Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do-
/du/, /dṳ/
réimír roimh aidiachtaí agus aidiachta briathartha
malrait: so-
tá réimír eile dubh- atá an-choitianta agus atá ar an aon fhuaim le do- nó ionann is é. Bíonn an guth i dubh- níos faide siar ná do- measaim. Ach is furasta a n-aithneachtáil thar a chéile ón mbéim chainte. Cuirim i gcás dothógtha agus dubhthógtha. Is beag atá sna fuaimeannaí féin a gcuirfeadh duine cronaí iontu mura dtógtaí le Gaeilge é, ach braithfidh aon duine go bhfuil an bhéim nó comhbhéim ar do- i dothógtha, agus go sciorrann sí thar dubh- i dubhthógtha go dtí an príomhfhocal. Tá a mhacasamhail de rud le an-, an (ain) i bhfocal mar an-eolas, aineolais, an-fheoil, ainfheoil (ar an agus ní ar an- atá an bhéim)
 nach féidir a dhéanamh; a bhfuil sé an-deacair a dhéanamh. Is féidir do- a chur roimh aidiacht nó aidiacht bhriathartha ar bith agus baintear leas as éadan as sa gcaint mar sin. Níl anseo síos ach roinnt samplaí.
+
Dobhlite (bó dobhlite — ní shéimhítear é go minic leis an bhfocal baineann féin); portach dobhainte é; curach do-iomra(mha) í (nó do-iomraithe); móin dothriomaithe í; éadach donite é
Nach sibh a chuir docht ann é. Tá sé dobhogtha
TUILLEADH (31) ▼
Tá an ghlas-shnaidhm seo doscaoilte
Níl na fataí nua sin dobhruite chor ar bith
"Tá na fataí seo donite, dobhruite, dochurtha síos. Tá an tincéara i gCorcaigh agus an pota ag ligean thríd" (as Fáilte an Duine Dhoicheallaigh)
Tá an ithir dospréite théis na báistí
Ar ndóigh tá sé dofhuinte nuair nach gcuireann tú sóidí ann
Tá an raibiléara de khettle sin dofhiuchta
B'éigean fuafíonaigh a chur ar an gcích dhó sin. Bhí sé dochoiscthe. Sin é an fáth a bhfuil an spreacadh ann
Tá a chuid scríbhneoireacht doléite go maith
Tá an garraí siúd féin sách dobhainte
Is fear dobhuailte é. Cá'il fear a bharrtha mar sin? Dheamhan duine a d'fhéach é nár chuir sé taobh na bpoll os a chionn
Tá Sasana dobhuailte
Sin bróga dochaite agus an fhad is atá siad agat
Tá sé siúd domharaithe nuair nár mharaigh a bhfuair sé d'iarrantaí céatacha ansin siar é
Bhí an capall sin a bhí go deireanach ag P. Sh. buille docheansaithe. Is beag nár chinn air a thaithiú le na mótars chor ar bith
Tinneas doleigheasta é, mura dtapaítear in am é
Maidir le T., níl aon mhaith air. Tá sé doleigheasta
Tá an doras sin doshníofa a mhic ó. Beir air go bhfeice tú chomh daingean agus atá sé
Tá an bicycle sin dobhriste nuair nár bhris sé siúd é le bliain
Chaithfeadh sé go mba litir doscríofa a bhí inti, má chaith sí léithe ó eadarshuth go tráthnóna
Níl peaca ar bith domhaite. Ag Dia atá chuile shórt a mhaitheamh, míle moladh leis féin
Tá an talamh atá ansin thuas againn dochoisnithe. D'fhéach mé lena chosaint anuraidh agus arú anuraidh. D'fhálaigh mé é, bhioraigh mé na claíochaí, chuir mé sceacha orthu, ach bhí mo shaothar in aisce agam. Bhí siad leagtha go talamh faoi cheann coicíse
Diabhal a bhfaca mé aon uisce ariamh chomh dothéite leis sin, ainneoin go bhfuil caor thine faoi
Tá an fhearnóig dolúbtha
Talamh doshaothraithe críochnaithe é
Duine domheallta é sin. Is deacair cluain a chur air
M'anam go bhfuil na muca féin dodhíolta, théis a laghad acu agus atá ann
Níl rud ar bith dodhéanta má tá díocas ceart ar dhuine a dhéanamh
"An rud a bhí dodhéanta rinne sé féin é. D'fhulaing sé a sciúrsáil a chrochadh agus a chéasadh" (as amhrán diaga: Trí scóir a bhí an Naomh Joseph nuair a phós sé Muire Mháthair)
Tá sé domhúinte ag an scoil, agus dosmachtaithe sa mbaile
Duine doshásta é
Tá an fhéasóig seo orm sách do-bhearrtha ach dhá mbeadh an barr marbh bainte dhi agam, bheadh liom
·
Is dochreidte an scéal é, nach dochreidte, nach bhfaca sé aon traein ariamh
Sin rud dochreidte muis, ach d'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh ina dhiaidh sin
·
Tá sé dofhaighte anois ar chaoi ar bith, ach sin é an chaoi le chuile shórt dhá mbíonn sa teach seo. Ní bhíonn aon fháil air
Nuair a d'éirigh siad dofhaighte (na toitíní), d'éirigh seisean astu, théis nach ndéanfadh luach deich scilleacha sa tseachtain lóchán ar bith dhó roimhe sin
+
Duine dochomhairleach é — ní ghlacfadh sé comhairle; ní ghéillfidh sé do chomhairle
Sin é an chaoi a mbíonn an duine dochomhairleach i gcónaí. Ní bheidh sé sásta mura dtuga sé an dubhléim
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé sin doscúch dochomhairleach agus tá a shliocht air. Breathnaigh inniu air!
Ó tá sé chomh dochomhairleach agus go bhfuil, a chead sin a bheith aige. A chomhairle féin do mhac dhanra. Múinfidh an saol é, feicfidh sé féin air
Sin é an chaoi a mbíonn an duine dona dochomhairlithe i gcónaí
Nach diabhlaí an chaoi a chuir sé air fhéin faoi dheireadh thiar théis a bhfuair sé de dheis. Deir siad go mbíonn an duine dona dochomhairlithe agus an duine sonaí sochomhairlithe. M'anam go bhfuil a chomharthaíocht lena chois freisin. Is beag den cheird sin a fheicfeas tú ar mhac Sh. an tSiopa seo thuas
+
Bóithrín an-doshiúlta é (baintear leas as an- go minic roimhe)
Tá sé an-do-ólta (leann)
TUILLEADH (7) ▼
Iasc an-do-ite é ina dhiaidh sin. Tá sé róláidir
Is bicycle an-dothiomáilte é seo. Tá sé dubhthrom
Tá an bhó sin an-dothógtha
Duine an-dothógtha é. Dhá bhfaigheadh sé fuíoll na bhfuíoll, ní bheadh slacht a chodach air
Tá na cupla mullach siúd an-doghlanta. Tá plá shalachair iontu
Breac an-domharaithe é
Duine an-doshaighdte é — is deacair a shaighdeadh

Féach freisin