) ▼
Clann na beirt dearthár
Sin é deartháir m'athar
Deartháir mó mháthar, mac deartháir athar dó, srl.
·
Deartháir dlisteanach blood-brother; ní leasdeartháir
b.
+
Tá sé fuar a dheartháir (a dheartháir chroí, a dheartháir mo chroí, a dheartháir m'anama, a dheartháir m'anama thú, a dheartháir dílis, a dheartháir na páirte, a dheartháirín chroí, a dheartháir chroí na páirte, a dheartháir ó, a dheartháir bháin srl. Níl gaol i gceist ach i gcuid acu seo — a dheartháirín dílis, a dheartháir bháin — agus ní bhíonn iontu sin féin amantaí)
Tabhair cead a chinn dó a dheartháir mo chroí!
TUILLEADH (1) ▼
A dheartháir ó, cá mbeifeá ag dul?
2.
·
Déarfá nach deartháir do Sheán Mór é ar chaoi ar bith! — ní gaol atá i gceist anseo ach méin dhaoine. Bhí sé de cháil ar Sheán Mhór a bheith fiúntach, ach ní raibh fiúntas ar bith sa bhfear eile
+
Píopa M. Is deartháir dhó an ceann seo — dhá rud a bheadh cosúil le chéile
An ceann cruachán agus an mac siobháine: is dearthárachaí iad — dhá iasc cladaigh atá cosúil le chéile
TUILLEADH (6) ▼
Deartháir don charrachán é an cuimleachán
Mura púdarlach é, is deartháir do cheann é — tá sé fhéin ina phúdarlach nó gar go leor dhó
Mura bacach é, is deartháir do bhacach é
Mura glaomaire é, is deartháir do ghlaomaire é
Deartháir don chodladh an bás — tá an bás agus an codladh an-chosúil le chéile
Deartháir do Thadhg Dónall (seanfhocal) — dhá rud a bheadh cosúil le chéile; beirt dhaoine ar aon mhéin; mar a chéile an ball séire agus a ghiolla (fc. Tadhg)
3.
·
Leasdeartháir step-brother

deartháir in iontrálacha eile (70)

 
daba
Ná bac le tuiscint a bheith ag muintir na háite seo a dheartháir. Ní athróidh siad go brách fhad is choinneos an government daba leo
 
dáil
Bhí an fear mór i ndáil le dhíom agam nuair a tháinig an deartháir
 
dáimh
Ara a dheartháir ó, tá beagán (roinnt, cosamar, smearachán, bruscar srl.) dáimhe ann. Col ceathar do m'athair a bhí pósta aige. Nach in é an fáth a mbíonn sé ag brú orm i gcónaí
 
Má fhaigheann sé cois ar bith isteach, mo léan géar daingneoidh an deartháir leis, agus cuirfidh sé borradh agus borradh agus borradh eile faoi, nó nach féidir a chur amach
 
danra
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roinnt sceiteach féin — briosc adéarfá. Ach nuair a theann mé síos sa mbarr láir agus sa mbarr íochtair, bhí sí danra a dheartháir — danra. B'éigean dom cosa i dtaca a chur orm féin ar an mbinse leis an sleán a chur thríthi. Rinne an barr íochtair puca críochnaithe dhíom
+
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
TUILLEADH (1) ▼
Is aisteach an rud í an tsláinte a dheartháir ó. Daoine a mbíonn sí go maith acu gan pian gan tinneas ón lá a saolaítear iad go dtí an lá a dtéann siad sa roinnín (reilig). Daoine eile a bhíos meath-thinn i gcónaí. Ach duine i bhfad ó chéile nach bhfaigheann poc eicínt. Caitheann chuile dhuine — hé brí cé hé — deachma na sláinte a íoc
 
déan 1
Déan do ghealltanas fíor do do dheartháir
 
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoin oíche ar tháinig an triúr acu anoir ón S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon fhear amháin an triúr dearthár. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC., agus fios acu nach raibh duine ar bith ann le aon tréas a chur orthu, sheas siad suas i lár an bhóthair. 'Séard a bhí le déanamh leis,' adeir T., 'cor a chur ina mhuineál.' 'Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic,' adeir L. 'Agus scian a chur ann idir boilg is barreasnacha,' adeir M. 'Agus summons a thabhairt air ina dhiaidh sin.' Ba in iad an triúr bullies agat. Is suarach an t-ionadh go mbeadh mac duine acu ag imeacht as a chranna cumhachta scaití
 
