Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dallach dubh
ainmfhocal, fireann
níl aon iolra aige
1.
is cosúil gur sórt púicín é ó cheart ach má bhí an chiall sin ariamh leis, tá sí seargtha anois sa gcaint. Ní bhíonn i gceist i gcaint ach ciall a 2.
2.
dallamullóg, dalladh púicín, smearadh mogaill, ciméar, slám; an chluain Mhuimhneach, dóigh mhagaidh a dhéanamh de dhuine, an fhírinne nó an scéal a chur as a riocht ar dhuine; imeartas ar dhuine; an cluiche claonach a imirt ar dhuine, sop na geire a chuimilt de dhuine.
+
Chuir sé an dallach dubh ort. Breá ar ghéill tú dhó. Nach simplí an mhaise dhuit é feasta choíchin. Ag tabhairt scilling do shomachán nach raibh aithne ná eolas agat air, ar chuntar go dtabharfadh sé cigarettes agat. Bhí baol air go deimhin. Tá tú réidh le do scilling anois. Caith sneachta ar a lorg — gheall an gasúr dó go raibh a fhios aige féin áit a bhfaighfí toitíní, agus mheall sé scilling ón bhfear
Tá sí ag cur dallach dubh ceart air. Teagann seisean sé mhíle bealaigh "ag comhrá" léithe gacha le oíche agus fear eile in éindí léithe chuile oíche eile den tseachtain. Ní cheal muise nár hinsíodh dó sách minic cén aisiléireacht atá uirthi …
TUILLEADH (10) ▼
Go bhféacha Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéana sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé chomh saor sin agat: coróin is punt. Deir siad gur thug fear as M. hocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céanna … fuair muis. Tugadh sé buíochas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus chuile chosúlacht air go mba é a chaladh ar feadh na hoíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sé ag saighdeadh faoi, agus gur éirigh sé agus gur dheisigh sé an seanbhicycle nárbh fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilí
Séard a déarfainnse leat a dhéanamh ar chaoi ar bith má tá do leas ar Dhia, gan an áit sin a thaobhachtáil níos mó. M'fhocal duit go gcuirfí dallach dubh ar an nGadaí Dubh ansin. Ach oibrigh ort go bhfeice tú …
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharóiste! Thug an sagart punt dó nuair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéarchall. D'imigh leis agus d'ól sé é
M'anam muise gur fear é atá ag ritheach ar thanaíochan. Má bhuaileann sí siúd sciorta den dallach dubh air, go mbeidh scéal aige air.
Tá siad ag cur dallach dubh críochnaithe air síos anseo. Ní beo é go dté sé ann, agus teagann sé abhaile i gcónaí lena bholg bréaga. Cuirfidh siad thar bharr a chéille ceart leis an gcumadóireacht é
Bheadh S. sin ar siúl go gcuirfeadh sé dallach dubh ar Chearrbhach na Súgán. Tá an diabhlánach in ann na cártaí a dhathú. Murach go bhfuil, ní bheadh bua imeartha aige mar atá.
'Níor mhaith liom do bhris,' adeirim féin leis. 'Chreidim gur buaileadh an dallach dubh ort faoin gcruachín mhóna. Diabhal neart air. 'Sé J. F. an buachaill ag daoine simplí.' Spréach sé. Spréachann sé má chásaítear chor ar bith leis é, ní áirím a chásamh leis mar a rinne mise!
Nach lena aghaidh sin atá sí ann. Cén mhaith di a bheith ina bean leanna mura bhfuil sí in ann an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneáil ar strapa go gcaithe tú an chianóig dheiridh. Bóthar agus bata a thabhairt duit ansin. Is cóir adúirt an té adúirt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtabharfaidís dom lóistín na hoíche"
Nach air a bhí an dallach dubh a dhul ag pósadh na hágóidín sin!

Féach freisin