Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dallach dubh
ainm-fhocal, fireann
níl aon-iolraidh aige.
1.
is cosamhail gur sórt púicín é ó cheart ach má bhí an chiall sin ariamh leis, tá sí seirgthe anois ins an gcaint. Ní bhíonn i gceist i gcaint ach ciall a 2.
2.
dalladh mullóg, dalladh púicín, smearadh mogaill, ciméar, slám; an chluain Mhuimhneach, dóigh mhagadh a dhéanamh de dhuine, an fhírinne nó an scéal a chur as a riocht ar dhuine; imeartas ar dhuine; an cluithche claonach a imirt ar dhuine, sop na geirthe a chuimilt do dhuine.
+
Chuir sé an dallach dubh ort. Breagh ar ghéill tú dhó. Nach simplí an mhaise dhuit é feasta choidhchin. Ag tabhairt scilling do shumachán nach raibh aithne ná eolas agad air, ar chunntar go dtiubharfadh sé cigarettes agad. Bhí baoghal air go deimhin. Tá tú réidh le do scilling anois. Caith sneachta ar a lorg = gheall an gasúr dó go raibh a fhios aige féin áit a bhfuighfí tuitíní, agus mheall sé scilling ó'n bhfear
Tá sí ag cur dallach dubh ceart air. Teagann seisean sé mhíle bealaigh "ag comhrádh" léithe gacha le oíche agus fear eile in éindigh léithe 'chuile oíche eile de'n tseachtain. Ní cheal muise nar h-innsigheadh dó sáthach minic, cé'n aisiléaracht atá uirre …
TUILLEADH (10) ▼
Go bhféachaidh Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéanaidh sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé cho saor sin agad: coróin agus punt. Deir siad gur thug fear as M. h-ocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céadna … fuair muis. Tugadh sé buidheachas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus 'chuile chosamhlacht air go mbadh é a chaladh ar feadh na h-oíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air in a dheidh sin, an uair a thosuigh sé ag saghdadh faoi, agus gur eirigh sé agus gur dheisigh sé an sean-bhicycle nacharb fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh, a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilidhe
'Séard déarfainnse leat a dhéanamh ar chaoi ar bith má tá do leas ar Dhia, gan an áit sin a thaobhachtáil níos mó. M'fhocal duit go gcuirfí dallach dubh ar an nGaduidhe dubh annsin. Ach oibrigh ort go bhfeicidh tú …
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharáiste! Thug an sagart punt dó an uair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéar-chall. D'imigh leis agus d'ól sé é
M'anam muise gur fear é atá ag ritheach ar thanuidheachan. Má bhuaileann sí siúd sciorta de'n dallach dubh air, go mbeidh scéal aige air.
Tá siad ag cur dallach dubh críochnuighthe air síos annseo. Ní beo é go dteighidh sé ann, agus teagann sé abhaile i gcomhnuí len a bholg bréaga. Cuirfidh siad thar bharr a chéille ceart leis an gcumadóireacht é
Bheadh S. sin ar siubhal go gcuirfeadh sé dallach dubh ar Chearrbhach na Súgán. Tá an diabhlánach indon na cártaí a dhathú. Marach go bhfuil, ní bheadh buadh imeartha aige mar atá.
"Níor mhaith liom do bhris" adeirim féin leis. "Chreidim gur buaileadh an dallach dubh ort faoi'n gcruaichín mhóna. Diabhal neart air. 'Sé J. F. an buachaill ag daoine simplí". Spréach sé. Spréachann sé má chásuighthear chor ar bith leis é, ní áirighim a chású leis mar a rinne mise!
Nach len a aghaidh sin atá sí ann. Cé'n mhaith di a bheith in a bean leanna mara bhfuil sí indon an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneál ar stropadh go gcaithidh tú an chianóig dheireadh. Bóthar agus bata a thabhairt duit annsin. Is cóir adubhairt an té adubhairt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtiubharfaidís dom lóistín na h-oíche"
Nach air a bhí an dallach dubh a dhul ag pósadh na h-ágóidín sin!

