Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlúthmhuintir
cairdí gaoil; daoine a bheadh dlúth i ngaol dá chéile.
+
Níor ligeadh isteach ann ach an dlúthmhuintir
Níor thug sé cuireadh ach don dlúthmhuintir. Th'anam ón riabhach, dhá n-iarradh sé a mbaineann leis, ní choinneodh an tír iad, ní áirím an teach
TUILLEADH (7) ▼
Ní raibh deoraí ar an tsochraide ach an dlúthmhuintir s'aige féin. D'éireodh dó. Ní raibh sochraide dlite d'aon duine ann. Ní sochraideach maith é
Is cunórach an diabhal é. Thug sé daoine ann nach raibh guth bainse ar bith acu air, agus níor bhac sé lena dhlúthmhuintir féin. Tá dhá chol ceathar aige anseo thiar i mB. na hA. agus níor thug sé cuireadh ar bith dhóibh, murar thug sé cuireadh cosáin
A dlúthmhuintir fhéin uileag atá ansin: ainteanna agus col ceathrachaí. Is deacair hata bán a rá léithe ansin deirimse leat
Má tá brá gill ag J., ní hé sin dá dhlúthmhuintir é. 'Siad atá thar a chéile ar an mbaile seo, agus dheamhan oiread acu agus a dhéanfadh torann ar leic
Má d'fhága sí uachta mhór ina diaidh, is gearr is lón dá dlúthmhuintir é. Tá bratainn acu anseo thoir, agus dhá mbeadh teacht isteach Hyde ar chuile dhuine acu, ba ghearr le dhul ar a scóig é
Dhéanfadh sé sin gnaíúlacht leis an bhfear is faide amach uaidh in Éirinn, ach ní fhiafródh sé d'aon duine dhá dhlúthmhuintir féin a mbeadh béal orthu. Postúlacht agus leithead. Deile?
Níl luí ar bith aige lena dhlúthmhuintir fhéin. Ag súdaireacht le strainséaraí a d'fheicfeá i gcónaí é nuair a bhíos sé as baile. Ó mhuintir a mháthar a thug sé é sin

Féach freisin