Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dallamullóg
ainmfhocal, fireann (téann an inscne le dalladh)
1.
slám, ciméar, mearbhall, dallach dubh nó dul amú a chur ar dhuine; mealladh a bhaint as duine, nó imeartas air.
+
Cuirfidh sé dallamullóg orm nó is cinniúint air é, ach dar fia má chuireann, ní bheidh aige ach malrait uair eicínt — mearbhall, ciméar
Nach deas a chuir sé dallamullóg anois ar J! Is fhearr liom é ná punt airgid in mo phóca. Bhí an oiread gaisce agus floscaí aige, mar dhóigh dhe nach raibh duine ar bith in ann imeartas air fhéin
TUILLEADH (2) ▼
Tá a shliocht orm. Ní bhuailfear an dallamullóg chomh réidh sin ormsa aríst, agus ní bhuailfí orm an uair sin fhéin é murach go mb'éigean dom a bheith isteach is amach chuile phointe ag faire ar bhó a bhí i dtinneas lao
Chuir siad an dallamullóg críochnaithe air lá is gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aici siúd, agus má bhí scór punt spré aici ba é a clochneart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aici ar chuma ar bith
2.
galra mullóg; cobha; scamall nó fionn a theagas ar shúile na gcaorach. Tugtar galra mullóg, dalladh mugóg agus cobha air freisin.
+
Tá dallamullóg ar na caoirigh sin thíos. Is furasta a aithinte ar a súile é. Bhí a fhios sin agaibh agus a bhfágáil chomh fada sa stopóig siúd
Deir siad go gcuirfeadh drochstolladh nó aimsir dhona an dallamullóg ar chaoirigh. Teagann scamall ar an tsúil má bhíonn an iomarca gairfin ann
TUILLEADH (3) ▼
Teagann dallamullóg ar na caoirigh as béal éadain ann. Ach is suarach an t-ionadh sin. Tá sé an-fhliuch. Tá an cat mara ar an gcimín dúrabháin sin le dallamullóg, mura mbeidh sé an-tirim, agus sin caoi nach bhfuil an áit sin
Mura bhfuil uirthi ach dallamullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bheas aon cheo dhó sin uirthi. Bhí na híochtair sin rófhliuch aici
Dheamhan thiomanta caora istigh ar do bhaile i mbliana nach bhfuil dallamullóg uirthi, hé brí cén smál atá ar an mbliain seo thar bhliain ar bith eile. Ach is smál féin é chreidim. An iomarca drochaimsir atá dhá dhéanamh déarfainn

Féach freisin

dallamullóg in iontrálacha eile (3)

 
deara
Measann tusa nach dtéann sé in éindí le cailín ar bith. Tabhair faoi deara! An cuimhneach leat an oíche a raibh muid ag an mbainis i S. Cé a bhí thiar sa tsáinn ag ceann bóithrín an T. an oíche sin … Sin é é. Is furasta dallamullóg a chur ortsa. Súm sám mar sin is measa a bheadh. D'íosfadh na muca ciúine féin triosc!
 
Talamh díobhálach do chaoirigh é. Teagann dallamullóg orthu as éadan ann
 
díon 1
Cró concrete é agus hé brí cén sórt suaitheadh a thug sé don choncrete nó cén bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin sna ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr balla fuar go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirim. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é mar a ghníodh na daoine ariamh. Tá chuile intreacht ag teacht amach anois, ach níl ina leath ach ealaín le dallamullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid