Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
daingean
aidiacht, dobhriathar
fuaim: daingean iarthar na Gaillimhe; daighean (g séimhithe, ai ar fhuaim adh in Tadhg) ar an Achréidh
1.
 docht, crua.
+
Tá giall daingean (carbad daingean, cnámha daingeana, cosa daingeana, droim daingean srl.) ag an mbuachaill úd
An t-alt is daingne in do chorp lúbfadh sé hidir a laidhricín agus mac an pheata é. Ní raibh cinneadh go deo leis an spreacadh a bhí ina mhéarachaí
TUILLEADH (2) ▼
Cad ar chad, cad os cionn cad agus cad idir dhá chad, agus sliogán eistre ina mhoirtéal orthu: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon bhallaí faoin domhan ba daighne ná iad
A bhfuil de gheanntrachaí in Éirinn ní scoiltfeadh í sin. Tá sí ródhaingean
2.
doscaoilte; dobhainte amach, diongbháilte, teann, tacúil, spreacúil, dúshlánach, dingthe.
a.
+
An bhfuil an doras daingean?
Tá an doras sin chomh daingean le geata an phríosúin
TUILLEADH (9) ▼
Tá an áit sin chomh daingean le príosún
Tá sé daingean docht (nó docht daingean) ansin anois
Cuir isteach go daingean é nó tiocfaidh sé amach aríst
Sin é a bhí daingean. B'éigean an bosca a bhriseadh shular féadadh an glas a bhaint
Tá sí sin ródhaingean i dtalamh lena baint le gróití. Púdar nach mór don chailín sin (aill)
Más leat í sin a dhéanamh sách daingean (a cur isteach sách daingean, a fáscadh sách daingean srl.), ní mór duit ord a fháil agus a dhul ag orlaíocht uirthi. Is gearr le dhul do mhaoilín casúir ar an daigéad sin
Dhá mbeadh sé chomh daingean ann i dtalamh le Carraig an Mh., bhainfidís siúd í le teann fórsa. 'Siad a bheadh deas air!
Nach daingean sa diabhal a chuir sibh isteach é le nach mbainfeadh do chumhachta amach é
Tá sé i ngreamús ann sách daingean ar chuma ar bith le nach mbainfidh buille fánach mar sin as greim é
+
Nach diabhaltaí daingean a cuireadh an claibín ar an mbuidéal ola a bhí ansin an lá cheana, agus go mb'éigean dúinn pionsúr a thógáil ina éadan
Nach tú a chuir an glas-shnaidhm daingean uirthi. Tá faitíos orm go gcaithfidh tú an scian a thabhairt di
TUILLEADH (12) ▼
Tá greim daingean ar an gcloich sin, léis (tar éis) go bhfuil sí ar bogadh le do láimh a leagan uirthi
Is ar an lann atá an greim daingean istigh sa bhfeirc, ainneoin gur beag an rud í
Tá breith daingean ag na clocha isteach ar a chéile. Is maith a cuireadh ar an scair iad, gan bhréig gan mhagadh
Tá cnó dhaingean air
Tá glas daingean ar an doras
Tá slabhra daingean ar an ualach sin
Tá dúnadh daingean ar an doras
Tá géibheann daingean ar an spliota sin anois — istigh ar thóin an phríosúin. Coinneoidh an áit siúd é, feicfidh tú féin
Tá táthú daingean ar an tlú sin
Tá cur isteach daingean ar an láí — an feac curtha san iarann i gcruth is nach dtiocfaidh sé amach
Tá deisiú daingean ar an mbróig sin anois. Ní scoithfidh tú an crú sin deirimse leat
Tá fostú daingean air anois. Ní thiocfaidh sé i mbradaíl níos mó (bullán ar cuireadh loncaird air)
b.
+
Tá de Valera istigh go daingean anois. Cuirigí amach é feiceamuist
Tá na Sasanaigh istigh sách daingean ar na Gearmánaigh le rud le déanamh a thabhairt dóibh a gcur amach
TUILLEADH (4) ▼
Tá na Ghiúdaigh sin chomh daingean anois sa tír seo agus nach féidir a mbaint as greim.
Bhí na Sasanaigh céanna an-daingean i chuile cheaird den domhan
Tá sé sin anois chomh daingean istigh sa mbaile sin agus a bheadh seanchrann i gcoill. Tá fréamhrachaí amuigh aige i chuile áit, agus chaithfeá chuile cheann acu a bhriseadh shula d'fhéadfá a chur de dhroim seoil
Sin gaotaireacht, creid mé dhuit ann. Tá sé siúd anois chomh daingean istigh sa talamh sin, agus go gcaithfidís lán laidhre lena chur as seilbh, más féidir a chur as seilbh. D'fhéachfadh sé a bhfuil istigh is amuigh acu cailleadh leis an dlí
+
Ná bíodh imní ar bith ort. Tá tú istigh go daingean inti fós. Ach má éiríonn geábh eile chomh maith leis an ngeábh deiridh leis an dream seo, scilling sportha a bheas inti — scilling in imirt chártaí, agus dream ag imirt inti
Is maith daingean atá tú istigh i gcreatlaigh an phísín (sé pínne) fós. Féach le fanacht ansin má fhéadann tú. Ná cuireadh tada aisti thú — páirtí ag maíochtáil lena chomhpháirtí i gcártaí
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé i ngreamús go daingean in do phíosa fós. Deich bpínne atá mé istigh sílim
Táir a mh'anam, agus go daingean. Coinnigh greim an fhir bháite anois uirthi. Imir do chuid cártaí go staidéarach, agus scuabfaidh muid an tyre cairr (leathchoróin) fós
·
Tá greim chomh daingean sin aige ar an tír anois agus nach mbuailfeadh an saol é.
Tá cosa i dteannta air ansiúd chomh daingean agus nach gcuirfeadh tonna púdair — tada leis — as é
c.
+
Tá sé ag sioc go daingean — go tréan, teann, láidir
Dar príosta tá sé ag sioc go daingean agus cupla iomaire mheaingeals ansiúd thíos agam gan clúdú ná a dhath. Is dathúil an chaoi a bheas orthu ar maidin
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé ag cur sheaca chomh daingean anois agus nach mbeadh sé inrásta ag duine ná ag beithíoch an bóthar a shiúl ar maidin
Siúd í an oíche a raibh sé ag sioc go daingean ar chaoi ar bith. Ghabhfadh sé thrí chlár daraí
Tá sé ag báisteach go daingean (go daighean Achréidh)
Ar chuala tú ariamh an scéal faoin sagart agus faoin mbuachaill. Tháinig an buachaill isteach agus é ina líbín. 'Tá sé ag báisteach go daingean,' adeir an sagart. 'Tá, agus deich míle taobh thiar de Dhaingean,' adeir an buachaill, 'mar tá mise théis a theacht as ar mo chapall anois' (Magadh focal atá sa scéal seo. Is áit i gConamara é an Daingean. Tá sé idir Eanach Mheáin agus Paróiste an Chillín. Tá eolas ar an scéal seo ar an Achréidh freisin ach daighean adeirtear i leaba daingean)
Tá sé ag báisteach go daighean inniu
Bhí sé ag báisteach go daighean orm ag teacht aniar. Báitheadh go craiceann mé
Bhí sé ag báisteach chuile orlach chomh daingean ó mhaidin anseo agus atá sé anois. Ní dhearna sé aon aiteall ó thosaigh sé ag an deich a chlog. Is síoraí an lá báistí é míle buíochas le Dia
·
Tá tú ag caint go daingean anois — diongbháilte, cinnte, teann; ar bhealach a dtabharfá lena inseacht go raibh fút an rud a bhí tú a rá a dhéanamh, nó go ndéanfá maith de do rún
'Sé a labhair go daingean. Bhí a fhios agam ar an bpointe nach dtiocfadh aon athrú intinne dó ón gcaoi ar labhair sé