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
 
deara
Chuir sé faoi deara don fhear thiar éirí as an ól muis, rud a chinn ar chuile dhuine eile, pébrí cén bhriotais a bhí aige leis. Dar mo leabhar nach bhféadfá teach ósta a shamhailt leis anois. Bheadh sé chomh maith dhuit fuafíonaigh a thairiscint dó le pórtar. Ní thabharfadh sé bolg dó, a dheartháir
 
dearmad 1
Níor chomaoin dó dearmad a dhéanamh ar a dheartháir muis. Chaith sé go maith leis
 
Ara a dheartháir mo chroí tú, tá déidín tite ag a bhfuil sa teach seo cheal fags, agus é ag cinnt orthu aon cheann a fháil. Ní cheal a shaothraithe é muis. Chuaigh duine acu soir chomh fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann a d'éirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh sa teach thú nuair a bhíos siad dhá bhfuireasa. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinig mé isteach an lá cheana agus ubh agam a fuair mé beirthe. Hé brí cén chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb eo é seascach na gcearc — leathfhocal é atá agam — 'm'anam nach é,' adeir sé 'nach (ach) seascach na bhfags agus an tobac.' Tá a fhios ag mo chroí go mbeadh trua agat dóibh scaití nuair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasa
+
deis
Thug an deartháir deis iascaigh as Baile Átha Cliath chuige: gliondaí, cairteannaí agus eile, ach níl a dhath ag gabháil leis anois
TUILLEADH (1) ▼
Níl an deartháir atá sa mbaile ag ól tada, léis (tar éis) an deis atá ar an gceann atá i nG. — ainneoin an bhail, an riocht, an chaoi, an staid a bhfuil sé
+
Tá sé sin deisiúil go maith, ach dheamhan mórán gaisce ar an deartháir measaim. Ní fhaca mé aon cheo aige ar aon aonach le bliain. Uachta na mná a chuir rath ar Sh. Murach sin, mo léan ghéar, is maith bocht a bheadh sé
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair dhó a bheith deisiúil agus a bhfuil de dhola air. Ar ndóigh a dheartháir m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé chuile ré solais
 
deo
An-choisí go deo é, ach go deimhin más ea, ní hé sin don deartháir eile é. Sách támhleisciúil atá sé
 
Is diachta nach thiar ag a dheartháir a chuir sé an t-airgead sin thar is a chur chuig N. — is trua nach srl.; is cóir go mba chuig an deartháir a chuirfeadh sé é srl.
+
diaidh
Ara a dheartháir mo chroí thú, is beag nár ghiorraigh sé liom. Dheamhan a leithéid de ruaig a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil mé i ndiaidh a chéile chor ar bith aige
TUILLEADH (2) ▼
Sílim gur beag a bhí i ndiaidh Sheáin, ach bhí sé i ndiaidh an dearthár eile — lán mála dhe
Níl gnaithe ag aon duine a dhul a chodladh in aon leaba leis sin mura bhfága sé an leaba faoi féin. Tosaíonn sé ag coigilt agus ag rómhar agus ag dul i ndiaidh a leataoibhe nó nach mbeidh agat ach binnín bheag bhídeach amuigh ar colbha. Má thugann tú cead a chinn dó ansin, an chéad áit eile a mbeidh tú, ar an talamh. Cén bhrí ach go dtosaí sé ag srannadh. Shílfeá a dheartháir ó gurb í "Johanny Mary na dtrí gcrann," mar adeir an t-iascaire, "a bheadh ag seoltóireacht i mullach an tí."
 
