Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dairteachaí (27)

+
dairt
Bhí siad ag caitheamh dairteachaí ar an bportach agus is beag nár bhain siad na súile as a chéile — ar phortaigh a bhíos caitheamh dairteacha go hiondúil
TUILLEADH (23) ▼
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
Is deas iad do chuid dairteachaí. Nach gruáin de chlocha atá tú a chaitheamh. Ní spóirt ar bith an tsúil a bhaint as duine
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Téadh sé dhá gcaitheamh lena chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
Níl neart ag duine a dhul an bóthar acu, nach bhfuil cluiche acu amuigh roimhe lena dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na húdair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orthu — gan smacht gan ceannús ceann
Ó thosaigh corrdhairt dhá chaitheamh leis thug sé cúl dúinn ar fad. Níor thaobhaigh sé an teach le tuilleadh agus ráithe. Is beag le beannú dhom a dhéanas sé anois. Ní ligfeadh sé isteach ina cheann chor ar bith nach mise a chuir suas le na scorachaí a dhul ag caitheamh dairteachaí leis
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeifí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nár caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin sa gcat mara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin ansin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleithiúnas a dhul ag déanamh spóirt san áit a mbeidh sé sin
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaol a chaitheamh ina bail. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeos uaithi. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon duine atá a fhios é ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaíúla go mór a fágáil ansin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcónaí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat, an ceann acu a thosaíos ar an gceird sin, go bhfuil sé de bheith uirthi gan éirí as dá dtugtaí an saol mór di
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair, mar adeir an ceann eile. Meas tusa an dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid allais ag iarraidh seanmhóinteáin atá ansin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon tabhairt go brách sa moing chaca sin
Ní raibh ann ach caitheamh dairteachaí le hais an chogaidh seo — ní fiú caint air (an cogadh deiridh 1914-1918) le hais an chogaidh seo; is measa go fada é an cogadh seo ná an cogadh deireanach; ní raibh gair ná gaobhar ag an gcogadh deireanach ar an gcogadh seo
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
Ní raibh ansin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionsaí sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thabharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon troid thútach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar a airdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá easna ann. Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
Ní raibh ann go dtí seo ach caitheamh dairteachaí nó go dteaga an firéad siúd ann. Tá sé chomh maith do L. a sheolta a ardú go dtí paer eicínt eile an uair sin. Chuirfeadh an firéad sin dhá chrígh Mhuire thrína chéile. Ní raibh dhá cheann an tí sin ariamh gan a bheith thrí lasadh — ariamh sa saol
Caitheamh dairteachaí a bhí ann arú aréir ar ghualainn na hoíche aréir. Ó stop! Bhí sé ina bhruithshléacht ceart. Ní bhfuair mé an oiread cuideachta ó rugadh mé. Bhí sé seo thoir ag sáraíocht agus ní thuigfeá focal sa gcéad uaidh le pislíní. Ní raibh duine sa teach nach ina éadan a bhí aréir. An C. scaití ag teacht leis, agus scaití ag cur ina aghaidh, lena splancadh tuilleadh. Grounds mhór atá ag an gC.
Ní raibh sa bpassáil(scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí más fíor dó fhéin, i gcomórtas an phassáil a chuaigh ar a mhac seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfaigheadh sé faoina foraí (fabhraí) é, hé brí (pé ar bith) céard a phassáil an mac
Ní raibh a dhul isteach sna póilíos fadó thar chaitheamh dairteachaí, i gcomórtas a dhul isteach iontu anois. Dhá mbeadh caraíochaí ar bith agat an uair sin — duine ar bith adéarfadh focal sa gcúirt duit — bhí leat. Ghlacfaí iontu thú gan stróbh ar bith (stró > stróbh i gcónaí i gcaint de bharr a bheith idir ghuthaí i gcónaí bunáite). Ach tá siad an-ghéar anois. Ní mór dhuit breacfhoghlaim mhór a bheith ort go nglacfaí thú. Nach iontu atá saint ag chuile dhuine anois!
Tá caint an-chrua i scéal atá ag M. C. Níl in Argóinteacht Oisín agus Phádraig ach caitheamh dairteachaí lena ais. Ní thuigfeá cuid den chaint siúd beag ná mór. Seanliagáistí móra atá ag an gC.
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá inti i gcomórtas oibre. Chonaic mise fadó nuair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtógthá do cheann chor ar bith, gheofá bóthar abhaile. Bhí siad dubhghéar. Chonaic mé meitheal ar fad — chomh maith le scór fear — dhá mbriseadh in éineacht ann aon lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabháil fhoinn. Ní raibh siad ala an chloig féin ina seasamh, nuair a díbríodh abhaile iad
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dúirt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orthu anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Ligfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shin
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraingeofaí anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanaíochta sin é deirimse leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Bhí sé thíos anseo thíos oíche aonaigh agus braon maith sa gcoirice aige. Má bhí féin bhealaigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionsaigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. 'Tá gabháltas maith go leor agat,' adeir sé, 'ach is gearr go mbí sé ina stopóig ort cheal a shaothraithe. Breá nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma ansin, isteach is amach ag cothú an dá splainc sin. Gheofá bean dhá mbeadh sé de ghus ionat fhéin í a iarraidh.' Níor labhair sé ar a inín féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a hiarraidh. Is beag nár thiomain sé air í. Ach ar ndóigh mo léan ní chorródh canta gelignite an fear thíos as an gcúinne
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
dall 3
Dalladh ceart é le dairteachaí ar an bportach inniu
 
díol 2
Is corónta an díol magaidh é. Níl aon ghair aige a dhul in áit ar bith nach mbíonn daoine ag caitheamh dairteachaí leis nó ag cumadh dhó. Feicim go mbíonn na gasúir féin ag siocadh leis anois
 
dris
Ara dris de chantalóir a bhí ann chuile lá ó rugadh é! Deile. Ar ndóigh nuair a bhí muid ina (ár) mbríthin (bíthin) óg fadó, agus muid ag caitheamh dairteachaí le chéile ar na portaigh théis an dinnéir, mo chroí ná raibh ag an diabhal go spréachfadh sé dhá mbuailtí scraith air