daingean in iontrálacha eile (7)

 
Tá an dá bhealach ann: an Daingean agus an Ceann — d'fhéadfadh bádóirí a dhul go Ros Muc timpeall Cheann Gólaim, nó suas an Daingean; tá dhá chaoi le rud a dhéanamh srl.
 
do- 2
Tá an doras sin doshníofa a mhic ó. Beir air go bhfeice tú chomh daingean agus atá sé
+
docht 2
Doras docht dúshlánach é; doras docht daingean é (cuirtear cuingir ar na focla sin mar sin go minic)
TUILLEADH (1) ▼
Nach docht daingean a cuireadh é sin ansin. Do dhúshlán anois a bhaint as, théis do chuid gaisce
 
Chreidim go bhfuil an dá bhealach ann — an Daingean agus an Ceann — mar adeir an bádóir. 'Sé an píobán réidh píobán na beatha, agus an píobán eile — píobán an doichill — ceann na hanála
 
droim
Meas tú cáid go dté droim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh nó an ngabhfaidh go brách. Is fusa é a rá ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh chomh geantáilte sin ann agus go dtógfaidh sé aimsir a gcur de dhroim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rómhánaigh (Caitlicigh) thíos ann nach ndéanann. Ó, tá rútaí Chromail go daingean ansin fós
 
Nach diabhlaí daingean é agus doras dúbalta leis