Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dócúil, docúil
/dōkū:l′/; /dokū:l′/
docúil is coitianta
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: dócúla
malrait: sócúil, sócúl
cruatan, danracht, dodhéantacht, easonóir, anró, tónáiste, deacracht, tiompán.
a.
·
Ní bheadh a fhios ag duine cé is fhearr an sócúil nó an dócúil scaití. Breathnaigh air seo amuigh. Ní cheal airgid atá air, ach cén só atá ar an saol aige ina dhiaidh sin, lá is go bhfuil sé féin agus a bhean in árachaigh a chéile chuile ré solais
·
Is deacair tada a dhéanamh ag dócúil (dócúlacht) na haimsire — an aimsir a bheith crua feannta fliuch
Chaith fuiríocht calaidh trí seachtainí orainne cheana i gcéibh an S. ag dócúil aimsire. D'imigh liom fhéin i leith faoi dheireadh agus d'fhága mé an bád agus a raibh ann ansin. Ní dheachaigh mé soir aríst nó go raibh sé in araíocht a dhul chun farraige
·
Shílfeá go mbeadh duine ag saothrú an tsaoil anseo ach tá chuile shórt ceart ach dócúil na farraige ina dhiaidh sin. Dheamhan greim a gheobhas bádóir nach greim saothraithe é
Beannacht Dé dhuit! Ní chuirfinn bó ar bith siar ann, agus gan fios agam nach basctha a bheadh sí tráthnóna. Ní mó ná na gabhair atá in ann dócúil na mbreaclachaí sin a bharraíocht
b.
+
Dócúil ort! (eascaine) — nár éirí leat gan anró, agus tiompáin; nár thé tú chun tosaigh
Dócúil air le caoi a bheith air. Ó tá i ndán is gur chuir sé sin de threampán ormsa, ní bheidh aige ach malrait, dar diagaí
TUILLEADH (3) ▼
Dócúil ort mar asal, mura tú atá righin!
Dócúil air agat! Caith in aer é feasta agus ná bíodh muid bodhraithe aige níos faide
Dócúil ar na madraí céanna! Níor chodail mé aon néal aréir acu nó go raibh an oíche thar droim, ach iad ag sclamhadh agus ag glafarnach ar an tsráid

Féach freisin