Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
docht
aidiacht
fáiscthe, calctha, dobhogtha, dobhainte.
a.
+
Tá an fhuinneoig sin an-docht (nó dochtmhar amantaí), ach is beag an dochar di. Níor cuireadh síos ná suas í ó chuaigh sí isteach, agus maidir le gionnóid (deannóid) phaint a chur uirthi, ní dheachaigh a leithide uirthi
Nach docht atá sé an diabhal! Ní fhaca mé claibín ar bhuidéal ariamh chomh docht sin. Dheamhan aithne air nach éadáil atá ann
TUILLEADH (8) ▼
Ní bhainfidh tú é, gan turnscrew. Tá sé ródhocht. Ach d'éireodh dhó: ní raibh deoir as aer le dhá bhliain nár buaileadh air sin
Bhí sibh ag rá nár windeáileadh an clog seo. Cén chiall dó a bheith chomh docht mar sin? Ní maith liom teannadh air an iomarca, faitíos go gcuirfinn ó rath uileag é
Bí dhá casadh (uaireadóir) nó go n-airí tú docht in t'aghaidh í. Sin é a dhíol
Is diabhlaí docht a d'fháisc sé é. Caithfear an pionsúr a chur ina éadan. Tá breathas ar a lámha — rud ar bith a rachas sé a láimhseáil
Docht le meirg atá sé. Ní thiocfaidh sé sin dó (dhe) go réidh
Tá an doras sin an-docht. Caithfear ruainne beag snoícháin a dhéanamh ar an ursain sin aríst
Tá sí an-docht sa talamh (cloch). Púdar nár mhór don chailín sin. Sin é a scoiltfeadh go talamh íochtair í
Tá claise an tsrutha siúd an-docht. Ach tuige nach mbeadh. 'Sí is fhearr ar bith agus an t-achar ó tógadh í — níl an t-uisce ag rith inti, arae tá luifearnach, fóide, clocha agus eile dhá bhacadh
·
Tá a geanntrachaí chomh docht i dtalamh ag Sasana sin agus nach féidir a bualadh. Níl i ndán buailte dó a mhic ó, nuair nach n-ionsódh an domhan fré chéile í
Bhí sé chomh docht ansiúd le doras, agus nár mhór duit canta gelignite lena chur as. Ní chorródh tada eile é
+
Doras docht dúshlánach é; doras docht daingean é (cuirtear cuingir ar na focla sin mar sin go minic)
Tá an leac sin docht dúshlánach. Is beag an mhaith do ghróín agus t'oirdín ina héadan sin
TUILLEADH (1) ▼
Nach docht daingean a cuireadh é sin ansin. Do dhúshlán anois a bhaint as, théis do chuid gaisce
b.
deacair, doghrainneach.
·
Nach é atá docht (nó docht daingean) — fear a bheadh doghrainneach faoi rud a bheadh sé a dhíol; ba deacair margadh a dhéanamh leis
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort! Ní cheannódh duine ar bith aon cheo uaidh sin. Tá sé chomh docht le seanchrann
·
Sin é an portach atá docht a bhaint. Níor chuir mé aon tsleán in aon phortach ariamh sílim is doichte ná é

docht in iontrálacha eile (5)

 
Tá sé daingean docht (nó docht daingean) ansin anois
 
danra
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dúigh seo an-docht. Is danra é le scriúáil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
 
Ní raibh deacracht ar bith air é a chur isteach. Ach bhí sé chomh docht lena bhfaca tú ariamh istigh. Fuair sé anró óna bhaint amach aríst
 
do- 2
Nach sibh a chuir docht ann é. Tá sé dobhogtha
 
droim
An bhfuil tú in ann é a chur dhíot de do dhroim. Is diabhaltaí docht atá sé