Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deisiúil
aidiacht
 láidir nó tréan i ndeis; slí airgid a bheith agat; cuid mhaith talúna, beithíoch, áirgí nó eile a bheith agat; deis airgid a bheith agat; thú a bheith in do shuí go te; thú a bheith teann in airgead.
+
Tá sé sin deisiúil go maith, ach dheamhan mórán gaisce ar an deartháir measaim. Ní fhaca mé aon cheo aige ar aon aonach le bliain. Uachta na mná a chuir rath ar Sh. Murach sin, mo léan ghéar, is maith bocht a bheadh sé
Is deacair dhó a bheith deisiúil agus a bhfuil de dhola air. Ar ndóigh a dheartháir m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé chuile ré solais
TUILLEADH (6) ▼
Deirimse leatsa, hé brí céard adéarfas tusa, gur deisiúla go mór an baile a bhfuil tú istigh ann ná aon bhaile eile ar an gceathrú. Breathnaigh ar an mbaile sin thoir. Nach bhfuil maith an bhaile uileag ag an L. Agus an dá bhaile seo taobh thiar dhíot, céard atá iontu ach breaclachaí agus clochair agus diomalachaí. Níl an baile seo giorraithe tada, agus dheamhan a bhfuil de chailleadh ar an talamh atá ann léar (de réir) mar atá talamh sa tír seo.
Tá sé thar a bheith deisiúil a mhic ó. Nach bhfuil dath gach bó ar cnoc aige. Tá agus airgead tirim. Agus ní chaithfeadh sé sciúrtóig ina dhiaidh sin le teann crás croí, dá mbeadh sé in éindí leat as seo go Breatain
Dhá mbeadh sé chomh deisiúil agus go mbeadh gacha le acra aige le T. Mh. Ó. C., ní thabharfainn m'inín dó, agus an cleas tútach a rinne sé féin cheana. Níl mise a iarraidh de chliamhain ach fear gnaíúil eicínt a mbeidh caitheamh agus fáil aige. Is fearr sin ná scabhaitéara a mbeifear ag casadh a chuid cionta leis i chuile áit dhá dtiocfaidh sé
Cén mhaith sa tubaiste d'fhear a bheith deisiúil, má bhaineann sé an craiceann dó féin ag saothrú na deise. Is beag an tsomhaoine d'aon duine é féin a chur síos sa talamh fiche bliain roimh an am. Ba mhaith le cuid againn sásamh eicínt a bhaint as an saol an fhad is a bheadh muid ann. Is iomaí lá sa reilig orainn mar adeir an ceann eile
Mura bhfuil sé deisiúil muis, tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile, tá sin. Nach bhfuil díol duine uasail de chulaith éadaigh air, agus an bhfeiceann tú an mótar atá aige. An bhfuil a mhacasamhail sa tír?
Dhá mbeadh chuile dhuine chomh deisiúil le chéile, ní bheadh fear mór ná fear beag ann, agus bheadh an saol ar deil. Ach níl sé mar sin, ná ní bheidh sé mar sin go lá an Luain

deisiúil in iontrálacha eile (9)

 
Chonaic tú féin ansin thuas é: M. P. nuair a phós sé isteach sa teach sin. Ní raibh bonn bán ar an áit. Bhí guth ag chuile dhuine dár bhain leis air: ag ceapadh go mb'fhurasta dhó pósadh ní b'fhearr a dhéanamh. Breathnaigh air inniu: an bhfuil aon fhear istigh ar an gceathrú is deisiúla ná é. Is deacair deirimse leat, tada a rá. Ba mhinic na caiple deiridh ag dul chun tosaigh
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
 
díol 2
Ní raibh sé ariamh gan díol a fhreastail, dhá chruaichte dhá dtiocfadh an saol. Ach ní fhaca mé ariamh an-deisiúil é
 
Nach sonnta an mhaise dhó é a dhul ag tabhairt cine faoi chopóig ar aon duine — agus go mór mhór ar an ngearrbhodach sin thar dhuine ar bith. Sílimse nach raibh macasamhail a family sin sa tír scaitheamh. Bhí siad díonmhar deisiúil, agus is mó an mhaith a rinne siad ar chuma ar bith ná an mhímhaith … A dhiabhail nach teann é ag caint, agus gurb iad díogha chuile dhíogha a mhuintir fhéin
 
dol 1
Tá siad deisiúil, ach m'anam má tá fhéin go bhfuil an t-an-dola ar an teach siúd. Ar ndóigh, ní teach é ach beairic. Cén chaoi ar dheisigh siad é? Is maith an poll i gcéad punt a chuirfeadh a bhfuil de throscán i seomra amháin ann. Diabhal bréag!
 
Fuair a n-athair sin bás agus d'fhága sé chuile dhuine den chlainn ina ndóthain. Ach scaip cuid acu é le drabhlás. Cuid eile a rinne bun. 'Sé P. féin is fhearr a chruthaigh. Tá sé sin anois chuile orlach chomh deisiúil agus a bhí an t-athair an lá ab fhearr é. Má tá féin, is maith an oidhe air é
 
dréim
Is beag fear ar an aonach atá in ann a dhul ag dréim leis siúd anois, tá sé chomh deisiúil sin, agus tá forránach de mhac aige, bail agus beannú air, agus níl aon fhear ar an aonach in ann a dhul ag dréim leis le dornaí
 
Bhí sagart againn anseo fadó as an taobh s'agaibhse, agus 'sé an t-ainm a thugadh sé i gcónaí ar na bailteachaí sin soir: tír bhradach na ndroinníní … Sin é an chóir a bhfuil sí anois nó go mbailí tú an Gh. Tír dheisiúil í ina dhiaidh sin
 
Níl aon tír ar dhromchlár an domhain is deisiúla a d'fhéadfadh a bheith an pointe seo de ló ná an tír seo, murach a bhfuil d'fhaltanas againn fhéin dá chéile