Is dícéillí an chaoi a bhfuil sé ag caitheamh a shaoil: ag obair dhá dheartháir ansiúd. M'anam ach a n-éirí na patairí siúd suas, gur beag é a n-ómós dó. Is amhlaidh a chonaic muid chuile lá ariamh é
 
díle 1
Tá sé sin caillte ón Díle. 'Sé mo ghéarchuimhnese P., a dheartháir, a fheiceáil beo agus sílim go raibh seisean básaithe le fada na mblianta roimhe
 
D'imigh sí agus d'fhága sí áilín dílleachtaí ar aon chéill ina diaidh. Go dtuga Dia trócaire dhá deartháir! Chuaigh sé ina gcionn, agus níor lig sé aon lá anó orthu ach an oiread is dhá mba iad a chlann féin iad. Go dtuga Dia a luach sin dó!
 
Más leat do chuid talúna a choinneáil, ní mór duit dintiúirí agus páipéir a bheith agat air. Ní gaire d'oidhríocht tú ná ceachtar de do chuid dearthár. Má tá i ndán is go bhfaighidh lucht an dlí aon fhabht in do chuid cainte, ní bhfaighidh tú comhaireamh na sop, creid mé dhuit ann. Lena aghaidh sin atá siad ansiúd
 
Dhá mhéad díocas muise dhá bhfuil ar Tom ag ól, tá a sheacht n-oiread díocais ar an deartháir eile i ndiaidh ban. Ní fhaca tú thiar anseo é oíche na bainse. Ní raibh bean sa teach — pósta ná scaoilte — nach raibh fostaithe aige. Bhí S. bíogtha sa gcúinne go bhfeicfeadh sé an gcuirfeadh sé aon araoid ar a bhean fhéin. Dá gcuireadh ba trua dhó
 
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. Nuair a bhí an dinnéar ite againn, bhí sé ina shuí síos agus ag seanchas chomh spleodrach agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh. Théis an dinnéar bhuail sé siar ar an leaba. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafraigh sí dhó (dhe) a raibh aon cheo air, agus dúirt sé nach raibh. Nuair a bhreathnaigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoigh sí orm féin anoir as an ngarraí. Ní bhlaofadh murach chomh scanraithe agus atá sí. Bhreathnaigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céanna i gcónaí. Nuair a shamhlaigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dúirt sé nach raibh cruóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir sa ngarraí agam tráthnóna. Mhuire is trua, ní raibh mé leathuair thoir sa ngarraí aríst nuair a rith sí aniar agus é ina huaire móire uirthi. Siar liom fhéin chomh tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dheartháir mo chroí thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agat gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil. Ach ní cás é, míle buíochas le Dia, ó rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
+
díol 2
Bhailigh siad an phínn bheag agus an phínn mhór leo agus níor fhága siad bonn bán ag an deartháir. Tá sé ansiúd anois fágtha ar a thóin agus é ina dhíol déirce. Ní tada eile é
TUILLEADH (1) ▼
Tá buille sa mbéim ann fós cheapfainn agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht oird. Bhí sé sínte sa gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintíodh ar na P. Dhírigh sé aniar ansin, agus coinneal ann. A dheartháir mo chroí thú, d'áitigh air …
 
Is fada an lá é sin i ndiaidh díoltas a bhaint den deartháir faoina chur amach, agus féacha féin go dtug sé an buille feill dó faoi dheireadh thiar thall
+
díth
Is beag den díth céille sin atá ag plé lena dheartháir. Sin é an buachaill a mbeidh aird aige ar a ghnaithe
TUILLEADH (1) ▼
San am a raibh na soithigh seoil ann, chaithidís bliain ar an bhfarraige scaití le díth córach. Trí ráithe a chaith deartháir de mo sheanathair ag dul go hAustrailia. Phós sé mar phósfadh sé inniu, agus d'imigh sé fhéin agus a bhean an lá dár gcionn, agus rugadh páiste dhóibh shul má bhí siad ar an talamh thall. Saolaíodh é lá nó dhá roimh landáil dóibh
 
Hector ceart í sin. Maidir le goid a dheartháir mo chroí thú, ghoidfeadh sí an ubh ón gcorr agus an chorr ina diaidh. Ach thiocfá ón ngoid féin murach an teanga atá aici. Sciollfadh sí thú go dtí an cnáimh. Diúltaímid di agus do chuile dhuine dhá cineál
+
Leasdeartháracha é féin agus T. 'Sé S. a dheartháir dlisteanach. Aon mháthair amháin a bhí aige féin agus ag S. Is furasta a dhul amú sa ngaol a stór
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé dlisteanach dó a dhul i mbéal an dearthára faoin talamh sin. 'Sé an deartháir a shaothraigh an talamh agus an teach sin ariamh, agus murach a bhfuair sé dhá easonóir, is beag an smais a bheadh ar an áit sin inniu
 
do 1
Cá'il an cneámhaire is deartháir di ar an saol seo?
+
Má tá an oiread sin doichill leis an ól aige, nach breá nach gcaithfeadh sé amach an deartháir. Dheamhan oíche dhá n-éiríonn ar a shúil nach dteagann sé abhaile agus gan cois faoi. Ach is beag dhá chuid cluanaíochta é sin. Ní in aghaidh an óil atá sé ach crás croí atá air aon phínn a chaitheamh
TUILLEADH (1) ▼
Go ndéana Dia grásta air muis, ba bheag an doicheall é roimh an té a bhuailfeadh isteach aige. Dhá mba é an fear ab fhaide amach uaidh in Éirinn é, ní ligfeadh sé amach é gan an chomaoin chéanna a chur air agus a chuirfeadh sé ar a dheartháir. Níor fhéad aon fhear ariamh a rá gur fhága sé tí M. Bh. Mh. faoi thart ná faoi ocras
+
dóigh 2
Dar liom, is dóigh liom, agus sílim péin: triúr dearthár atá ag an mbréig (seanfhocal) ─ is iondúil nuair a dheireas duine ceachtar de na trí rud sin go mbíonn luí na bréige ar a chuid cainte
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le "is dóigh liom". Ar chuala tú ariamh é: dar liom, is dóigh liom agus sílim péin; sin triúr dearthár atá ag an mbréig
 
dólom
Níl sé chomh dólom críochnaithe agus atá an deartháir, ach dheamhan mórán le reic aige ach an oiread. Agus tá lán púirín na hátha de mhuirín ar an duine bocht
 
domlas
Domlas a thug siad do Mhac Dé nuair a bhí sé ar an gcrois acu. Bhí na Ghiúdaigh go holc a dheartháir mo chroí thú
+
"Deartháir do Thadhg Dónall" — mar a chéile an cúpla; má tá duine den dís mí-ásach, mífhortúnach, ábhailleach, achrannach, luathlámhach srl., ní taise den cheann eile é: tá sé féin chomh dona leis an gcéad duine
TUILLEADH (5) ▼
Níl a fhios agatsa ach an oiread é, más fíor duit féin. Ach deile cén chaoi a mbeifeá. Deartháir do Thadhg Dónall
Tá sé seo thuas chuile orlach chomh bainte amach leis ag achrann. Ach céard sin orm! Nach deartháir do Thadhg Dónall
Tá ceann eile ag béal an dorais againne nach ndéanann buille maitheasa ó mhaidin go faoithin ach ag imeacht ag liúistíocht (leoistíocht) sa ngarraí ag chuile dhuine. Is deartháir do Thadhg Dónall mar adeireadh T.
Deartháir do Thadhg Dónall. Dheamhan tada dhá thais ag fear an bhaile s'againne. Chaithfeadh sé Lá Fhéile San Seáin ó réalt go réalt, agus ní iarrfadh sé ar an bhfad sin ach ag coiriú ar a chomharsa
An bhfeiceann tú P. Mac C. nach nglacfadh é ach an oiread. Is geall le chéile an cúpla. Deartháir do Thadhg Dónall
 
Thóg mé staic dheas de mhaide donn réidh thuas sa bportach anuraidh, agus chuir mé d'anró orm fhéin a thabhairt anuas abhaile anseo. Chaith mé ansin amuigh é go dtéinn dhá shnoíchan nuair a gheobhainn ionú air. Dhá lá a bhí sé ann, nó gur scuabadh é de shiúl oíche. Ar an mbaile soir a chuaigh sé freisin. Fuair mé lorgachaí na gcos, agus bearnaíochaí leagtha go talamh amach go C. na gC. Ghoidfidís an tsúil amach as do cheann a dheartháir mo chroí thú, mura mbeifeá dubhairdeallach
 
