Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deoraí
ainmfhocal, fireann
iolra: deoraithe ach fc. díolaí
1.
duine ar bith, aoinneach, mac na sceiche, mac an aoin bheo, gein.
+
Ní raibh deoraí ann — duine ar bith, aoinneach
An deoraí féin ní fhaca mé a d'aithin mé ó d'fhága mé amach an baile go dtáinig mé ar ais aríst. Shílfeá agus a bhfuil de dhaoine aitheantais i Sasana go gcasfaí duine eicínt liom, ach dheamhan thiomanta duine
TUILLEADH (9) ▼
Ní raibh an deoraí féin istigh romham. Ná dheamhan dé ná deatach a bhí ann. D'fhan mé ansin cosamar uaire nó go dtáinig T.
An deoraí féin as S. Gh. ní raibh ar an tsochraide, ainneoin go raibh sí dlite dóibh uileag. Ní fhéadfaidís gan cloisteáil fúithi mura bhfuil an codladh céatach orthu ar fad
Ní raibh deoraí ar cuairt ann. Ghlac an dream seo siar fuath dhóibh ar fad le gairid. Ní thaobhaíonn aon dhuine acu chor ar bith anois é. Ach dheamhan is móide fearr dhóibh a thaobhachtáil. Mhearódh lucht cuart teach ar bith a mbíonn a dtaithí
Bheifeá ag siúl sna criathraigh domhaine sin ó mhaidin go faoithin agus ní fheicfeá deoraí. Chaith mé dhá lá cheana ag fiach ar shliabh Fh. agus toirt fia ná feannóige ní fhaca mé ar feadh an dá lá. Anois an bhfuil biseach agat!
Ní fheicfeá deoraí ar an mbóthar sin de shiúl oíche. Is beag an bualadh atá chor ar bith air. Tháinig mé cheana ó Gh. go S. Fh. taca an naoi a chlog san oíche, agus níor casadh an deoraí dhom ar an bhfad sin. Is caillte an bóthar é
Ní bhfaighinn fag ó dheoraí istigh ar an mbaile. Nach bhfuil sin sách dona anois!
Níor scoith mé deoraí ó d'fhága mé seo gur sheas mé thíos ar an margadh. Ba í an mhaidin ba bhánaithe a bhfaca mé an bóthar ariamh í
Ní fhanfadh deoraí den chlann ina bhail — ach greadadh leo. Chreidim murach go raibh sé ina dhroch-cheann dóibh go bhfanfadh
An bhfaca tú deoraí ar bith ariamh is gráinne teanga ná é. Ní fhaca mise ar aon nós
+
Níl deoraí an bhéil bheo den chine sin sa tír anois — Críostaí an bhéil bheo; mac na scine
Ba mhaith teann iad tamall ansin thoir. Ní raibh sé ann an té adéarfadh hata bán leo, ná a ligfeadh an faitíos dó a rá. Agus féacha ina dhiaidh sin go bhfuil na préacháin ag dul thrína gcuid fuinneog agus nach bhfuil deoraí an bhéil bheo acu sa gcomhaireamh ceann inniu
TUILLEADH (7) ▼
Níl deoraí an bhéil bheo ag cur aon éileamh ort murach a bhfuil de sheafóid ort féin
Níl deoraí an bhéil bheo agam anois dhár thóg mé ariamh ach mé fágtha lag lúbach anseo, agus gan an teas ag breith ar an bhfuacht agam
Ní raibh a fhios ag deoraí an bhéil bheo go raibh an braon sin agam, mar níor chaintigh mé amach as mo bhéal air. Agus nach maith ina dhiaidh sin go raibh na póilíos in ann breith thall orm. Níl tada ag dul uathu. Tá siad suas le chuile ní
Ná bíodh a fhios ag deoraí an bhéil bheo anois cá'il tú ag gabháil. Má bhíonn a fhios, déanfar scéala ort agus gabhfaidh sé daor ort. Fainic a gcainteofá air le B. Sh. Sin fear gan foscadh
Chuaigh faitíos ormsa an oíche sin. Nár lige Dia go ndéanfainn bréag faoi, ach chonaic mé an rud … Céard a bhéarfadh duine in éineacht liom. Ní raibh ná deoraí an bhéil bheo
Creid mé anois nó na creid, bhuailfinn síos anois agus shuífinn thíos ar Bh. na T. ó oíche go maidin agus gan deoraí an bhéil bheo níos gaire dhom ná seo, agus ní bheadh aon scáth orm. Ní bheadh — a dhubh ná a dhath. Cé mar gheall air. Nach bhfuil Dia thíos ansin chomh maith agus atá sé anseo. Nó an síleann tusa nach bhfuil
Níl deoraí an bhéil bheo aige anois a dhéanfas luach na leithphínne dhó, mura ndéana sé féin é. Dar príosta féachfaidh sé fear aonraic freisin freastal do chuile mhíle ní
+
Níl duine ná deoraí ann — duine ar bith. 'Sé deoraí focal chuingreach duine
Níl duine ná deoraí ar an mbaile inniu. Is baile bánaithe é. Tá siad ar fad greadta soir ag an tabhairt amach seo atá i mB. Dheamhan duine a d'fhanfadh anseo aon Domhnach dá mbeadh a gcailleadh go deo leis. Is fada leo go dteaga an Domhnach go dté siad ag bóithreoireacht
TUILLEADH (3) ▼
Má théann duine ná deoraí isteach ansin anois nó go gcruaí sé sin, déanfaidh siad ciseach dhe aríst théis mo chuid anró. Mar sin tá mé ag cur aithne oraibh gan aon duine a ligean ina ghaire, nó má sheasann aon duine air fanfaidh lorg na gcos ann
Níl duine ná deoraí a bhaineas léithe, lena cuid airgid a fhágáil aige. Agus tá sé aici sin — saibhreas na saibhreas. Níl ríochan saoil lena cuid saibhris. Siúd é aríst é mar adeir an fear ar ball: airgead caillí dhá mhún le ballaí. Is deacair an seanfhocal a shárú adeir siad
Más maith leat sin a chloisteáil níor fhága an marbh láthair. Dheamhan duine ná deoraí a bhí ann nuair a shéalaigh sé ach mé féin. Agus seo é an chaoi a raibh sé …
2.
 duine beag cranda feosaí; dúradáinín dona; crandachán; duine nó rud gan aon bhiseach. Ní mheasaim go bhfuil an chiall díbeartachionnarbthach, nó duine a bheadh thar tír amach anois le deoraí sa gcaint.
+
Níl ann ach deoraí beag bídeach
Ab é an deoraí sin a bheadh ag dul ag pósadh! Ara céard sin ort. Nach bhfuil sé ag fáil bháis le truailleachas. Leabharsa má fhaigheann sé siúd bean, gheobhaidh chuile dhuine í
TUILLEADH (5) ▼
T'anam ón diabhal má théann an deoraí siúd ar an mbóthar, caillfear é. Ar ndóigh ní obair bóthair atá sé siúd in araíocht a dhéanta. Ní bheadh sé in ann tada a dhéanamh ach madraí a thabhairt amach ag spaisteoireacht
Is mór an peaca an deoraí beag sin de ghasúr atá ann a fheiceáil thíos in éadan feamainne, agus an goróir bocht seacáilte. Cí Dia gur mór an náire di a ligean amach leithide an lae inniu — lá a phréachfadh na gabhair
Tá deoraí de lao ansin thoir agam agus ní thiocfadh aon bhiseach faoi dá dtugainn beoir Lochlainn dó. Cén bhrí ach bhí chuile dhuine ag rá liom go mba an-údar tairbh é an tarbh sin ag T. Ph. Sea muis. Níor tháinig aon lao uaidh fós ach lao gan aon bhiseach.
Tá deoraí beag de mhadadh ann. Cinnín gliobach agus cluimhreach féasóige ar a bhéal, agus ní fhaca tusa in do shiúl lae ball is francaithe ná é. Shíl sé an chois a scealpadh agam an oíche faoi dheireadh, nó go dtug mé an bhróig isteach ar an drad dó. Is beag an ghrásta a bhí aici féin orm gur buaileadh é
Níor tháinig aon bhiseach ariamh air, ach ina dheoraí dhona mar sin. Cén bhrí ach dá mbeadh aon dreach air. Ach mo léan níl, ach ina bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhadh sé ina dhiaidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus sa mbealach ar chuile dhuine

