Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dairt
ainmfhocal, baineann
caorán; scraith; fóideog nach mbeadh róchrua ach a bheadh tirim go hiondúil; dóid; fód; cnapán. Ní thabharfá dairt ar chnapán sneachta, muna mbainteá scraith as an talamh agus an sneachta uirthi.
a.
+
Bhuail sé dairt orm; bhuail sé de dhairt mé; chaith sé dairt liom
Bhí siad ag caitheamh dairteachaí ar an bportach agus is beag nár bhain siad na súile as a chéile — ar phortaigh a bhíos caitheamh dairteacha go hiondúil
TUILLEADH (17) ▼
Rinne siad dhá chomlán — an baile seo agus B. — agus thosaigh siad ag caitheamh dairteacha le chéile. Dar fia chuir an dream s'againne i ndiaidh a gcúil iad agus leanadar chomh fada leis an sruthán iad ag caitheamh leo i gcónaí. Ba é an cath ba mhó é a chonaic mé ar phortaigh ariamh in mo shaol
Ní sheasfadh aon duine beo thuas ann ach a dtosaíonn na dairteacha dhá gcaitheamh. Is contúirt é go mbainfidís an tsúil amach as do cheann
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
Má éirím agat cniogfaidh mé thú le dairt
Bhuail sé de dhairt é agus dá n-éiríodh sé leis ar an tsúil, dheamhan thiomanta súil a d'fhágfadh sé istigh ina cheann leis. Tá an t-urchar crua aige sin. Nach bhfeiceann tú an teannadh a chuireas sé le chuile shórt a chaitheas sé
Is deas iad do chuid dairteachaí. Nach gruáin de chlocha atá tú a chaitheamh. Ní spóirt ar bith an tsúil a bhaint as duine
Má thugann sé siúd dairt ar an tsúil duit, beidh cuimhne agat air
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Téadh sé dhá gcaitheamh lena chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
Níl neart ag duine a dhul an bóthar acu, nach bhfuil cluiche acu amuigh roimhe lena dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na húdair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orthu — gan smacht gan ceannús ceann
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana agus ní fhaca tú aon ghábh ariamh mura ndeachaigh mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uileag ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha acu, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na méaróig liom gan doubt. Ó fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fána aríst shula fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
Ó thosaigh corrdhairt dhá chaitheamh leis thug sé cúl dúinn ar fad. Níor thaobhaigh sé an teach le tuilleadh agus ráithe. Is beag le beannú dhom a dhéanas sé anois. Ní ligfeadh sé isteach ina cheann chor ar bith nach mise a chuir suas le na scorachaí a dhul ag caitheamh dairteachaí leis
M'anam muise ó chuaigh sé ar chaitheamh na ndairteachaí go bhfeicfidh tú mura bhfágtar an caitheamh faoi fhéin ar fad go (gur) gearr gur ar chaitheamh na gcloch a thiocfas sé. Ní fhaca tú ó rugadh tú an té is lú acmhainn grinn ná é sin
B'uafás iad na dairteacha a bhí ag dul amach thar an mullach agam. B'éigean dom imeacht ar mo chromada istigh faoin gclaí gur bhailigh mé suas an Ch. nó scuchaidís an cloigeann dom (díom). Chuile eallach i mbaile ach na diabhlánaigh sin. Tá marú duine orthu
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeifí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nár caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin sa gcat mara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin ansin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleithiúnas a dhul ag déanamh spóirt san áit a mbeidh sé sin
Is dona a thaitneodh sé leis féin dairteog a bhualadh ar an leiceann air. Mo choinsias dá mbuailthí, ní i bhfad go mbeadh lig amach mo mhullach ann. Tá a fhios againn go maith cé hé
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air
b.