Ná bac le síocháin a dheartháir mo chroí thú. 'Sé an chaoi a bhfuil na ríochta móra sin ar fad ag tarraingt uisce chun a muilinn féin agus ag luí ar an lagar má fhaigheann siad an deis. Tá siad mar a bhí an fear fadó a roinn an coirce ina dhornán agus ina dhornán, agus bhí dornán corr ann. 'Sé an dornán corr sin a tharraingeos an tsiúite aríst. Tá chuile cheann acu ag iarraidh é a bheith aige féin
 
Comhairle duine doscúch a thug mise dhuit; agus tá sé ráite nach bhfuil comhairle ar bith a chinnfeadh uirthi. Bhí mise scaitheamh mar atá tusa anois, ag imeacht ar rothaí an tsaoil agus ag caitheamh a mbeadh agam. Chuile dhuine mór liom agus ag brú orm agus ag dul siar in mo bhéal a fhad is a bhí rud agam. Ach ar an dá luath is a bhfaca siad ag tabhairt uaim chor ar bith mé, d'imídís as mo bhealach do mo sheachaint. Tá a fhios agamsa é a dheartháir mo chroí. Fuair mé le léamh é, ní ag ceasacht ar Dhia é
 
drámh
Ní éireodh sé sin ar mhámh ná ar dhrámh go mbeadh sé an haon déag sa lá nó gur imigh an deartháir, ach dheamhan mochóireach ar an mbaile is fhearr ná é ó shin
 
dream
D'imigh an dream ar fónamh, a dheartháir mo chroí, agus níl ann anois ach an bhratainn
 
Thosaigh P. ag séideadh faoi agus ba ghearr a dheartháir mo chroí thú go raibh sé ina dhreancán. Ach níor cuireadh aon chaidéis air ina dhiaidh sin
 
M'anam nach bhfuil a dheartháir mar sin: go bhfuil sé ar bheagán drogaill faoina dhul amach ina ghnaithe
+
droim
Ní raibh aon leathchuma faoin saol nach ndearna sí sin ar a deartháir. Go fiú is an pluid leabthan níor fhága sí aige í an t-am ar bhásaigh an mháthair. Agus féacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aici le dlí nach mbuachfaidh sí aon phínn go brách air. Bhí sé chomh maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos sa bpoll is doimhne sa bhfarraige leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg
TUILLEADH (2) ▼
A dheartháir m'anama thú, d'éirigh sé de ghorta gharta agus chuir sé an stóilín agus a raibh ann droim ar ais den iarraidh sin. Bhí an seaicéad anuas aige ar an toirt agus é ag iarraidh aon fhear sa teach amach ar fair-play
Bíonn sé ag gabháil ag pósadh chuile mhí sa mbliain ach cuireann rud eicínt dhá dhroim é i gcónaí, más fíor dó féin. Anuraidh bhí sé socraithe tigh Sh. L. ach níor phós sé í ina dhiaidh sin. Deir sé féin go dtáinig scéala as Meiriceá aige na laethanta céanna gur bhásaigh deartháir leis ann. Is tráthúil go mbíonn rud eicínt lena chur dhá bhuille i gcónaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: hob ann agus hob as aige, agus faitíos air nuair a théas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sách maith. Dheamhan duine a chonaic mé ariamh ar an ealaín sin nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — sa deireadh. 'Sé díoltas Dé é
+
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag inseacht scéil oíche a raibh sé abhus againn anuraidh: beirt dearthár a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair acu. Ní raibh duine acu sásta leis an méid a d'éirigh leis féin dó agus thug sé an ceann eile chun dlí ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna den bhreitheamh, nó den ghiúistís, nó hé brí céard a bhí ann, nach nglaonn amach air — agus orthu uileag — go bhfeicidís an talamh. 'Tá tú ag rá,' adeir an breitheamh, 'go bhfuil sé ag déanamh leathchuma ort. Roinn anois é mar is áil leat féin. Roinn faireáilte é — ina dhá leith droimscoilte'. Roinn. 'Bíodh breith is dá roghain agatsa anois ar do rogha leithe,' adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
TUILLEADH (1) ▼
Beirt dearthár a bhí ann agus deirfiúr. Bhí an deirfiúr pósta agus triúr clainne aici. Níor phós ceachtar de na dearthárachaí ariamh. Séard a rinneadh leis an uachta, cheithre leith droimscoilte a dhéanamh di, cuid ag chaon dhuine de na deartháracha, cuid ag an deirfiúr, agus cuid eile ag a clann eatarthu. Deirimse leat go mba bheag é cuid an duine di nuair a bhí sí roinnte amach agus a ailp féin bainte ag chuile dhuine aisti. Ara ag na dlíodóirí a bhí an ceann ramhar di — deile
 