Féach freisin

deoraí in iontrálacha eile (22)

 
Shílfeá nár dhealaigh galra an tairt fós leis. Chonaic mé thíos aréir é agus é ag slogadh. Ní raibh duine ná deoraí ag coinneáil chomhluadair leis, ach é ag diúgadh a phionta leis ansiúd
 
Dúirt mé léithe a dhul agus móin a fháil ó Mh. ó bhí sí chomh mór sin leis agus gur thug sí ar a bainis é, lá is nárbh fhiú léithe deoraí eile ar an mbaile a thabhairt ann. Dheamhan tiomanta caorán a thug mise di. Nach raibh an ceart agam, nó nárbh é a dhéanamh léithe é.
 
Deir siad, théis chomh scanraithe agus a bhí sé ag airgead, gur chaith sé a chuid le déirce ina dhiaidh sin. 'Sé a choinnigh na F. M. siúd beo ariamh, ach nár chuala deoraí an bhéil bheo uaidh é
 
Smál eicínt a bhí orthu sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraí eile acu sa gcomhaireamh ceann, théis go raibh dháréag acu ann
 
deis
Nach aisteach an deis atá air. Ní mian leis duine ná deoraí a ligean isteach faoi chaolachaí an tí. Chuile uair dhá dtéann sé amach, fáisceann sé glas ar an doras. I bhfaitíos atá sé cheapfainn, go gcuirfí aon chaidéis ar an mbean
+
diaidh
B'aisteach an rud é sin, nárbh aisteach. Deir sé gur chuala sé an choisméig ina dhiaidh aniar aníos ar feadh an bhóithrín uilig. Sheas sé míle uair, agus sheasadh an choisméig freisin. Chinn air duine ná deoraí a fheiceáil luath nó mall
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta dhó sin a bheith ag bóithreoireacht, agus triúr riadairí ina dhiaidh. Ní hé sin don té é nach bhfuil duine ná deoraí ina dhiaidh
 