+
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag iarraidh an chloch sin a phléascadh le ord. Púdar a theastaíos uaithi — obair dodhéanta é féachaint leis an gcloich sin a phléascadh le ord
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint den tseanlánúin sin. Lá is gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aigesean a bheith leo. Agus dar fia, bhí set ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fónamh
TUILLEADH (7) ▼
Dhá dtéiteá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabháil de chlocha ar do cheirteachaí, ba somhaoiní dhuit é ná a cheapadh go mbaine tú beatha amach ar na cupla geadán breaclaí sin. Is maith an fáiteall broic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéana muirín cúis orthu, gan teacht isteach ar bith eile thartu, tá sé fánach acu
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaol a chaitheamh ina bail. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeos uaithi. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon duine atá a fhios é ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaíúla go mór a fágáil ansin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcónaí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat, an ceann acu a thosaíos ar an gceird sin, go bhfuil sé de bheith uirthi gan éirí as dá dtugtaí an saol mór di
Bhí sé chomh maith di anois a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le síleachtáil go gcuirfidh sí an oiread den dallach dubh air sin agus go bpósfadh sé í. Ní phósfaidh muise, chomh uain is a bheas grian ag dul deiseal
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuimhnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuimhnigh gurb é Rí na nGrást a rug bua ar Fhiannta Fionn; Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh siar; nó ag sníomh gadrachaí de ghaineamh trá; Ná aon anam amháin dá bhfuil in ifreann íochtair; A thabhairt as aríst go brách" (As Argóinteacht Oisín agus Phádraig. Ó m'athair a thóg mé é)
Is ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh dó é, a dhul ag saothrú an riascaigh údan. Dheamhan fata a thabharfas sé go brách dó, dá gcuireadh sé a bhfuil d'aol i dtornógaí na hÉireann air. Abraíodh fear na bhfataí a rogha rud. Cén scil atá aige sin ann ach an oiread liomsa, a leathoiread sin féin! (níl aige ann)
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
Mura bhfuil aon cheo eile ar t'aire téirigh ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh nó leis an mbogha báistí más fearr leat é
+
B'fhearr dhó a dhul síos ansin thíos ag an gcladach agus a dhul ag caitheamh dairteacha le Contae an Chláir (Árainn srl.) ná a bheith ar an gceird atá air. Ag réiteach agus ag rómhar seanchlochair ansin thiar, agus é ag ceapadh go ndéanfaidh sé bun ar na cupla acra gágach sin. Dheamhan bun muise lena luiseag
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
TUILLEADH (1) ▼
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair, mar adeir an ceann eile. Meas tusa an dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid allais ag iarraidh seanmhóinteáin atá ansin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon tabhairt go brách sa moing chaca sin
c.
+
Ní raibh ann ach caitheamh dairteachaí le hais an chogaidh seo — ní fiú caint air (an cogadh deiridh 1914-1918) le hais an chogaidh seo; is measa go fada é an cogadh seo ná an cogadh deireanach; ní raibh gair ná gaobhar ag an gcogadh deireanach ar an gcogadh seo
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
TUILLEADH (10) ▼
Ní tada an S. a bhualadh. 'Sé is fhearr in Éirinn ceart leor, ach céard í Éirinn? Ní raibh sa troid sin ach caitheamh dairteacha le hais an cheann seo: má théann sé le M.
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
Ní raibh ansin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionsaí sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thabharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon troid thútach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar a airdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá easna ann. Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
Ní raibh ann go dtí seo ach caitheamh dairteachaí nó go dteaga an firéad siúd ann. Tá sé chomh maith do L. a sheolta a ardú go dtí paer eicínt eile an uair sin. Chuirfeadh an firéad sin dhá chrígh Mhuire thrína chéile. Ní raibh dhá cheann an tí sin ariamh gan a bheith thrí lasadh — ariamh sa saol
Caitheamh dairteachaí a bhí ann arú aréir ar ghualainn na hoíche aréir. Ó stop! Bhí sé ina bhruithshléacht ceart. Ní bhfuair mé an oiread cuideachta ó rugadh mé. Bhí sé seo thoir ag sáraíocht agus ní thuigfeá focal sa gcéad uaidh le pislíní. Ní raibh duine sa teach nach ina éadan a bhí aréir. An C. scaití ag teacht leis, agus scaití ag cur ina aghaidh, lena splancadh tuilleadh. Grounds mhór atá ag an gC.