dubh 1
Ní raibh fód dubh ná dath aige (de thalamh) nó gur thug an deartháir garraí ansin thiar dhó le teann trua. Anois is mó talamh é ná aon duine istigh ar an mbaile. Ní fheicimse dream ar bith is mó a mbíonn an t-ádh orthu ná pailitéaraí. Féacha an ceann seo thíos …
 
dubh- 5
Tháinig dubholc (dubhfhearg, dubhspadhar srl.) air nuair a rinne mé an méid sin a shamhlú leis. A dheartháir mo chroí, ba é an drochpheata é
 
dúd
Shílfeá nach mbeadh sé in ann aon cheo dhár dhealbh an ghrian a thógáil, ach dar fia ní raibh neach an aoin ag dul go dtí an áit sin thoir a chinnfeadh air ag tógáil rud ar bith. Dúirt an máistir fhéin sin. Dúd é, a dheartháir ó. Dúd!
 
dún
Nuair a bhí a háilín sin ar aon chéill agus í ag iarraidh a dtógáil le strapadóireacht, mo choinsias is dar m'anam, ba mhaith léithe aici an deartháir sin le brú air. Ach ar an dá luath is ar dhaingnigh sí isteach sa saol roinnt, níor fhan meas ar bith aici ar an deartháir ná ar a bhean. Tá sí chomh dúnta ina éadan anois agus a bheadh sí in éadan an duine is faide amach uaithi sa tír. Is gránna an chaoi é sin — nach gránna — do dheirfiúr agus do dheartháir
 
Bhí an deartháir in achar an anama agus é féin ag dul síos agus suas ansin chuile lá thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteodh sé air ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó lena chuid dúnárais sa deireadh, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaíocht chéanna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoina fhiacla. Is maith a chuaigh sé as nach istigh faoi mhurder a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair ina éadan, ach má chaith féin, sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as
 
Diabhal easna dhi nár thug dúshlán an ghiúistís istigh sa gcúirt. Tháinig dath na n-uibheachaí lofa ar an ngiúistís. 'Punt eile uirthi sin,' adeir sé, nuair a tháinig a chuid cainte dhó. Ní raibh sé ach ag borradh léithe, a dheartháir mo chroí. Thug sí a dhúshlán in athuair. 'Dúblóidh mé anois é,' adeir an giúistís. 'Dhá phunt eile ar an mbean sin.' Nárbh in í an raicleach agat
 
Níl sé baol air chomh mór le rá leis an deartháir anois. Tá an deartháir an-cheannasach den domhan
 
Is diabhlaí an bhuannaíocht atá aici. Chaith sí ag dul dó ariamh ariamh nó gur chuir sí ciméar ceart air, agus gur mheall sí isteach é go dtí an dream a chuir a dheartháir síos san uaigh. Is fear gan fuil é. Ní tada eile é
 
Ní rachadh leo murach an chaoi a dtáinig an saol agus gur áitíomar féin a chéile. Bhí sé bruite ar bhainne dhó agus gheobhadh sé a phosóid. Ach ar an dá luath is ar éirigh power leis an dream eile, thosaigh sé ag brú orthu agus ba ghearr go mba é togha an domhain acu é. Theastaigh a bhót agus a chuid airgid uathu agus buaileadh cois ar an spíodóireacht. Is ait an mac an saol a dheartháir mo chroí!