Níl an deoraí féin aige ansin ach duine a fuineadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomharthaíocht lena chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann ansin thiar air, bhí claimhe den dream sin in éindí leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil ansin go maródh muintir Ch. na R. é murach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siúl ag imeacht acu. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chomaoin dóibh J. a shábháil ach oiread. Nuair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóibh, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
 
Ní raibh deoraí ar an tsochraide ach an dlúthmhuintir s'aige féin. D'éireodh dó. Ní raibh sochraide dlite d'aon duine ann. Ní sochraideach maith é
 
Sin é an faisean atá acu sin ariamh. Níl duine ná deoraí dhá dtéann isteach acu nach mbíonn an doicheall chéanna acu roimhe. Cheapfá gurb é an chaoi a mbíonn siad go mb'fhearr leo nach dtaobhódh aon duine iad
 
Bhí dóiteán mór thart síos anuraidh agus dódh muirín ar fad ann. Níor tháinig deoraí an bhéil bheo slán as
 
Ghléas sé an capall agus amach leis dólámhach lena cur faoin gcarr: capall nach raibh faoi aon charr ariamh. Ní raibh aon mhaith é a bhacadh. Dar príosta, bhain sé a ceann di ina dhiaidh sin, agus gan duine na deoraí aige ach é féin
 
… Thosaigh siad ag lascadh a chéile lena dornáin nó nach raibh deoraí an bhéil beo acu sa gcomhaireamh ceann. Ba in é Cath na bPunann
 
Bhí an t-athair an-doscúch leis an gclann. Ní raibh gair acu fanacht amuigh ón bpaidrín nach mbeadh bolta ar an doras rompu aige. Ruaigfeadh sé amach ag obair iad an lá is deannachtaí a shéidfeadh as aer. Bhí a shliocht air: d'fhága siad ansin é. Ní fhanfadh an deoraí féin acu ina bhail
 
Ba fear i ndroch-arán mise! Bhí mo mháthair ar leaba an bháis agus mo bhean istigh san easpaicil (ospidéal), agus gan duine ná deoraí agam a thógfadh an tine de mo chois ná a bhreathnódh i ndiaidh an dá mhalrachín
 
Ní raibh deoraí ar an dúiche seo nach raibh salach, ach dheamhan duine a cuireadh as seilbh ina dhiaidh sin. Go deimhin dhá bhfaigheadh cuid de na báillí agus de na gíománaigh a bhí ag an máistir cead a gcinn, ní bheidís amhlaidh
 
duine
Tá sí gan duine gan deoraí (duine ná deoraí) anois (fc. deoraí)
+
Níor inis sé do dhuine ná do dheoraí ar an mbaile go raibh faoi imeacht nó gur facthas ag dul soir an bóithrín é agus a travelling bag aige. Sin é a gcuid dúnárais sin i gcónaí. Ní chuirfeadh sé sciúrtóg as dóibh a inseacht, ach is daoine coimhthíocha mar sin iad. Ní ligfidh siad tada le aon duine go deo. 'Sé a mbealach é. Tá chuile dhuine ar an bhfeadhain acu ar an gcaoi chéanna — abhus is thall.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an teach uileag buailte síos leis an bhfiabhras, agus le teann dúnárais, níor inis siad d'aon duine é. 'Sé M. B. faoi dheireadh a bhraith nach raibh cor ná car istigh, agus chuaigh sé ag an doras agus thosaigh sé dhá rúscadh. Ní inseoidís dó an uair sin féin é. Meas tusa nach raibh an coimhthíos agus an dúnáras ag siúl leo sin! Chuaigh M. B. siar agus d'fhuagair sé do phóilíos é. Tháinig na póilíos agus an dochtúr ansin, agus hardaíodh isteach chuig an easpaicil iad. Murach sin, bíodh a fhios agat, dheamhan deoraí acu a bheadh sa gcomhaireamh ceann. D'fhanfaidís ansiúd go dtéadh sé in ainseal orthu, agus nárbh fhéidir a dtabhairt as. Tá an dream sin aisteach, ní dhá roinnt leo é
 
D'éirigh sé suas ina stoithneachán i lár an tí agus thug sé dúshlán a raibh i láthair é a chur amach. 'Is dona a frítheadh sibh,' adeir sé, 'má tá faitíos ag lán tí roimh fhear amháin.' Diabhal an deoraí féin a chorraigh ina dhiaidh sin
 
Chuaigh mé ar cheilt as éadan i ndeireadh na hoíche, agus diabhal duine ná deoraí a bhraith mé ina dhiaidh sin
 
A Rí na ngrásta anocht! An bhfuil ní ar bith faoin saol ag dul uathu; má tá siad ag cur anall báid aeir anois agus gan duine ná deoraí iontu, agus buailfidh siad an áit atá an dream thall a iarraidh ina dhiaidh sin. Nach mallaithe an intreacht í sin. An t-áibhirseoir fhéin — diúltaí muide dhó! — atá ina bpáirt