Is deacair P. a chorraí. D'fhéadfá a bhualadh trasna an smuit agus dheamhan drúcht ná báisteach adéarfadh sé leat, ach tosaí ag gáirí. Ach mo choinsias is dar m'anam, nuair a bhíos sé corraí, nach bhfuil beart ar bith is fhearr ná fanacht uaidh. Níl sa gceann eile ach caitheamh dairteacha ar a ghualainn. Ní ag bagairt a bhíos sé ach ag bualadh. Speirfeadh sé nó sháfadh sé thú ar iontú an tsoip. Is fiú é a sheachaint má bhíonn aon challóid air
Ní raibh sa bpassáil (scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí más fíor dó fhéin, i gcomórtas an phassáil a chuaigh ar a mhac seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfaigheadh sé faoina foraí (fabhraí) é, hé brí (pé ar bith) céard a phassáil an mac
Ní raibh a dhul isteach sna póilíos fadó thar chaitheamh dairteachaí, i gcomórtas a dhul isteach iontu anois. Dhá mbeadh caraíochaí ar bith agat an uair sin — duine ar bith adéarfadh focal sa gcúirt duit — bhí leat. Ghlacfaí iontu thú gan stróbh ar bith (stró > stróbh i gcónaí i gcaint de bharr a bheith idir ghuthaí i gcónaí bunáite). Ach tá siad an-ghéar anois. Ní mór dhuit breacfhoghlaim mhór a bheith ort go nglacfaí thú. Nach iontu atá saint ag chuile dhuine anois!
Tá caint an-chrua i scéal atá ag M. C. Níl in Argóinteacht Oisín agus Phádraig ach caitheamh dairteachaí lena ais. Ní thuigfeá cuid den chaint siúd beag ná mór. Seanliagáistí móra atá ag an gC.
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá inti i gcomórtas oibre. Chonaic mise fadó nuair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtógthá do cheann chor ar bith, gheofá bóthar abhaile. Bhí siad dubhghéar. Chonaic mé meitheal ar fad — chomh maith le scór fear — dhá mbriseadh in éineacht ann aon lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabháil fhoinn. Ní raibh siad ala an chloig féin ina seasamh, nuair a díbríodh abhaile iad
d.
+
Bhí sé ag baint dairteacha ag an scéal — bhí sé ag baint fóideogaí ag an scéal nó ag baint spreabannaí ag an scéal; ag tarraingt an scéil anuas; ag trácht ar rudaí ar dhóigh dóibh an scéal nó an cheist a thabhairt ar chlár na himeartha; ag stócáil, ag téisclim, nó ag réiteach an bhealaigh don scéal nó don cheist
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dúirt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orthu anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Ligfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shin
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraingeofaí anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanaíochta sin é deirimse leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Bhí sé thíos anseo thíos oíche aonaigh agus braon maith sa gcoirice aige. Má bhí féin bhealaigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionsaigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. 'Tá gabháltas maith go leor agat,' adeir sé, 'ach is gearr go mbí sé ina stopóig ort cheal a shaothraithe. Breá nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma ansin, isteach is amach ag cothú an dá splainc sin. Gheofá bean dhá mbeadh sé de ghus ionat fhéin í a iarraidh.' Níor labhair sé ar a inín féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a hiarraidh. Is beag nár thiomain sé air í. Ach ar ndóigh mo léan ní chorródh canta gelignite an fear thíos as an gcúinne
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt

dairt in iontrálacha eile (3)

 
déan 1
Gheobhaidh sé a sháith mhór le déanamh feicfidh tú féin air agus an bully seo anoir a chur in aer. Ní chuirfidh sé in aer é chomh réidh agus a chuir sé an dream eile. Ní raibh sna troideannaí eile sin dhó ach ag caitheamh dairteacha
 
Chuaigh dúradán faoi mo shúil inné agus muid ag caitheamh dairteacha ar an bportach. Airím fúithi fós é. Tá sé an-tinn
 
Ní bhainfidh tú é. 'Sé do dhúshlán é anois. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag féachtáil leis