Féach freisin

dallach dubh in iontrálacha eile (13)

 
foirm
Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
 
Níl aon-cheo dhá ndéanann duine as bealach i ngan-fhios ná i gcoimhfhios nach bhfuil scríobhtha síos annsiúd ar leabhar a' chunntais, a's dubhshlán aon-duine dallach dubh a chuir (a chur) ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfa na bréaga, a mhic ó.
 
cuach
Nach furasta cuid de na daoine a chuachadh suas. Dheamhan ann ach labhairt leo, a's cuirfe duine 'bith dallach dubh orra(b)!
 
buille
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin, nó má fhaghann sé buille bog a' bith ionnad, beidh sé a' tuinne(amh) leat, go gcuire sé an oiread de'n dallach-dubh ort, a's go ndeana tú margadh leis.
 
fás 2
Éist anois. Ní chuirfidh tú dallach dubh orm cho héascaidh sin. Níor fhás an craiceann cho bog sin orm! Ní pleidhce nó amadán amach agus amach mé
 
dairt
Bhí sé cho maith di anois a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le síleachtáil go gcuirfidh sí an oiread de'n dallach-dubh air sin agus go bpósfadh sé í. Ní phósfaidh muise cho uain agus a bhéas grian ag dul deiseall
 
Dhá ndiúltaigheadh sé an bhrothtuinn bhradach sin, b'fhéidir dó bun a dhéanamh fós, ach ní dhiúltóchaidh ná níl cuímne ar bith féin aige air. Tá an oiread de'n dallach dubh aca siúd air, agus nach mbíonn iabh ná forus air, mara mbeidh sé in a mbuil. Bíonn buadhannaidheacht eicínt ag cuid de na daoine le go mbíonn siad indon daoine eile a mhealladh mar sin
 
Bhí an-chaint annsin go mbeadh cogadh ann anuiridh, an uair a bhí na punncáin ag iarraidh na gcaltaí ar Devalera. Diabhal aithne a bhí orra timcheall annseo nach raibh siad "landáilte" ins an gC. Ach faoi cheann seachtaine, níor fhan smid ar bith faoi. Diabhal an focal. Sin é an doicheall mór ar bheagán fearthainn. Ara bhí ealadhain eicínt eile aca féin ann freisin le dallach dubh a chur ar na daoine. Sin í a gceird sin i gcomhnuí.
 
droim
B'fhearr dó go fada a dhruim a thabhairt do'n áit sin, agus gan é a thaobhachtáil beag ná mór. Tá siad ag cur dallach dubh air ann. Ach ní fhaghann duine ar bith a chomhairleachan in aisce, adeir siad
 
Má's isteach annsin atá sé ag dul faoi dheire thiar, dar fiadh tá sé ag dul ag greamú do'n díogha ceart. Dá mbeadh sórt meas ar bith aige air fhéin, ní thaobhóchadh sé iad sin — cineál na bhfaochan agus na ngliomaigh. Nach diabhaltaí mór an dallach dubh a bhíos ar dhaoine thar a chéile. B'fhurasta dhó sin a dhíol de bhean a fháil in a rogha áit ins an tír, thar agus a dhul go dtí an staiceallach mí-chuíbheamhail sin … Ní mise atá dhá rádh léithe. 'Sé ráidhte 'chuile dhuine é
 
Tithe sean-déanta iad sin, agus ní fheicfidh tú aon-fhraighfhliuchas ionnta, ní hé sin de na tithe nua-dhéanta é. Dheamhan ceó a cuireadh ag déanamh na dtithe nua sin ariamh ach sean-cheirteachaí agus fóide móna, agus scamall beag muirtéil taobh amuigh orra le dallach dubh a chur ar na daoine
 
Agad fhéin is fhearr a fhios cé'n chaoi le dhul dó. Mara bhfuil tusa indon dallach dubh a chur air, tá sé fánach againne
 
Tá sé sin cho críonna le na h-easógaí. Leigfidh sé air nach mbíonn sé ag iarraidh scéal ar bith, ach é igcaitheamh an achair ar a mhine ghéire ag iarraidh a dhul fút. An té nach mbeadh eolas aige air, chuirfeadh sé dallach dubh air